Is í Meice an chathair is naofa inIoslam. Táal-Masjid al-Haram ("An Mosc Naofa") suite sa chathair, agus is é an áit is naofa sa dhomhain, de réir naMoslamach.
Iscathair oilithreachta í Meice. Tá oilithreacht bhliantúil ann, anhajj. Tá sé ar na cúig dhualgais reiligiúnach atá ar gach Moslamach an hajj a dhéanamh uair amháin i saol an duine, ar a laghad.
Tarlaíonn anhajj i mí Du al-Hijja, anmí deireanach san fheisire na gealaí Ioslamach. Glacann na milliúin Moslamach páirt ann gach bliain.
Bíonn an Déardaoin ar an lá is contúirtí denhajj gach bliain, mar go dtiteann sé ar Eid al-Adha, lá a maraíonn Moslamaigh caora agus de bharr go mbíonn an oiread sin oilithrigh ag marú na n-ainmhithe san aon áit amháin, ag an t-am céanna.
Makkah, in aice le Meice, ó Abraj Al-Bait.
Ar an24 Meán Fómhair2015, bhí timpeall 2,500 básaithe;[1] b'amhlaidh a brúadh i mullach a chéile iad. Dúirt anrialtas nach maraíodh ach 700, agus gur bhraith sé go raibh a locht fhéin ar roinnt oilithreach mar nár lean siad treoracha faoi mar ba cheart dóibh,[2]
Bhí fiosrúchán iomlán ordaithe ag Rí na hAraibe Sádaí, Salman, faoin mbealach a n-eagraítear an oilithreacht bhliantúil. Ach dúirt Rialtas na hIaráine gur chóir don Araib Shádach freagracht iomlán a ghlacadh as ar tharla.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.