PolaiteoirÉireannach ba eaJames Martin Pacelli McGuinness nóMáirtín Mac Aonghusa (23 Bealtaine1950 –21 Márta2017).
Ba bhall d'Ard ChomhairleShinn Féin é, agus d'admhaigh McGuinness go raibh sé ina bhall denIRA Sealadach sna1970dí.[1] Tá sé molta ar fud na cruinne mar fhearsíochána, ach bhí ceisteanna i gcónaí faoi ag daoine ar mharaigh anIRA a ngaolta.[2]




Nuair a fógraíodh sos comhraic i 1994 i dTuaisceart Éireann, ba é McGuinness, ‘fear crua an IRA’, go háirithe a thug daoine a bhí in amhras faoin gcur chuige nua ar bhealach nasíochána[3]. Mar phríomh-idirbheartaí Shinn Féin, chothaigh sé caidreamh go héasca le lucht idirbheartaíochta ar gach taobh d’ainneoin a cháil mar fhear crua an IRA.
Bhí páirt thábhachtach ag McGuinness sna cainteanna uileghabhálacha ar siúl idir na páirtithe sna1990idí. Ba é an toradh a bhí ar an próiseas sin náComhaontú Aoine an Chéasta a shínighrialtais na hÉireann agus naBreataine ar an10 Aibreán1998. Bhí McGuinness ina phríomh-idirbheartaí as Sinn Féin ag an am sin.
Toghadh inafheisire Parlaiminte é i 1997 agus inatheachtaTionóil i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998.
Ceapadh é marAireOideachais i bhFeidhmeannas an Tuaiscirt, ó 2 Nollaig 1999 – 14 D.F. 2002.
Ceapadh McGuinness ina Leas-Chéad-Aire Thuaisceart Éireann sa chéad Feidhmeannas Comhroinnte Cumhachta (8 Bealtaine 2007 – 9 Eanáir 2017). Chuir an ceapachán alltacht arAontachtaithe, ach thuill sé meas na ndaoine a bhí ag obair leis.[3]
Ainmníodh McGuinness ag Sinn Féin dotoghchán uachtaránachta na hÉireann ar an16 Meán Fómhair2011.
D’éirigh McGuinness as an leas-chéad-aireacht i mí Eanáir 2017, i ngeall ar mhíshástacht Shinn Féin le hiompar anDUP, go háirithe faoin scéimfuinnimh in-athnuaite. Nuair a thitStormont níor sheas McGuinness sa toghchán i ngeall ar dhrochshláinte.
Saolaíodh McGuinness ar an23 Bealtaine,1950 i i dTaobh an Bhogaigh i nDoire. Badhuine de sheachtarclainne é.
D’fhág sé anscoil ag 15 bliain d’aois. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina phrintíseach ag búistéir.
Nuair a thosaigh naTrioblóidí, chuaigh sé leis anIRA. Faoin am ar tharlaDomhnach na Fola i 1972 bhí sé ina leascheannaire ar an IRA Sealadach i nDoire.
Chaith sé sé mhí i bpríosún Phort Laoise i ngeall ar bhallraíocht san IRA. Ag fiosrú Saville faoi Dhomhnach na Fola, mhaígh sé gur fhág sé an IRA i 1974, ach chreid na húdaráis go raibh sé ar dhuine de cheannairí an IRA sna hochtóidí.
Nuair a d’iompaigh Sinn Féin i dtreo na polaitíochta tar éis stailc ocrais na H Bhlocanna i 1981, sheas Martin McGuinness gualainn ar ghualainn le Gerry Adams agus cur chuige nua á chur chun tosaigh.
Bhásaigh McGuinness ar21 Márta, 2017. Chloígh angalaramalódóis é.[4]