Sa bhliain 2022, bhí timpeall 220,000 fostaí ag Microsoft ar fud an domhain.[1] In 2023, áfach, bhí an earnáil teicneolaíochta sna Stáit Aontaithe ag cúlú agus bhí oibrithe á ligean chun siúil ag na comhlachtaí ríomhaireachta is mó. D’eascair an méid sin as an rófhás a tháinig ar an earnáil teicneolaíochta idirnáisiúnta sna blianta roimhe sin.
I dtús na bliana 2023, bhí sé beartaithe ag Microsoft níos mó ná 10,000 fostaí a ligean chun siúil in ionaid éagsúla ar fud an domhain.[2] Ag an am, mhaígh príomhfheidhmeannach an chomhlachtaSatya Nadella "go raibh custaiméirí ag iarraidh níos mó ama a chaitheamh sa saol digiteach, ach an t-am céanna go raibh siad ag iarraidh níos lú airgid a chaitheamh air".[3]
Bhí breis agus 3,500 duine fostaithe ag Microsoft in Éirinn roimh 2023 - idir na ranna oibríochtaí, díolacháin, innealtóireachta agus forbartha táirgí.[2] D'fhógair an comhlacht i dtús na bliana 2023 go raibh sé i gceist aige 180 fostaí in Éirinn a ligean chun siúil.[3]