Sa bhliain1948 bhí toghchán san Afraic Theas, am a raibh anchinedheighilt fós i bhfeidhm. Ní raibh cead vótála ag nadaoine gorma. Mar sin bhí an chumhacht ag na daoine geala.
Ag an am sin ní raibh cead ag daoine gorma agus daoine geala pósadh lena chéile. Agus bhí bac ar ghnáth rudaí, ar nós na suíocháin chéanna a úsáid.
Sanollscoil, bhuail Nelson le daoine geala. Bhuail sé freisin le Joe Slovo[3], Walter Sisulu agus Oliver Tambo, daoine a raibh na smaointe céanna acu agus a bhí ag Nelson féin. Theastaigh uathu nadlíthe diana seo a athrú chomh maith.
1937
Sa bhliain 1953 thosaigh Mandela ag cleachtadh nadlí. Bhunaigh sé, in éineacht le hOliver Tambo, an chéad dlí-ghnólacht san Afraic Theas a raibh daoine gorma ina bhun.
Bhí sé ina dhlíodóir iJohannesburg den chuid is mó sna 1950í, go dtí gur sháraigh an bhaint a bhí aige leis an gComhdháil Náisiúnta Afracach air sin.
Nelson Mandela agus a chéad bhean, Evelyn, sa bhliain 1944
Chuaigh Nelson agus a chairde ar stailc sa bhliain 1960 iJohannesburg. Dá bhrí sin cuireadh Nelson ar triail (don chéad uair), ach níor tugadh aon phionós dó.
Sa bhliain 1962 cuireadh Mandela ar triail arís. Chaith séfionnadhliopaird chuig an chúirt agus rinne sé ‘salute’ go dtí na daoine gorma agus scread amach ‘amadla’.
Cuireadh Mandela faoi ghlas ón mbliain1962 go dtí1990. Chuaigh sé ar ais go dtí an chúirt sa bhliain 1964. Dúirt sé go raibh anrialtas freagrach as na drochimeachtaí sa tír. Cuireadh ar ais sa phríosún é. Chaith sé an chuid is mó den am i gcill bheag amháin, ar Oileán Robben.
Agus é faoi ghlas ag an réimeas apartheid ó 1962 go dtí 1990, fuair sé céim LLB óOllscoil Londain, trí chúrsa comhfhreagrais de chuid Halla Wolsey, Oxford. Thug sé faoi sin, ó am go chéile, nach mór an tréimhse ar fad a bhí sé i bpríosún.
Scaoileadh Mandela ón bpríosún ar an11 Feabhra1990, tar éis 27 bliain.
Ar27 Aibreán1994 tháinig daoine geala agus gorma le chéile agus vótáil siad Nelson maruachtarán na hAfraice Theas. Ba é Mandela an chéad uachtarán ar an tír a toghadh i dtoghchándaonlathach. Uachtarán rathúil ab ea é ach níor ghlac sé páirt sa toghchán sa bhliain1999 mar theastaigh uaidh go mbeadh duine níos óige mar uachtarán. Fuair sé bás ar an5 Nollaig2013.
1993, F.W. de Klerk, a chlé agus Nelson Mandela, Philadelphia, Pennsylvania
Léirítear oiliúint Mandela sa dlí agus an taithí a bhí aige air sa spéis domhain a bhí aige i ndréachtúBhunreacht na hAfraice Theas agus i mbunú na Cúirte Bunreachtúla—dhá ghné ríthábhachtacha den Afraic Theas nua, dar le Mandela.[4]
BhronnBaile Átha Cliath saoirse na cathrach ar Nelson Mandela sa bhliain 1988. Bhí sé i bpríosún ag an am ach thug a bhean chéileWinnie cuairt ar Éirinn. Roghnaigh Mandela an ócáid seo mar a chéad sheans i 26 mbliana teagmháil a dhéanamh leis an domhan mór.[5]
Tháinig Nelson Mandela ar cuairt go hÉirinn trí huaire:[6]
1990 – tar éis teacht amach ón bpríosún dó. Ní raibh sé i bhfad i ndiaidh a shaoirse a bhaint amach gur thaistil sé go hÉirinn le buíochas a ghabháil le daoine.