Galar tógálach is eaan mhaláire nómalaria (ónIodáilisMheánaoiseach do 'dhroch-aer' a thagann sé). Tá sé coitianta snatrópaicí agus sna fothrópaicí. Bíonn 350–500 milliún cás ann gach bliain,[1] Tá dlúthbhaint idir an mhaláire agus anbochtanas.[2]
Galar a tholgtar trífhuilduine a ghalrú le seadán ar leith.[3] Trí gha namuiscíte, a iompraíonn an seadán, a thógann duine an galrú. Ní chuireann an seadán isteach beag ná mór ar an bhfeithid féin, agus mar sin ní dhéanann acóras imdhíonach aon ionsaí air.
Ach le firinne, is fadhbdhomhanda í, mar is iomaí cuairteoir ar thír the a fhilleann ar a thír dhúchais is é ionfhabhtaithe ag an seadán a bhíonn ciontach as an maláire. SaBhreatain, mar shampla, tarlaíonn 2,000 cás den ghalar seo gach bliain agus bíonn sé ina thrúig bháis do dháréag astu sin.
Ceiliúrtar an Lá Domhanda in aghaidh na Maláire ar 25 Aibreán gach bliain.
Déanann cuairteoirí ar thíortha teo an-chuid rudaí chun namuiscítí a choimeád amach uathu, ag baint feidhm as sprae éarthach, feithicídí,eangach muiscíte istoíche, Ach is rídheacair a ngathanna a sheachaint.Fiabhras marfach na dtrópaicí ab ea í riamh.
Seadán (paraisít) ar a dtugtarPlasmodium is cúis leis. As greim namuiscítí ionfhabhtaithe is mó a tholgtar an galar. I gcorp anduine téann na seadáin isteach sanae agus tagann borradh agus fás ar líon na seadán ann. Ina dhiaidh sin ionfhabhtaíonn siad na fuilchealla dearga. Is féidir comharthaí an ghalair a aithint sa duine ionfhabhtaithe tuairim is 10-15 lá i ndiaidh na greama, mar shampla fiabhras, tinneas cinn agus urlacan.
Níl aon leigheas uirthi: ní féidir ach na siomptóim a mhaolú agus na seadáin sa cholainn a choimeád faoi smacht leis na córacha leighis atá ar fáil. Le fada bhíodh dhá uirlis ann chun an mhaláire a chloí: anfheithidicídDDT a chraobhscaoileadh ar fud na dúiche chun na muiscítí a mharú, agus an drugaclórachuineon mar chóir leighis ar dhaoine galraithe. Cheap daoine sna 1960idí go raibh an lámh in uachtar faighte ar an maláire, ach tá cineálacha muiscítí tagtha chun cinn le tamall atá imdhíonach ar DDT, agus iad go flúirseach san Afraic anois. Níl aon vacsaín a d'fheidhmeodh i gcoinne na maláire, agus tá sí ag dul i dtreise arís san Afraic, ag bagairt tubaiste ar na daoine ansin. Anois, áfach, tá dóchas ag nataighdeoirí gur féidir aninnealtóireachtghéiniteach a úsáid chun a fhadhb a réiteach thar am. Scéim mar seo atá á cur i ngníomh ag anEagraíocht Dhomhanda Sláinte. Is féidir géin nua ó fheithid eile a chur isteach samhuiscít agus é inaubhán toirchithe. Nuair a fhásann an t-ubhán sin sa mhuiscít, is feithidthrasghéineach í le pé airí a thugann an ghéin nua. Más airí í seo a spreagann córas imdhíonach na muiscíte chun dul i ngleic le seadán na maláire, déanfaidh an mhuiscít féin pé seadáin a bhíonn á n-iompar aici a dhíothú. Níl toradh fós ar an scéim seo.
Waldemar Malinowski:Impfungen für Auslandsreisende und Malariaprophylaxe. Vademecum für niedergelassene Ärzte. Facultas-Verlag, Wien 2001.ISBN 3-85076-538-5
Martin Kappas:Klimatologie: Klimaforschung im 21. Jahrhundert- Herausforderung für Natur- und Sozialwissenschaften, Springer, 2009,ISBN 978-3-8274-1827-2 , 7.2.1.Auswirkungen von Temperaturveränderungen auf die Malariaübertragung; 7.2.2.Auswirkungen von Niederschlagsveränderungen auf die Malariaübertragung[1]
Joel G. Breman, Martin S. Alilio, Anne Mills:The intolerable burden of Malaria II. The American journal of tropical medicine and hygiene. Bd 71, Nr. 2, Supplement. American Society of Tropical Medicine and Hygiene, Northbrook 2004. ISSN 0002-9637
Peter Perlmann, Marita Troye-Blomberg:Malaria Immunology. Karger, Basel 2002.ISBN 3-8055-7376-6
David Sullivan, Sanjeev Krishna (Hrsg.):Malaria. Drugs, disease and post-genomic biology. Springer, Berlin 2005.ISBN 3-540-25363-7
David A. Warrell, Herbert M. Gilles:Essential Malariology. Arnold, London 2002.ISBN 0-340-74064-7
Jacques Verdrager,L'OMS et le paludisme : mémoires d'un médecin spécialiste de la malaria. – L'Harmattan, coll. « Acteurs de la science », Paris, 2005ISBN 2-7475-8246-9
« Santé des voyageurs et recommandations sanitaires 2005 »,Bulletin épidémiologique hebdomadaire, numéro 24-25/2005 (14 juin 2005)[2]Curtha i gcartlann 2005-10-22 ar anWayback Machine
Marie Josserand Debacker,Paludisme : historique, mythes, croyances et idées reçues, thèse d'exercice, Médecine, Paris XII, 2000[3]Curtha i gcartlann 2008-12-07 ar anWayback Machine
Serge Paul Eholié, Emmanuel Bissagnéné et Pierre-Marie Girard (dir.),Mémento thérapeutique du paludisme en Afrique, Doin, IMEA, Paris, 2008, 139 p.ISBN 978-2-7040-1253-4
Christian Lengeler, Jacqueline Cattani et Don de Savigny (dir.),Un mur contre la malaria : du nouveau dans la prévention des décès dus au paludisme, Centre de recherches pour le développement international, Ottawa ; Organisation mondiale de la santé, Genève, 1997, 220 p.ISBN 0-88936-831-7
Jean Mouchet, Pierre Carnevale, Marc Coosemans et al.,Biodiversité du paludisme dans le monde, J. Libbey Eurotext, Montrouge, 2004, 428 p.ISBN 2-7420-0528-5
↑Fong YL, Cadigan FC, Coatney GR (1971). "A presumptive case of naturally occurring Plasmodium knowlesi malaria in man in Malaysia".Trans. R. Soc. Trop. Med. Hyg.65 (6): 839–40. doi:10.1016/0035-9203(71)90103-9.PMID 5003320.