Banna ceoil as anbhFionlainn is eaLordi. B'é Mr. Lordi, a bhunaigh an banna iRovaniemi sa bhliain1992. Is iad na cultacha arrachtaigh a chaitheann ceoltóirí an bhanna ba thúisce a tharraing súil an tsaoil mhóir orthu. B'éKiss, an banna cáiliúil d'"arrachtaigh", a thug an smaoineamh do Phutaansuu a leithéid de chuma a chur ar na ceoltóirí, nó bhí sé ina bhall gníomhach de chlub lucht adhartha Kiss, nuair a bhí sé óg. Bhuaigh LordiComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse(Eurovision) ar18 Bealtaine,2006 sanAithin,An Ghréig leis an amhránHard Rock Hallelujah. Níor ghnóthaigh aon cheoltóir ón bhFionlainn an comórtas sin riamh roimh Lordi.
Níl san ainm féin "Lordi", go bunúsach, ach an focal Béarla "lord" agus an t-i curtha leis chun an focal a chur in oiriúint do chóras gramadaí na Fionlainnise. Ní úsáidtear an focal san Fhionlainnis chaighdeánach ach amháin le tagairt a dhéanamh do "thiarnaí" na huasalaicme Sasanaí.
 | Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh. |