Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Sionnach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta óMadra rua)

Ainmhí feoiliteach is ea ansionnach nó anmadra rua (madadh rua/mada rua uaireanta).

Vulpes vulpes i gCo Chorcaí, 2007

Tacsanomaíocht

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tá beagnach 40 speiceas ann i ngéinis éagsúla taobh istigh den fhineCanidae.[1]

grúpa tacsanomaíochta iad na sionnaigh. Tá 12 speiceas sa ghéineasVulpes — na “fíorshionnaigh”, ach tá ar a laghad 25 speiceas eile (beo nó díofa) a dtugtar “sionnach” orthu. Mar shampla:

Sanasaíocht

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Níl aon sanasaíocht shásúil ar an bhfocalsionnach.[2]

Seanfhocail/nathanna cainte

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  • Ní mhealltar an sionnach faoi dhó
  • Chomh glic le sionnach
  • Sionnach ar dhuán, giorria ar do bhaoite, is nár mharaí tú aon bhreac go dtioca an Fhéile Bríde seanmhallacht iascaireachta as ar ainmníodh úrscéalBhreandáin Uí EithirSionnach ar mo Dhuán.

Tréithe

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Bíonn dathanna éagsúla ar na madraí rua, idir buí éadrom agus donn trom rua, agus dath bán nó éadrom ar a mbolg agus ar uile. Bíonn eireaball sionnaigh fada, tiubh, agus mothallach, agus bior bán air de ghnáth. Bíonn na cluasa sách fada agus biorach.

  • Meáchan 4 – 9kg
  • Fad na colainne 50-100cm
  • Fad an eireabaill 30- 45cm
  • Cos Deiridh 13-16cm
  • Fad an Lapa 5cm
  • Aird ón ngualainn anuas 30-40cm

Intleacht

[cuir in eagar |athraigh foinse]

De réir taighde de chuid Ollscoil Hull sa bhliain 2023, tá madaidh rua sna cathracha níos misniúla ná madaidh rua faoin tuath, ach ní hé go bhfuil siad níos cliste.[3] Chuir na heolaithe puzail do mhadaidh rua ar 104 suíomh i bpáirceanna, i ngairdíní cúil, agus sna coillte ar feadh coicíse agus bhí ar na madaidh rua úsáid a bhaint as meicníocht shimplí chun teacht ar an bhia taobh istigh. Bhí na madaidh rua sna cathracha ní ba shásta teagmháil a dhéanamh leis na puzail. Faoi dheireadh, níor éirigh le níos mó ná 12 madadh rua an bia a fháil óna bpuzail - ach nuair a fágadh an bia ar an talamh gan puzal, ní raibh drogall ar shionnach ar bith an bia a ithe, beag beann ar cá háit a raibh siad.[4]

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Foinsí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. enfa.ie (2007). "An Fiadhúlra". Cartlannaíodhan bunleathanach ar 2007-11-18. Dáta rochtana: 2023.
  2. "School of Celtic Studies – DIAS" (en-US) (2023-07-24). Dáta rochtana: 2023-08-12.
  3. "Urban foxes bolder but not smarter than rural ones, study suggests" (en-GB). BBC News (2023-08-08). Dáta rochtana: 2023-08-12.
  4. Conradh na Gaeilge, Londain (12 Lúnasa 2023). "‎Nuacht Mhall: (Dún na nGall)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-08-12.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Sionnach&oldid=1196943"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp