Bhí naViseagotaigh (Laidin:Visigothi, Wisigothi, Vesi, Visi, Wesi, nóWisi) agus na hOstrogotaigh an dá ghrúpa den treibh Ghotach in oirthear na Gearmáine. Le chéile is iad seo na treibheanna a chuir isteach arImpireacht na Róimhe i rith Tréimhse an Imirce (300-700). Throid na Viseagotaigh in aghaidh na Rómhánach i rith an4ú haois, agus sa bhliain410 d'ionsaigh siadan Róimh faoin Rí Alaric.
Faoi dheireadh lonnaigh siad i ndeisceart an Ghaill mar foederati na Róimhe. Thit siad amach leo agus bhunaigh siad a ríocht féin leis an bpríomhchathair iToulouse. Go mall, shín siad a réim amach i dtreo naSpáinne, ag fáil réidh leis na Vandail. Sa bhliain507 agCath Vouillé, bhris na Francaigh, faoin RíClóbhis I iad. Tar éis é sin ní raibh achSeptimania acu i ndeisceart na Fraince agus bhí a ríocht teorannaithe ag an Spáinn, bhris siad an cúige Biosantánach Spania agus Ríocht Suebeach an Ghailís agus bhí an leithinis iomlán tógtha acu.
Timpeall na bliana589, thiontaigh na Viseagotaigh, faoi Rí Reccared I, ón Chríostaíocht Airiasach, go dtí an creideamh Nícé. Tá foinsí stairiúla na tréimhse scáinte. Sa bhliain711 nó712 bhris fórsaí Arabacha agus Beirbeireacha airm Viseagotacha agCath Guadalete agus cailleadh ceannairí tábhachtacha, ina measc Rí Roderick na Viseagotach. Ina dhiaidh sin, agus de bharrIonradh na Moslamach, thit an ríocht as a chéile, tá staraí fós ag plé chúiseanna na titime. Lean féiniúlacht Ghotach ar aghaidh i ndiaidh titim na Ríochta, go háirithe i Ríocht Asturias agus an Marca Hispanica, ach d'imigh na Viseagotaigh mar threibh as.
Tá a lán fágtha ina dhiaidh ag na Viseagotaigh, ina measc eaglaisí agus cathracha móra (an t-aon grúpa a thóg cathair nua tar éis na Rómhánaigh agus roimhna Cairilínsigh. An oidhreacht is fearr a d'fhág siad ina dhiaidh ná an córas dlí, an Liber iudiciorum, a raibh mar bhunús don modh dlí go dtí deireadh na meánaoiseanna.