Ní mór an t-alt seo aghlanadh, ionas go mbeidhcaighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach arConas Leathanach a Chur in Eagar agus anLámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
| Ainmnithe in ómós | Lugus | ||||
|---|---|---|---|---|---|
| Suíomh | |||||
| |||||
| Tréimhse stairiúil | Impireacht na Róimhe | ||||
| Praetorian prefecture(en) | praetorian prefecture of Gaul(en) | ||||
| Deoise de chuid Impireacht na Róimhe | Diocese of Gaul(en) | ||||
| Cúige Rómhánach | Gallia Lugdunensis | ||||
| Príomhchathair de | |||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Cruthú | 43 "RCh" | ||||
| Á leanúint ag | Lyon | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Ba chathair thábhachtachRómhánach i nGall naFraince éLugdunum nóColonia Copia Claudia Augusta Lugdunum (Dún Lugh i nGaeilge nó an chathair nua-aimsearthaLyon). Bhunaigh Lucius Munatius Plancus í sa bhliain 43 RC. Ba í príomhchathair na cúige RómhánaíGallia Lugdunensis (a chiallaíonn "Gaill Dhún Lugh"). Bhí an chathair ríthábhachtach in iarthar na hImpireachta Rómhánaí ar feadh 300 bliain i ndiaidh a bunaithe. Rugadh an dá impireCláidias agusCaracalla i nDún Lugh. Bhí an bhunchathair Rómhánach lonnaithe ó thiar naRóine agus na Sóine (Saône), ar arda an tSean-Fhóraim (Forum Vetus saLaidin,Fourvière i bhFraincis). Faoi chéadta dheiridh na hImpireachta, bhí an chuid is mó den daonra lonnaithe i nGleann na Sóine agus ag bun Fourvière.
Bunaíodh an chathair Rómhánach faoin ainmColonia Copia Felix Munatia, áfach d'fhás an úsáid den ainm 'Lugdunum' (Dún Lugh) agus ar uairibh 'Lugudunum' ag deireadh an chéad aois iar-Chríost.Is laidineacht den logainm gallach 'Lugodunon' é sanasaíocht 'Lugdunum'. B'é anGaillis an teanga ceannasach sa réigiún a chloígh na Rómhánaigh. Ciallaíonndunon 'dún' nó 'Dúnfort' i nGaeilge, agus síltear go dtagannLug ó ainm an dia CheilteachLugh. Deirtear freisin gur ón bhfocail Gailliselugus (caróg) é an fhréamh 'Lug', nó freisin gurb focail gallach do 'sholas' (gaolmhar lelux Laidineach). Le linn na Mheánaoise, d'athraighLugdunum goLyon trí athrú fuaime nádúrtha.
Tá fianaise ann de lonnaíochtaí gallacha sa cheantar sular bunaíodh an chathair Rómhánach, agus d'áitreamh cónaithe réamh-Ghallach ag síneadh chomh fada siar leis an gClochaois. Molann fianaise seandálaíochta go raibh trádáil idir Dún Lugh agus cathrachaCampánacha sanIodáil- trádáilcheirmeach agus d'fhíon- agus úsáid d'fhearastú i stíl Iodálach i dtithe Dún Lugh roimh choncas na Rómhánaigh. Bhí an Ghaill cloíte ag na Romhánaigh faoi cheannasIúil Caesair idir 58 agus 53IC. Is an phríomh-fhoinse d'eolas faoin nGall réamh-Rómhánach é a chur síos,De Bello Gallico, ach níl tagairt ar leith de Dhún Lugh.
I 44 RC, deich mbliana i ndiaidh ghabháil na Gaille, feallmharaíodh Caesar agus phléasc cogadh cathrach Rómhánach amach. Dar leis an staraí Dio Cassius, in 43 RC, d'ordaighSeanad na Róimhe do Mhunatius Plancus agus do Lepidus, gobharnóirí na Gaille lárnaí agus an Ghaill Trasalpach, cathair a bhunú do ghrúpa theifeach Romhánacha a bhí díbeartha ó Vienne (baile timpeall 30 km ó dheas ó Dhún Lugh) a bhí campáilte ag cumair na Róine agus na Sóine. Deir Dio Cassius gur slí é seo chun cosc a chur le aontúMarcais Antaine agus a nairm a chur níos doimhne i gcoimhlint. Molann fianaise eipeagrafach gurb é Munatius Plancus príomh-bhunaitheoir Dhún Lugh.
Is dóigh go raibh daonra de chúpla mhíle i nDún Lugh ag am a bunús. Bhí na saoránaigh sannta ó thaobh riaracháin de don threabh Gailéarach. Bhí na chéad fhoirgnimh Romhánacha lonnaithe ar na harda Fourvière agus thar na haibhne Sóine. B'éUiscerian na Geire, críochnaithe sa 1ú Chéad IC, ceann de cheithre uiserian ag cur uisce ar fáil don chathair.
Laistigh de 50 bhliain d'fhás Dún Lugh i méid agus tábhachtach, ag éirí chun bheith mar lárionad riaracháin den Ghall agus denGhearmáin Rómhánach. Faoi am dheiridh réimisÁgastais, rinne Strabó cur síos arLugdunum mar acomhal ceithre phríomhbhóthair: an bealach do Narbonensis (Cúige na Narbóinne), don Mhasáil (Massilia i Laidin,Marseilles i bhFraincis inniu) is don Iodáil ó dheas, an bealach d'Abhainn na Réine is don Ghearmáin ó thuaidh, an bealach don Aigéan (Muir nIocht) ó thiar thuaidh agus an bealach don Acatáin ó thiar.
