Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Meatán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Comhdhúil CheimiceachMeatán

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachgás
Mais mhóilíneach16.031 Da
Fionnachtaí nó aireagóirAlessandro Volta
Dáta fionnachtana nó tionscnaimh1777
Tacsón ina n-aimsítear é
Rólgás ceaptha teasa agusreducing agent(en)Aistrigh
Struchtúr ceimiceach
Foirmle cheimiceachCH₄
SMILES canónta
InChIModel 3D
Airí
Dlús0.717 kg/m³ (a 0 °C,gás)
422.36 kg/m³ (a −161.6 °C,leacht)Cuir in eagar ar Wikidata
Luas forleata fuaime1,337 m/s (−161.5 °C,leacht)
450 m/s (27 °C,gás)Cuir in eagar ar Wikidata
Móimint leictreach dhépholach0 D
Pointe leáite−182.49 °C
−182.46 °CCuir in eagar ar Wikidata
Fiuchphointe111.4 K (a 1 atm)
−161 °C (a 101 Pa)
−161.48 °C (a 101.325 kPa)Cuir in eagar ar Wikidata
Eantrópach mólarach caighdeánach186.3 J/(mol K)
Móimint leictreach dhépholach0 D
Eantalpacht chaighdeánach an fhoirmithe−74,520 J/mol
Combustion enthalpy(en)Aistrigh−890.3 kJ/mol
Guais
Teocht uathadhainte537.8 °C
Global warming potential(en)Aistrigh28 agus 84
NFPA 704: Standard System for the Identification of the Hazards of Materials for Emergency Response ()Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
éadathachas agusodorlessness(en)Aistrigh

CH4 is eameatán, an t-alcán (hidreacarbón pairifín) is simplí dá bhfuil ann,[1] agus gás ceaptha teasa atá níos contúirtí náCO2.[2] Is é is meatán bithghineach ná meatán a tháirgeann agus a scaoileann orgánaigh bheo amhail plandaí agus ainmhithe (mar shampla, goilí bó agus fásra atá ag lobhadh).[3]

Cuireannastaíochtaí meatáin go mór le téamh domhanda.

Bunú
2017
ní mór dúinn astúcháin dhíobhálacha a laghdú
lúb  aischothaithe

Ceimic

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Cruthteitrihéidreach atá ar anmóilín, agus is tábhachtach an cruth sin sacheimic orgánach.Gás inlasta gandath ganbholadh, príomhchuid denghás nádúrtha. Éiríonn sé trí dhianscaoileadh anaeróbach, asseangáin ar thalamhdhífhoraoisithe,mianaighguail, dumpaí,portaigh, dóiteáinforaoise, agus bealaí díleáite na mílte milliún ainmhithe ardomhan. Gásportaigh a thugtaí air leis na céadta bliain.[4]

Iarmhairt cheaptha teasa

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Measann na heolaithe go bhfuil breis is dúbailt ar an tiúchan meatáin san aer le 300 bliain anuas, ó 650 cuid sa bhilliún go dtí 1700 cuid sa bhilliún, agus go bhfuil sé ag méadú 1% gach bliain anois. Cuireann sé go suntasach leis aniarmhairt cheaptha teasa sanatmaisféar agus le timpeall 25% den fhorthéamh domhanda atá ag tarlú de bharr sceitheadh gáis cheaptha teasa ag an gcine daonna.[4]

B'fhusa iarmhairt meatáin sa phróiseas seo a laghdú ná iarmhairtdé-ocsaíd charbóin, de bhrí nach maireann sé ach 10 mbliain sanatmaisféar (maireann dé-ocsaíd charbóin timpeall 200 bliain) agus nach gá ach gearradh siar 20% ar a tháirgeadh chun a thiúchan san atmaisféar a laghdú. Tá an tuairim ag eolaithe ar leith go raibh tionchar tábhachtach ag meatán i dtéamh is fuarú an domhain sna hoighearaoiseanna seo caite.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. Bíonn foirmle den saghas CnH2n+2 ag gach ball den aicmealcánach.
  2. "Margadh domhanda déanta den chéad uair chun aistriú ó bhreoslaí iontaise" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-12-13). Dáta rochtana: 2023-12-13.
  3. "Astaíochtaí Meatán Bithghineach" (ga-IE). Treoir ar Bhéarlagair Aeráide. Dáta rochtana: 2025-09-07.
  4. 4.04.14.2Matt Hussey (2011). "Fréamn an Eolais" (Coiscéim). 
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Meatán&oldid=1279034"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp