Is ceann de na 31 stát de chuidMheicsiceo éMorelos, agus é suite i lár na tíre. Is éCuernavaca an phríomhchathair agus an chathair is mó daonra. Is é Morelos an dara stát is lú i Meicsiceo ó thaobh achair de, agus é beagán níos lú náTlaxcala. Bhí 1,819,892 duine ina gcónaí ann sa bhliain2012.
Sa réamheaspáinneach ré, thosaigh an Mexica nó Aztec ag teacht chomh luath le 1398, agus bhí tionchar an-mhór acu ar an gceantar seo sa 1420.
Cuid de státMeicsiceo ab ea Morelos go dtí1869, bliain inar fhógairBenito Juárez stát Morelos in onóir José María Morelos y Pavón, an té a chosain an chathairCuautla i gcoinne fórsaí ríoga naSpáinne le linn Chogadh an Neamhspleáchais.
Tá Morelos beagán níos boichte ná an meán i measc stát na tíre. Mar gheall ar an aimsir shéimh a bhíonn ann, saothraítear barra i Morelos an bhliain ar fad agus de gach aon chineál. Bíonn ancána siúcra tábhachtach, chomh maith le bláthanna,rósanna go háirithe. Oibríonn breis is 68,000 duine (1.4% d'oibrithe Morelos) i ndéantóireacht earraí:feithiclí,ceimicigh,teicstílí,suimint,páipéar agusbianna. Tugann turasóirí cuairt ar chuid de na bailte beaga traidisiúnta sa stát, agus bíonn tithe saoire ann ag a lán daoine óChathair Mheicsiceo.
Issíol faoi thíreolaíochtMheicsiceo é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.