Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Marchantiophyta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoMarchantiophytaCuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtPlantae
RoinnMarchantiophytaCuir in eagar ar Wikidata
Stotler agusCrand.-Stotl., 2000

Planda beag neamhshoithíoch spóriompartha atá an-ghaolmhar lecaonach is braichlis adharcach. Tá dhá shaghas ann, ag brath ar fhoirm na ngaiméitifítí. In aelusanna talóideacha, bíonn an cholainn leata, go minic géagach nó maothánach. In aelusanna duilliúracha, bíonn gais chaola dhreaptha le 3 líneduilleog nach n-aibíonn ach dhá cheann acu go hiomlán. Bíonn riosóidigh aoncheallacha cosúil le fréamhacha a cheanglaíonn an planda don talamh ach nach n-asúnn uisce. Is é a bhíonn saspóraifít ná capsúl réalta-chruthach ar ghas, agus istigh inti bíonn na spóir is struchtúir sheasca eile a dtugtar éileatóirí orthu. Nuair a aibíonn na spóir síneann an gas, osclaíonn an capsúl, agus cabhraíonn na héileatóirí i scaipeadh na spór. Atáirgeann aelusanna freisin trí gheimí, teasca ilcheallacha a chuirtear amach mar bhachlóga agus a fhásann ina bplandaí nua. Faightear aelusanna beagnach i ngach áit, ach amháin áiteanna tirime mar nach ndéanann siad go maith ansin. Is flúirsí iad in áiteanna taise faoi scáth.[1]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar asFréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an OllamhMatthew Hussey, foilsithe agCoiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Marchantiophyta&oldid=1235732"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2026 Movatter.jp