Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Málta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilMálta
Malta (mt)Cuir in eagar ar Wikidata
BratachArmas
BratachArmas

Cuir in eagar ar Wikidata

AintiúnL-Innu MaltiCuir in eagar ar Wikidata

Mana«Truly Mediterranean»Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósmilCuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 35° 54′ N, 14° 30′ E / 35.9°N,14.5°E /35.9; 14.5

PríomhchathairVaileiteCuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán553,214 (2023)Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús1,750.68hab./km²
DéamainmMáltachCuir in eagar ar Wikidata
Teanga oifigiúilan Mháltais
BéarlaCuir in eagar ar Wikidata
Reiligiúnan ChríostaíochtCuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Cuid dean Limistéar Eorpach Eacnamaíoch
an tAontas Eorpach
Comhlathas na Náisiún(1800–1964)Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla316 km²Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uiscean MheánmhuirCuir in eagar ar Wikidata
Pointe is airdeTa' Dmejrek (253 m)Cuir in eagar ar Wikidata
Pointe is íslean Mheánmhuir (0 m)Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Leanann sé/síStát Mhálta agusCrown Colony of Malta(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Cruthú21 Meán Fómhair 1964
Eagraíocht pholaitiúil
Córas rialtaisparliamentary democracy(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht feidhmiúcháinRialtas MháltaCuir in eagar ar Wikidata
Comhlacht reachtachParlaimint MháltaCuir in eagar ar Wikidata
• Uachtarán MháltaCuir in eagar ar WikidataMarie Louise Coleiro Preca(2014–2019)Cuir in eagar ar Wikidata
• Príomh-Aire MháltaCuir in eagar ar WikidataRobert Abela(2020–)Cuir in eagar ar Wikidata
Údarás breithiúnach is airdeCúirt Bhunreachtúil MháltaCuir in eagar ar Wikidata
Eacnamaíocht
OTI ainmniúil17,765,270,015 $ (2022)Cuir in eagar ar Wikidata
AirgeadraEuroCuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Fearann Idirlín barrleibhéil.mtCuir in eagar ar Wikidata
Glaochód+356Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir theileafóin éigeandála112,191,199,196 agus116117Cuir in eagar ar Wikidata
Cód tíreMTCuir in eagar ar Wikidata
Cód NUTSMTCuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáingov.mtCuir in eagar ar Wikidata

X: MaltaGovCuir in eagar ar Wikidata

Tír bheagoileánach saMheánmhuir is eaMálta (Máltais:Malta,Béarla:Malta), ar mar a dtugtar go hoifigiúilPoblacht Mhálta (Máltais:Repubblika ta' Malta,Béarla:Republic of Malta). Tá an tír suite in áit straitéiseach idiran Afraic Thuaidh agusan Iodáil, agus mar sin, is iomaí cath a chuir na tiarnaí is na flatha fúithi ar feadh na gcéadta bliain, ó bhliantaImpireacht na Róimhe go dtí anDara Cogadh Domhanda. Tá Málta ar an tír is lú sanAontas Eorpach ó thaobh an achair agus an daonra de. Oileánra atá ann, agus is iad Oileán Mhálta,Għawdex (Gozo), agusKemmuna (Comino) na hoileáin is mó.

Is í anMháltais caint na sráide i Málta, cé go bhfuil anBéarla á labhairt go forleathan sna cathracha is mó. Ní bhíonn na Máltaigh dall ar anIodáilis ach an oiread. Canúint Araibise is ea an Mháltais go stairiúil, ach tá sí éirithe chomh breac le focail iasachta ón tSicilis, ón Iodáilis chaighdeánaithe agus ón mBéarla agus nach dtuigeann an tArabach agus an Máltach a chéile inniu ar aon nós. Is dócha go bhfuil níos mó Iodáilise ná Araibise i stór focal na teanga inniu, cé go bhfuil cuma na hAraibise ar an ngramadach i gcónaí.

Is é anCaitliceachasreiligiún dúchasach Mhálta inniu. Bíonn na Máltaigh ag ceiliúradh féilte i ndilchuimhne ar na naoimh Chaitliceacha, agus is cuid thábhachtach de na féilte seo an tine ealaíne, ar traidisiún í i Málta.

Daonra

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Sa bhliain2005, bhí timpeall ceithre chéad míleduine ina gcónaí i Málta, na bundúchasaigh agus na daoine eile a raibh cónaí fadtéarmach orthu sna hoileáin san áireamh.Caitlicigh ab ea 98% de dhaonra na Poblachta, agus tá cuma an-Chaitliceach ar dhlíthe agus ar reachtaíocht na tíre. Mar shampla, ní féidircolscaradhginmhilleadh a fháil godlíthiúil i Málta, cé go mbíonn cailíní óga ó na hoileáin ag tabhairt cuairteanna aran Spáinn anois agus arís ar lorg ginmhillte.

