Isamhránaí aguscumadóir amhrán, ónNua-Shéalainn íElla Marija Lani Yelich-O'Connor (rugadh7 Samhain1996), ar a dtugtarLorde go gairmiúil. Agus í ag fáil inspioráid ón uasaicme as a hainm stáitse, tá cáil uirthi as a stíleanna ceoil neamhghnácha agus a cuid amhránaíochta féinmhachnamhacha.
Rugadh i mbruachbhaile de chuidAuckland darbh ainm Takapuna í. Shínigh sí conradh le Universal Music Group (UMG) in 2009. In 2013, d'eisigh sí an mionalbam, The Love Club, le Joel Little mar léiritheoir. Chuidigh ant-amhrán "Royals" léi clú agus cáil a bhaint amach ar fud an domhain.
D'eisigh a céad albam, "Pure Heroine" in 2013 agus a dara halbam, "Melodrama" in 2017. Tá rath rathúil ag na halbaim ar shuímh ghréasáin cosúil le "Metacritic"[1][2].
Tá roinnt gradam buaite ag Lorde, dháGhradam Grammy agus dhá Brit Awards san áireamh. Suas go dtíMeitheamh 2017, tá cúig mhilliún albam díolta ag Lorde.