Ba ghrúpa treibheanna iadna Ceiltigh a bhí i gceannas ar chuid mhór denEoraip roimh theacht chun cinn naRóimhe. Sa tríú haois roimh Chríost ba iad na Ceiltigh a bhí i gceannas, óÉirinn is ón mBreatain sa tuaisceart, saFhrainc is saSpáinn ó dheas agus chomh fada soir agus na Balcáin isan Tuirc. Níor dream amháin a bhí iontu, áfach, ach grúpaí lena ríthe féin, cé go raibh an teanga is an cultúr céanna acu uile.[1]
Leathnú na gCeilteach Léiriú de leathnú na gCeilteach Lárionaid :H : IonadHallstatt,L : IonadLa Tène, Réigiúin :B :Éire agusan Bhreatain Mhór,I :An Ibéir,G : Galataigh Áiteanna :1 : cliabhán an chultúir, 2 : leathnú is mó (deireadh an 3ú haois RC)
Leathadh na gCeilteach, de réir an tsean-nóis: Buí: críocha Hallstatt faoin séú haois RC; Glas: tionchar Ceilteach is leithne faoi 275 RC; Bánghlas: ceantarLúsatánach san Ibéir le tionchar Ceilteach éiginnte: Dubhghlas: ceantair ina labhraítearTeangacha Ceilteacha go forleathan inniuAn Gallach ag Éag, dealbh Rómhánach
Is doiléir agus conspóideach é an gaol idir eitneacht, teanga agus cultúr sa domhan Ceilteach.[10] Tá achrann ann go háirithe ar nó nár Ceiltigh iad dreamanna lonnaithe in Éirinn agus sa Bhreatain le linn nahIarannaoise.[7][10][11][12]
AnSciath Battersea, sciath chré-umha dheasghnátha den 3ú–1d aois RC, sampla d'ealaíon La Tène as anmBreatainCrois cheilteach
Dar le smaoineamh eile, tháinig na prótai-Cheiltigh chun cinn níos luaithe le linn na Cré-Umhaoise ar an gcósta Atlantach agus gur leathadar soir, chomh fada is lárna hAnatóile.[16]
Ba iad na Gréagaigh a d’úsáid an focalKeltoi i dtosach, ar Jenkins.[1] Barbaraigh a bhí i gceist acu.
Le himeacht ama, roinneadh Ceiltigh na n-oileán ina nGaeil (na hÉireannaigh,na hAlbanaigh agusna Manannaigh) agus ina mBriotanaigh Cheilteacha (na Breatnaigh,na Cornaigh agusna Briotánaigh) de chuid na meánaoise agus inniu.[4][18][19] Tháinig daoine uaireanta aníos thar farraige as an Spáinn agus as an bPortaingéil. Bhí taisteal ar farraige i bhfad níba sciobtha ná turas ar an talamh. Aistear a thógfadh mí de shiúl cos d’fhéadfaí é dhéanamh in imeacht lae ar farraige.[1] Níor tháinig na daoine sin aníos in aon sruth leanúnach amháin ar ndóigh.
Cruthaíodh féiniúlacht Ceilteach nua-aimseartha mar chuid den Athbheochan Cheilteach le linnna Ré Rómánsaí sa Bhreatain agus in Éirinn, maraon le háiteanna eile san Eoraip amhail isan Ghailís.[20]
↑Waldman & Mason 2006, p. 144 harvnb error: no target: CITEREFWaldmanMason2006 (cabhair). "CELTS location: Greater Europe time period: Second millennium B.C.E. to present ancestry: Celtic