Ó tá Málta suite san áit a bhfuil sí, tá an inimirce ina ceist chonspóideach i Málta inniu. Is dual do na Máltaigh bheith fáiltiúil roimh luchtinimirce, agus i gcomparáid leis an daonra, bronnann Málta ceadúnas cónaí nó tearmann ar dhream níos mó de neamhnáisiúnaigh ná aon tír eile sanAontas Eorpach. Mar sin féin, tá an inimirce neamhdhlíthiúil ina fadhb a chuireann an-straidhn ar chóras nasláinte poiblí agus ar an margadh cúng oibre i Málta, rud a spreagann ciníochas. Tá gluaiseacht sách láidir sa Phoblacht,Imperium Europa, atá ag cur in aghaidh na hinimirce.

De réir an Eurobaromater táMáltais ag 100% de dhaonra Mhálta,Béarla ag 88%,Iodáilis ag 66% agusFraincis ag 17%.

Cultúr

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Múnlaíodh cultúr Mhálta faoi thionchar na nArabach, na Sicile, nahIodáile agus naRíochta Aontaithe, agus a lorg sin le haithint ar shaol na n-oileán.

Tá anbéaloideas beo i gcónaí in intinn na seandaoine, agus dianstaidéar á dhéanamh air ag na saineolaithe. Ceiliúrtar féilte na naomh Caitliceach go ragairneach, cosúil leis an dóigh a ndéantar i nDeisceart na hIodáile - nó mar a cheiliúrtaí na "patrúin" in Éirinn nuair a bhí an chuid ba mhó den tír ina Gaeltacht go fóill. Tá an tine ealaíne ina cuid lárnach de na féilte seo. Déanta na fírinne, is nós le muintir Mhálta a gcuid roicéad agus buamaí tine ealaíne a dhéanamh sa bhaile nó i gceardlanna príobháideacha nach ndearnadh aon iniúchadh nó cigireacht oifigiúil orthu riamh. Mar sin, is iomaí teaghlach Máltach a fágadh gan athair nuair a madhmadh an t-ábhar pléasctha de thimpiste i gceann de na ceardlanna seo.

Is éBirkirkara an chathair is mó i Málta agus breis is 22,000 duine ina gcónaí ann.

Geilleagar

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Roimh an mbliain1800, ní raibh de ghnóthaí ag muintir Mhálta ach gnó an chadáis, gnó an tobac agus an longcheártaíocht. Níos déanaí, bhain naSasanaigh úsáid mhíleata as na longcheártaí. Nuair a bhí ina chogadh, ba dual dogheilleagar an oileáin borradh, rud a bhí le haithint go háirithe le linnChogadh na Crimé sa bhliain1854.

Sa bhliain1869, osclaíodhCanáil Suaise. Chabhraigh an Chanáil go mór mór le geilleagar Mhálta, agus an oiread de longa a thagadh ag stopadh i gcuanta Mhálta le breosla a thógáil.

Ag deireadh nanaoú haoise déag, thosaigh an geilleagar ag cúlú arís, agus nuair a tháinig na1920idí, bhí cúrsaí eacnamaíochta Mhálta go dona ar fad. B'é ba chúis leis seo ná an feabhas a tháinig ar na longa trádála idir an dá linn. Bhí raon ní b'fhaide ag na longa nua, agus ní chaithidís stopadh i Málta le haghaidh breosla.

Tar éis anDara Cogadh Domhanda tháinig athrú ar chuma phort Mhálta. Chuaigh a thábhacht mhíleata i laghad agus ní raibh leagan amach an Phoirt Mhóir oiriúnach d’óstáil an last-táille mhuirí nua-aoisigh.

Port 2006

Sna1980idí, thosaigh port tráchtála nua ag feidhmiú ag Marsaxlokk, i ndeisceart an oileáin. Rinneadh mol fuinnimh den phort seo atá níos inrochtana agus níos doimhne, agus rinneadh príomh-mhol de don trácht coimeádán sa Mheánmhuir. Ag an bPort Mór, chuaigh an ghníomhaíocht tráchtála i laghad, go dtí nach raibh fágtha ach cúpla cé a bhí tiomanta don bhulclasta (ábhair thógála, grán) agus trí longchlós deisithe agus cothabhála. Tháinig meath ar an gcuid eile den infreastruchtúr.

Inniu, tá Málta go mór mór i dtuilleamaí na turasóireachta le teacht isteach éigin a chinntiú dá muintir. Idir 2001 agus 2012[1], chuaigh líon na dturasóirí cúrsála a thug cuairt ar Mhálta i méadaíocht, ó 175,000 go 608,786. De réir nastaitisticí is déanaí, cruthaíodh 2,000 post díreach mar gheall ar ghníomhaíochtturasóireachta, sa phríomhchathair go príomha.

