Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 16 Nollaig 1969 55 bliana d'aois Ráth Cúil, Éire ![]() |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Houston![]() |
Meáchan | 71 kg |
Airde | 160 cm![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | snámhóir, abhcóide![]() |
Tír spóirt | Éire![]() |
Spórt | snámh![]() |
Ghlac sé/sí páirt i | |
26 Iúil 1996 | swimming at the 1996 Summer Olympics – women's 200 metre butterfly(en)![]() |
24 Iúil 1996 | swimming at the 1996 Summer Olympics – women's 200 metre individual medley(en)![]() |
22 Iúil 1996 | swimming at the 1996 Summer Olympics – women's 400 metre freestyle(en)![]() |
20 Iúil 1996 | swimming at the 1996 Summer Olympics – women's 400 metre individual medley(en)![]() |
1992 | Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1992 |
1988 | Cluichí Oilimpeacha an tSamhraidh 1988![]() |
![]() ![]() ![]() |
Is iarshnámhóirÉireannach íMichelle Smith nóMichelle de Bruin mar a thugtar uirthi anois. Rugadh í ar an16 Nollaig,1969 iRáth Cúil,Co. Bhaile Átha Cliath. Bhain sí cáil amach ag naCluichí Oilimpeacha in Atlanta i 1996 nuair a bhuaigh sí trí bhonn óir agus bonn cré-umha amháin.[1][2]
Ach tharraing sí conspóid uirthi féin sa bhliain 1998 as cur isteach ar shampla fuail, a thug sí i dtástáil drugaí.[3][4][5][6][7][8]
Bhí an-suim ag Michelle Smith sa snámh agus í trí bliana déag. Bhíodh sí ag éirí ag a cúig ar maidin chun a cuid snámha a chleachtadh agus ag glacadh páirt i gcomórtais shnámha.
In 1988, agus 19 bliain in aois di, ghlac sí páirt sna Cluichí Oilimpeacha inSeoul. ach theip uirthi dul níos faide ná na staideanna cailíochta.
Go gairid ina dhiaidh sin bhog sí goMeiriceá, áit ar fhreastail sí ar OllscoilHouston inTexas agus bhí sí ina ball den fhoireann shnámha. De réir a chéile, tháinig feabhas ag teacht ar a meán-am cuarda snámha.
In 1992 d'fhág sí Ollscoil Houston le céim sachumarsáid. I samhradh na bliana sin, ghlac sí páirt sna Cluichí Oilimpeacha inBarcelona. Ach arís níor éirigh go rómhaith léi sna cluichí sin.
In 1993 thosaigh an t-iariomaitheoir Oilimpeach Erik de Bruin[9] á traenáil. Leis na teicnicí nua a mhúin sé di, d’éirigh léi an cúigiú háit a bhaint amach sa rás féileacáin 200m sna Craobhchomórtais Dhomhanda i 1994.
I 1995 chruthaigh Michelle curiarrachtaí nua Éireannacha sna rásaí saorstíle 50m, 100m, 400m agus 800m i gCraobh na Eorpa iVín. Chruthaigh sí curiarrachtaí nua freisin sa snámh droma 200m, sa snámh féileacáin 100 agus 200m agus sa mheascra 200m agus 400m. Ócáid stairiúil í mar gurbh í an chéad Éireannach mná chun dhá theideal Eorpacha a bhaint amach sa snámh.
Idir 20-26 Iíol 1996 rinne Michelle éacht nuair a bhuaigh sí ceithre bhonn inAtlanta, Georgia,[10][1]
an chéad bhean as Éirinn a bhuaigh bonn óir riamh.
I ndiaidh di na boinn a bhuachan, cuireadh dopáil ina leith, rud nár dearbhaíodh ag an am.
Bhí conspóid ann díreach roimh na Cluichí Oilimpeacha nuair a tháinig ansnámhóir MeiriceánachJanet Evans, curiarracht dhomhanda 400 méadar sa saorstíl ag an am, sa naoú háit sna babhtaí cáilithe. Ar mire, mhaígh sí go raibh Smith ró-dhéanach ag cur iarratas isteach don rás. Bhíodh sé ina ruaille buaille sa Chumann na gCoistí Náisiúnta Oilimpeacha. Ansin nuair a theip ar Evans dul ar aghaidh, chuir sí dópáil i leith Michelle Smith. Ghabh sí a leithscéal le Smith as é a dhéanamh nuair a bhí na cluichí thart.[11][12]
Phós Erik de Bruin agus Michelle Smith níos déanaí sa bhliain 1996.
In 1997 ghlac Smith páirt i gCraobh na hEorpa inSeville, áit ar éirigh léi dhá bhonn óir agus dhá bhonn airgid a thabhairt léi.
I Lúnasa 1998, dhá bhliain i ndiaidh na gcluichí inAtlanta, cuireadh cosc ceithre bliana ar Smith páirt a ghlacadh i gcomórtais. Fuarthas ciontach í as cur isteach ar shampla fuail, a thug sí i dtástáil drugaí i mí Eanáir 1998,[13] trí alcól (fuisce) a mheascadh tríd.[14]
Ansin i Lúnasa 1998. thug an t-anailísí snámha Gary O'Toole le fios go n-éireodh go maith le Smith sna comórtais sna blianta 1994-96, ach bhí sé deacair le creidiúint gur tháinig an feabhas mór uirthi mar gheall ar chúiseanna nádúrtha.[15]
Chuir De Bruin i gcoinne an chinnidh sin sa Chúirt Eadráin le haghaidh Spóirt (CAS). D'éist painéal de thriúr dlíodóirí spóirt lena cás, an Briotanach Michael Belcoff QC ina measc. Éistíodh leis an gcás go poiblí ar iarratas a dlíodóra. Mar gheall air sin tugadh le fios don phobal go raibh rian den druga corpfhorbartha Androstenedione sna trí shampla a tógadh idir mí na Samhna 1997 agus mí an Mhárta 1998.
Cé gur bhain conspóid leis na gaiscí a rinne sí, níor tógadh na boinn Oilimpeacha uaithi. Go dtí an lá atá inniu ann, is í Michelle De Bruin an tOilimpeach Éireannach is rathúla a ghlac páirt sna cluichí riamh.
Sa bhliain 1999, tháinig deireadh oifigiúil le gairmréim Michelle Smith de Bruin mar shnámhóir iomaíoch. Ach bhí tionchar ag gach a tharla di sa Chúirt Eadráin agus mhúscail an t-eispéireas sin a suim i gcúrsaí dlí.
D'fhill sí arOllscoil na hÉireann, Baile Átha Cliath, áit ar bhain sí céim amach sa dlí. Ina dhiaidh sin d’fhreastail sí arÓstaí an Rí i mBaile Átha Cliath, áit ar bronnadh céim marabhcóide uirthi i mí Iúil 2005. Is ansin a bhuaigh sí an comórtas inmhéanach ardcháilithe, Brian Walsh Moot Court. D'fhoilsigh Thomson Round Hall, a céad leabhar, "Transnational Litigation: Juisdiction and Procedure" i 2008.
In 2007 ghlac Michelle páirt sa chlárCelebrities go Wild don eagraíocht charthanachtaPeople in Need. Chríochnaigh sí sa dara háit sa tsraith sin (dhiúltaigh sí dul ar an gclárThe Late Late Show leis na hiomaitheoirí eile ar fhaitíos go gcuirfí ceisteanna uirthi maidir lena gairmréim snámha).
Tá Michelle Smith de Bruin ag obair anois mar abhcóide sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath.