Comhartha "Crios Mall", a úsáidtear ag bealach isteach na n-eastát tithíochta
Cuirtearluasteorainn, nó teorannú dlí ar luas feithiclí, i bhfeidhm timpeall an domhain, ar mhaithe le cúrsaí sábháilteachta ar na bóithre agus i limistéir dlúthdhaonra, srl.[1] Tugtar taighde le fios go laghdaítear an líon timpistí, go háirithe timpistí marfacha, nuair a laghdaítear luasteorainn.[2]
Cuirtear luasteorainneacha in iúl go minic trí chomharthaí bóthair sainiúla a léiríonn an teorainn i ngach ceantar.[3]
Tá an fórsa póilíneachta freagrach, de ghnáth, as reachtaíocht um thrácht ar bhóithre a fhorfheidhmiú lena chinntiú go gcomhlíonann saoránaigh na luasteorainneacha. Ciallaíonn sé seo go bhfuil na póilíní freagrach as cionta luais a bhrath agus as imeachtaí a thionscnamh trí phionóis sheasta a eisiúint do thiománaithe a sháraíonn luasteorainneacha.[3]
Tá ceamaraí sábháilteachta ar bhóithre ó am go ham, go háirithe ar na bóithre a bhfuil stair imbhuailtí atá bainteach le luas. IN Éirinn, feidhmíonn na ceamaraí "GoSafe" ó veaineanna atá marcáilte le hábhar frithchaiteach ard-infheictheachta agus tá siombail cheamara sábháilteachta ar taispeáint acu.
Tomhaistear faid bóithre agus luasteorainneacha in Éirinn i gciliméadar. Tá cúig chineál luasteorainneacha i bhfeidhm in Éirinn; in 2023, bhí luasteorainn 120 ciliméadar san uair armhótarbhealaí agus 50 ciliméadar ciliméadar sna ceantair uirbeacha.
Sa bhliain 2023, bhírialtas na hÉireann ag smaoineamh ar luasteorainn ar bhóithre a ísliú chun an líon daoine a mharaítear i dtionóiscí bóthair a laghdú. Dúirt príomhfheidhmeannach anÚdaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre ag an am go raibh "eipidéim luais" ar siúl i bPoblacht na hÉireann, agus gur chóir do gach duine a bheith ag tiomáint ní ba mhoille.[4]
Ar an 8 Feabhra 2025, bhí an luasteorainn ar go leor bóithre tuaithe áitiúla[5] laghdaithe ó 80 ciliméadar san uair go 60 ciliméadar san uair.[2]
↑Conradh na Gaeilge, Londain(9 Meán Fómhair 2023)."Nuacht Mhall (Ard Mhacha)"(ga-IE).Apple Podcasts.Dáta rochtana: 2023-09-13.
↑Bóithre dar tús L ar mhapaí atá i gceist, cuir i gcás, bóthar an L1320 idir an Spidéal agus Maigh Cuilinn i gCo na Gaillimhe. Idir 2020 agus 2024, ba ar na bóithre sin a tharla 73% de thimpistí marfacha.