| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1942 82/83 bliana d'aois An Chathair, Éire |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | fisiceoir |
Tá aithne ar an OllamhMatthew Hussey mar Cheann ar roinn na fisice agus mar Stiúrthóir/Déan ar Dhámh na hEolaíochta inInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, agus mar scríbhneoir leis na blianta, i nGaeilge agus i mBéarla, maidir le cúrsaí teicniúla. Is iomaí alt atá scríofa aige, agus is é atá laistiar den chiclipéid eolaíochta is cuimsithí dá bhfuil ann sa Ghaeilge,Fréamh an Eolais.[1] Ina chuid scríbhinní Gaeilge, is ar an ngnáthléitheoir ar suim leis cúrsaí teicniúla a dhíríonn sé.
Rugadh é i gCathair Dhún Iascaigh, i gcroílárChontae Thiobraid Árainn,[2] duine as clann dháréag.
Bhain an tOllamh Matthew Hussey céim san innealtóireacht amach i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, sa bhliain 1963 (BE). Thug sé aghaidh ansin ar na Stáit Aontaithe, go hOllscoil PhennsylvaniaPhiladelphia, áit a bhain sécéim mháistreachta (MSc) aguscéim dhochtúireachta (PhD) amach faoi seach sna blianta 1967 agus 1970. Agus é ar an ollscoil sna Stáit, bhí sé gafa go dlúth le hobair taighde i réimse nabithinnealtóireachta.
Sa bhliain 1970, d'fhill sé ar an Eoraip, go Glaschú na hAlban, áit ar ghlac sé le post mar fhisiceoir sinsearach leis an Seirbhís Náisiúnta Shláinte agus Scoil na Fiaclóireachta in Ollscoil Ghlaschú. Agus é ansin, rinne sé taighde, forbairt, múineadh, agus léachtóireacht, mar aon le seirbhísí cliniciúla a chur ar fáil maidir le hultrafhuaim,séadairí cairdiacha, tomhais chliniciúla is bith-ábhair fhiaclóireachta.

Sa bhliain 1975, d'fhill sé ar Éirinn agus ceapadh é mar léachtóir inInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, i Roinn na Fisice, agus mar Cheann na roinne sin sa tréimhse 1983-1995. Díreach ina dhiaidh sin ceapadh é mar Stiúrthóir/Déan ar Dhámh na hEolaíochta, post a bhí aige go dtí go ndeachaigh sé ar scor sa bhliain 2007. Lean sé air i mbun taighde agus léachtóireachta sa choláiste thar an achar seo go léir, mar aon le bheith gafa le gcúrsaí riaracháin, go háirithe le forbairt ar chláir acadúla agus le forbairt straitéiseach i gcúrsaí ardoideachais. Lean sé air i mbun scríbhneoireachta agus é san institiúid, mar is léir óna tháirgiúlacht thar na blianta.
Agus é óg, agus fós ina chónaí i gCathair Dhún Iascaigh, léirigh sé an-spéis i gcúrsaí spóirt. Bhí sé gafa le liathróid láimhe, iomáint, peil, rith trastíre agus é i mbun staidéir. Bhí sé ar an bhfoireann a bhuaigh craobhacha contae (óigeanta agus mionúr) sa pheil agus craobhacha an chontae theas (óigeanta agus mionúr) san iomáint, ré beag órga sa chlub áitiúil. D'imir sé peil mionúr do Thiobraid Árann ar ócáid amháin.
Tar éis dó bogadh go Baile Átha Cliath, agus é ag freastal arCholáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath, d'imir sé liathróid láimhe (mionúr) do chontae Bhaile Átha Cliath. Bhuaigh sé craobhacha contae sa liathróid láimhe (óigeanta, sóisearach is sinsearach) i mBaile Átha Cliath. Chabhraigh sé le club liathróid láimhe a eagrú san ollscoil agus bhí sé ar fhoireann an choláiste a bhuaigh an chéad chomórtas idir-ollscoileanna uile-Éireann.
Tá breis agus 70 caibidlí leabhar agus páipéir in irisí údarásacha chomh maith le timpeall agus 150 léachtaí agus tuarascálacha tugtha ag an Ollamh Hussey do chomhdhálacha léinn san Eoraip, san Áis agus i Meiriceá ar raon leathan ábhar sabhithinnealtóireacht agus sabhithfhisic; forbairtí san íomháú le hultrafhuaim, teicníochtaíDoppler ina measc;íomháú ginearálta sa leigheas; airíonna agus forbairtí i mbith-ábhair fhiaclóireachta;fuaimíocht, fuaim agus creathanna; fadhbanna fuinnimh; oideachas san eolaíocht; fealsúnacht, pleanáil straitéiseach san ardoideachas; cinntiú caighdeán sa mhúineadh agus sa taighde san ardoideachas.
Tá 28 tráchtas nó leabhar foilsithe aige thar na blianta, óna thréimhse sna Stáit Aontaithe go dtí an lá inniu, agus réimse leathan ábhar faoi chaibidil iontu. Tá foilseacháin ann ar chúrsaí leighis, cumhachta, innealtóireachta,réalteolaíochta, mar aon le téacsleabhair meánscoile agus eile. Seo liosta díobh, eagraithe de réir cineáil:
I measc na bhfoilseachán a chuir an tOllamh Hussey ar fáil áirítear líon nach beag atá i nGaeilge. Dála na bhfoilseachán eile aige, is ar ábhair theicniúla nó oideachasúla iad.