Sna1990idí, tógadh cé le bheith ag freastal ar longa cúrsála. Taobh istigh de chúpla bliain bhí ráchairt iomarcach ar an muiríne agus bhí níos mólong cúrsála ag tabhairt cuairte ar Valletta i rith an ama. Ag deireadh na 1990idí, shocraigh anrialtas agus antAontas Eorpach go ndéanfaí ról údarás an phoirt a fhorbairt óna ról mar oibreoir le go ndéanfaí rialaitheoir de. Socraíodh go ndéanfaí oibriúcháin an phoirt a phríobháidiú, ag tosú leis an bport cúrsála, ar deonadh lamháltas 65 bliana dó i 2001.

Port, Malta, 2014

An toradh air sin uilig ná an ceantar a dtugtar Valletta Waterfront air anois, láithreán forbartha uirbí a bhfuil dámhachtainí idirnáisiúnta éagsúla buaite aige. Tá céanna,siopaí,beáir,bialanna agus raon iontach gnólachtaí agus seirbhísí a dhíríonn ar an gcuairteoir, leithéidí bainc, oifig thurasóireachta, cógaslanna agus seirbhísí teileachumarsáide ar fáil ar fud promanáide 300 méadar. Caomhnaíodh anailtireacht stairiúilbharócach mar chuid den obair athnuachana.

athachtú, Fort Saint Elmo, Valletta, Málta, 8 Bealtaine 2005.
Ħaġar Qim -Suíomh Oidhreachta Domhanda.
Floriana - Triq Sarria - Independence Monument

Stair

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Réamhstair

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Bunaíodh an chéad áitreabh daonna ar an oileán thart ar 5200 bliainroimh bhreith Chríost. Tá iarsmaí suntasacha de chultúrNeoiliteach (is é sin, cultúr a bhaineann leis an gcuid dheireanach denchlochaois) fágtha i Málta, níos sine náPirimidí na hÉigipte.

Na Féinícigh

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Thart ar mhíle bliain roimh bhreith Chríost, tháinig naFéinícigh go Málta leis an áit a choilíniú, agus bhí an t-oileán ar ceann de na bunáiteanna ba thábhachtaí a bhí acu dá gcuid long sa Mheánmhuir.

Cartaig

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Ceithre chéad bliain roimh bhreith Chríost, thit Málta leis an gCartaig, ní nárbh ionadh, nuair a choinnítear cuimhne air gur coilíneacht eile de chuid na bhFéinícigh ab ea an Chartaig féin.

Na Rómhánaigh

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Sa bhliain218 RC, shealbhaigh naRómhánaigh an t-oileán, rud a chuaigh chun leasa dá mhuintir, nó bhí rath agus bláth ar Mhálta an chuid ba mhó den tréimhse Rómhánach, a bhuí leis an trádáil bheoga. I nGníomhartha na nAspal, insítear gur tháinigNaomh Pól i dtír i Málta in áit ar a dtugtar Bá Naomh Pól inniu, agus gur bhain nathair nimhe greim as. Is dócha gur tharla seo timpeall na bliana 60, agus, íorónta go leor, is é tuairim na saineolaithe inniu, agus taighde déanta acu ar na sruthanna farraige thart ar Oileán Mhálta, nár tháinig Pól i dtír i mBá Naomh Pól i dtuaisceart an oileáin, ach i mBá Naomh Tomáis in aice le Marsaskala i ndeisceart an oileáin.

Na Vandail

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Sa bhliain 440, ghabh na Vandail an t-oileán. Treibh Ghearmánach a bhí iontu agus iad tar éis socrú síos i dtuaisceart na hAfraice, timpeall na háite ina bhfuil an Túinéis inniu. Ruaig Belisarius, ginearál Biosántach, iad as an oileán arís sa bhliain 533. B'iad na Biosántaigh a rialaigh Málta go dtí an bhliain 870.

Na hArabaigh

[cuir in eagar |athraigh foinse]

B'iad na hArabaigh, a tháinig ón tSicil, an chéad dream eile a shealbhaigh Málta. D'fhan siad ní ba mhó ná dhá chéad bliain i gceannas ar an oileán, agus d'fhág siad a sliocht ar shaol agus ar chultúr Mhálta. Thar aon rud eile, b'uathusan a fuair na Máltaigh an teanga a labhraíonn siad inniu. Nuair a chuir na Normannaigh ruaigeadh ar na hArabaigh, áfach, dhealaigh siad canúint Mhálta ón gcuid eile den Araibis, agus fágadh an teanga gan saothrú liteartha. Tháinig na mílte focal isteach ón tSicilis agus ní ba déanaí, ón Iodáilis chaighdeánach, agus b'iad anLaidin agus an Iodáilis na teangacha a bhí á n-úsáid le haghaidh litríochta. Ní bhfuair an Mháltais a ceart mar theanga liteartha ach sanfhichiú haois.

