Tá daonra de 7.5 - 14 milliún aici. De réir daoine sa limistéar faoi fhoirgneamh, is í Londain cathair an dara daonra is mósan Eoraip, i ndiaidhPháras; de réir daoine i limistéar riaracháin na cathrach, is í Londain an ceann is mó ar fad san aontas.[1] Tá an chathair suite in oirdheisceart Shasana arAbhainn na Tamaise. Is ionad airgeadais tábhachtach í, agus cruthaíonn an chathair an cúigiú cuid d'olltáirgeacht intíre na Ríochta Aontaithe[2] . Bhí naCluichí Oilimpeacha ann trí huaire (1908,1948 agus2012.)
Is mol mór iompair í Londain. Taistealaíonn níos mó paisinéirí idirnáisiúnta tríd an bpríomhaerfort,Aerfort Heathrow, ná aonaerfort eile ar domhain. Tá an córas traenach faoi thalamh is sine ar domhain ann - AnLondon Underground, nó "An Tiúb".
Tá sanasaíocht an ainm 'Londain' neamhchinnte. Is ainm ársa í agus is féidir í a aimsiú i bhfoinsí ón 2ú aois. Tá tagairt ann di marLondinium, a thugann le tuiscint go raibh bunús Rómhánach-Briotanach léi. Go dtí 1889, bhain an t-ainm "Londain" leCathair Londan, ach as sin amach tagraíonn sé do Londain Mhór freisin.