Galar dian ina dtarlaíonn eachtraí dúlagair is giúmair aeraigh/mháinigh arís is arís eile is eaneamhord dépholach.[1] I measc na siomptóm in eachtra mháineach, tá cailliúint ghnáth-thoirmeasc sóisialta, greannaitheacht,hipirghníomhaíocht, meidhir, smaointeoireacht is urlabhra bhrostaithe, siabhráin, agus uaireanta siabhránachtaí. In eachtra dúlagair, bíonn easpa fuinnimh, mothúcháin neamhfhiúntais, agus athruithe i bhfeidhmithe fiseolaíocha (codladh suaite, mar shampla).[2]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar asFréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an OllamhMatthew Hussey, foilsithe agCoiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Issíol faoingalar é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.