Rinne fogasacht na teorann leis an nGearmáin Lugdunum ina chathair thábhachtach go straitéiseach ar feadh cheithre chéad, mar áit do thuilleadh forleathnú Rómhánach sa Ghearmáin, agus freisin mar b'í an t-aon chathair agus lárionad riaracháin sna cúige Gallacha. Ba chroí thrádála agus airgeadais na cúigí ó thiar thuaidh í freisin.
Ina haois deireanach, bhí Dún Lugh mar ní airde nó cúirte na himpirí nó na clainne impiriúl. B'iadAigripe,Drusas,Tibir, agusGearmánacas (a rugadh i nDún Lugh é féin) cúpla de na ginearáil gobharnóire a bhí ar fiannas i Lugdunum. Thug Ágastas cúirt ar Dhún Lugh trí uair idir 16 RC agus 8 IC. Chóinigh Drusas i nDún Lugh idir 13 agys 9 RC. I 10 RC, rugadh a mhac Cláidias (a bhí ina Impire níos déanaí). Stad Tibir i Lugdunum idir 4 agus 5 RC, ar a bhealach don Réin, agus arís i 21 IC, ag déanamh feachtais i gcoinne na hAindéis (treabh gallach ó hArnamara/ónArmarc). Chuidigh Cláidias agusNéaró le fás agus tábhacht na cathrach.
Rugadh Cláidias i nDún Lugh i 10 RC agus chóinigh sé ann ar a laghad ar feadh dhá bhliain. Mar impire, d'fhill sé ar Lugdunum i 43 IC ar a shlí chun an Bhreatain a chloígh, agus stad sé arís ann tar éis a gconclúid buach i 47. Aimsíodh scairdeán uisce ag tabhairt ómós dá bhua. Lean sé ar aghaidh chun suim tacaíochta a fhorbairt don bhaile, ag ligint do suntasaigh an bhaile incháilithe chun bheith ar fiannas i Seanad na Róimhe, mar atá curtha síos thuas.
Le linn réamas Chládias, tógadh droichead trasna na Róine, ag cur le tábhacht straitéiseach na cathrach. Bhíodh doimhneacht na habhann agus an gleann seascainn máguaird mar bhacainn taistil agus teagmhála don oirthear roimh é seo. Ghiorraigh an bealach nua, ar a ghlaodhcompendium, an aistear idir Dún Lugh agus Vienne ó theas, agus rinne sé níos dírí na bóithre idir Lugdunum, an Iodáil agus an nGearmáin. Faoi deireadh a réimis, b'é ainm oifigiúil na cathrach náColonia Copia Claudia Augusta Lugudunenisium (sin 'Raidhse Chóillíneacht Chláidias Ágastais Dhún Lugh' i Laidin) a ghiorradh síos go dtíCCC AVG LVG.
In ainneoin an easpa chúirte impiriúla le linn an chéad aois eile, bhí rath ar Dhún Lugh, suas go dtíSeptimius Severus agus Cath Dhún Lugh i 197 IC.
Tháinig deireadh leis an Dara haois le coimhlint eile do chomharbas impiriúl. Maraíodh an tImpire Peirteanacs i 193, agus thriáil ceathrúir ghinearál nua an suíochán ríoga a fháil. D’fhorbair beirt chéile comhraic- Clóidias Ailbíneas agus Septimius Severus (Seiptimias Sevéireas)- comhaontas poilitiúil ar dtús. B’iad-lagáid na Breataine é Ailbíneas, a bhí i gceannas ar léigiúin sa Bhreatain agus sa Ghall. Bhí Severus i gceannas ar na léigiúinpanónacha. Dhaingnigh Sevéireas a chumhacht sa Róimh, agus bhris sé a chomhaontu le Ailbíneas. D’aontaigh Seanas na Róimhe leis, agus d’fhógraigh siad gur naimhead phoiblí a bhí in Ailbíneas.Bhí Clóidias tar éis a airm a bhunú garr do Dhún Lugh go luath i 195. Rinne sé plean ann chun Severus a fhreagairt (go mílíteach). Fuair sé tacaíocht ó Lucius Novius Rugus, gobharnóir Hispania Tarraconensis (an cúige "Spáinn Tharracó"). Thóg Severus a airm ón Iodáil don Ghearmáin i leith dheiridh 196. Throid na hair mar dtús i dTinurtium ("Tionáirtiam" nó "Tournus"), timpeall 60 km suas na Sóine ó Dhún Lugh. Chúiligh Ailbíneas lena fhórsaí siar ansin do Lugdunum.Ar 19ú Feabhra 197 d’ionsaigh Severus Clóidias arís in iarthuaisceart na cathrach. Bhí airm Ailbíneas cloíte i gCath folach Dhún Lugh. Deir Dio Cassius go raibh 300,000 fear ag troid. Chuir Ailbíneas lámh ina bhás féin i dteach in aice na Róine; seoladh a cheann don Róimh mar rabhadh dá thacadóirí. Céasadh éinne i nDún Lugh a thug tacaíocht d’Ailbíneas ina dhiaidh. Fágadh an chathair ‘ina fothraigh’ tar éis na troda.
Is léir ó fhianaise stairiúil agusseandálaíoch nár théarnaigh Dún Lugh ón cath riamh. Rinneadh athrú ar chúige na Róimhe ag deireadh na 3ú haois, ag cur Dún Lugh mar phríomhchathair de cheantar i bhfad níos lú. Ní raibh Dún Lugh mar lárionad riaracháin an Ghaill ina dhiaidh sin. Cé gur lean an chathair ar aghaidh, bhí gluaiseacht mór dhaonra ón gcathair.Le titim na himpireachta thiar sa 5ú haois, bhí Dún Lugh mar phríomhchathair den Ríocht Burgúnach.