An Críostaíocht

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Sa bhliain1091, d'fhéach Ruairí a hAon, Cúnta na Sicile, le Málta a sciobadh ó na hArabaigh. Níor éirigh leis, ach b'é a mhac, Ruairí a Dó, a chríochnaigh an obair sa bhliain1127. B'ansin a tháinig deireadh le forlámhas an chultúir Arabaigh sna hoileáin, agus cuireadh an cultúr Eorpach ina áit. Mhair Ioslam go dtí an13ú haois. Chuaigh Málta ó theaghlach uasal amháin go teaghlach uasal eile, go dtí go bhfuair Ridirí Naomh Eoin é sa bhliain1530.

Chun a loingeas a chur ó bhaol in áit nach mbeadh a naimhdeOtamánacha in ann greim a fháil orthu, bhunaigh na Ridirí cathair nua dhaingnithe ar an leithinis a scarann dhá phríomhphort Mhálta, an Port Mór sa tuaisceart agus Marsamxett sa deisceart[2]. An toradh a bhí ar thógáil chathrach nua ón mbonn aníos ná cathair ghríobháin fhoirgneamh, chéanna, stóras, dhúnfort agus bhallaí, a dtéann mórchuid acu siar chuig an 16ú agus chuig an 17ú haois.

Iglesia de la Vera Cruz (Segovia)

An Spáinn

[cuir in eagar |athraigh foinse]

B'í an Spáinn a bhí ag rialú an oileáin ón mbliain1479 anuas, ach ó dhearc rí na Spáinne air féin mar chosantóir an Chaitliceachais, bhronn sé Málta ar Ord Ridirí Naomh Eoin mar bhunáit, nuair a ruaigeadh an tOrd as oirthear na Meánmhara, áit a raibh anTuirc Otamánach ag ascnamh san am sin. Theastaigh ó Shéarlas a Cúig, Rí na Spáinne, sciath chosanta a chur idir an Róimh agus an t-ionsaí ón bhfarraige, agus b'iad na Ridirí i Málta an sciath sin.

An Ríocht Aontaithe

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Nuair a ghlac an Ríocht Aontaithe seilbh ar an oileán i1800, rinneadh príomhionad céime straitéiseach den phort ar an mbealach go dtí anIndia, bealach a bhí go hiomlán bunaithe ar an muir tar éis chríochnúChanáil Suais i1869. Baineadh úsáid as an Port Mór níos mó mar phort míleata ná ceann tráchtála, a bhuíochas sin don áit lárnach ina raibh sé lonnaithe sa Mheánmhuir ar an mbealach muirí a nascann Iarthar na hEorpa leis an Meánoirthear.

Neamhspleáchas i 1964

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Ag deireadh na tréimhse coilíní, i1964, bhain Málta a neamhspleáchas amach.

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. IASCACH AGUS DOBHARSHAOTHRÚ SAN EORAIP, Uimhir 61 Bealtaine 2013, l. 10, An tAontas Eorpach
  2. IASCACH AGUS DOBHARSHAOTHRÚ SAN EORAIP, Uimhir 61 Bealtaine 2013, l. 10, An tAontas Eorpach
Antigua agus Barbúda ·An Astráil ·Na Bahámaí ·An Bhanglaidéis ·Barbadós ·An Bheilís ·An Bhotsuáin ·Brúiné ·Camarún ·Ceanada ·An Chipir ·Doiminice ·Fidsí ·Esuaitíní ·Gána ·Grenada ·An Ghuáin ·India ·Iamáice ·An Chéinia ·Cireabaití ·Leosóta ·An Mhaláiv ·An Mhalaeisia ·Oileáin Mhaildíve ·Málta ·Oileán Mhuirís ·Mósaimbíc ·An Namaib ·Nárú ·Nua-Shéalainn ·An Nigéir ·An Phacastáin ·Nua-Ghuine Phapua ·Ruanda ·An tSaimbia ·San Críostóir-Nimheas ·San Lucia ·San Uinseann agus na Greanáidíní ·Samó ·Na Séiséil ·Siarra Leon ·Singeapór ·Oileáin Sholamón ·An Afraic Theas ·Srí Lanca ·An Tansáin ·Tonga ·Oileán na Tríonóide agus Tobága ·Tuvalu ·Uganda ·Vanuatú
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Málta&oldid=1264911"
Catagóirí:
Catagóirí folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp