Ba éNaomh Síomón Peadar ceannaire na n-aspal agÍosa Críost. Rugadh é i mBeitsaide na Gailíle timpeall am Chríost. Bhí sé ina iascaire nuair a ghlaoigh Críost air agus a dheartháirAindriais, a bhíodh ina dheisceabalEoin Baiste roimhe. Tá pictiúr níos iomláine againn ar Pheadar ó na ceithre shoiscéal nó mar atá ar na haspail eile. Cé go suntasach gurbh eisean an ceannaire ar an dáréag, shéan sé a mháistir faoi thrí le linn na páise.
Tar éis aiséirí agus deasgabháil Íosa Críost, ghlac Peadar ceannaireacht ar an Eaglais. Dar le Caitlicigh, b'eisean an chéadPápa a bhí ann. Úsáidtear, i measc nithe eile, an téacs ó Mhatha 16:18-19 ina dtugtar eochracha Ríocht na bhFlaitheas dó le n-é sin a chosaint. Cé go n-aontaíonn Ceartchreidmhigh leis sin, ní aontaíonn siad gur ionann sin agus an suíomh atá ag Pápa na Róimhe anois. Ní dhéanann Protastúnaigh an ceangal céanna.
D'imigh Peadar go hAntioch go luath i ndiaidh aimsir Ghníomhartha na nAspal agus b'eisean an chéad easpag ann. Ó shin, d'imigh sé chun na Róimhe, inár bhunaigh sé an Eaglais ansin. Céasadh é bun os cionn sa bhliain 67 i nGearleanúint na gCríostaithe in aimsir an SaesarNero tar éis tine mhór na Róimhe. Insítear scéal faoin eachtra seo ar a dtugtarQuo vadis? CuireadhNaomh Pól chun bás saRóimh ag an am céanna. TháinigNaomh Línus i gcomharbacht air mar Phápa.