I réimse nateangeolaíochta, is éard islomaistriúchán ann náfocal nófrása a fuarthas ar iasacht ó theanga eile trí aistriúchán “focal ar fhocal” nó “fréamh ar fhréamh”. Nuair a úsáidtear é marbhriathar, ciallaíonn “lomaistriú” focal nó frása a fháil ar iasacht ó theanga eile agus a chomhpháirteanna á n-aistriú, ionas go gcruthófarléacsaeim nua sa sprioctheanga.
Uaireanta bíonn níos mó fianaise ag teastáil chun lomaistriúchán a idirdhealú ó fhocal iasachta neamh-aistrithe toisc, i gcásanna áirithe, go bhféadfadh frása den chineál céanna teacht chun cinn go neamhspleách sa dá theanga. Is é is dóichí ná go mbeidh sé seo amhlaidh nuair a bhíonn gramadach an lomaistriúcháin a bheartaítear an-éagsúil le gramadach na teanga iasachtaí, nó nuair a bhíonn íomhánna nach bhfuil chomh soiléir céanna sa lomaistriúchán.
Ní ionann lomaistriú agus péireáil fóna-shéimeantaice. Cé go mbíonn aistriúchánséimeantach san áireamh le lomaistriú, ní péireáilfoghraíochta atá i gceist (.i. fuaim an fhocail a fuarthas ar iasacht a choinneáil trí é a phéireáil le focal nó lemoirféim atá ann cheana sa sprioctheanga).
Rangaítear lomaistriúcháin ina gcúig ghrúpa, de réir córais amháin:[1]
- an lomaistriúchánfrásaíochta; is é sin nath cainte a aistrítear focal ar fhocal. Mar shampla, tagann “it goes without saying“ i mBéarla go díreach ó ”ça va sans dire” sa bhFraincis,[2] nó frásaí Gaeilge ar nós “Tá sé faoin aimsir” (Tá sé tinn) nó “Is píosa cáca é” (Tá sé an-éasca), a thagann focal ar fhocal ón Bhéarla.
- an lomaistriúcháncomhréireach; .i. struchtúir chomhréireacha sa teanga foinse a aithris sa sprioctheanga, ag teacht salach ar a gciall. Mar shampla, sa Spáinnis, is édeclarar culpable an téarma dlí a chiallaíonn “a fháil ciontach” (go litriúil, “a fhógairt ciontach”). Ach cloistear an frásaencontrar culpable níos mó anois in úsáid neamhfhoirmiúil faoi anáil an Bhéarla; tagann sé ó “find” i mBéarla, cé nach ionann réimse séimeantach na mbriathra sa dá theanga.[3]. Tá go leor samplaí den sórt seo i nGaeilge freisin; m.sh. “focal a bhreathnú suas i bhfoclóir” (focal a chuardach).
- an t-aistriúchániasachta; .i. focal a aistriú moirféim ar mhoirféim nó comhpháirt ar chomhpháirt. Is lomaistriúchán iasachta é an focal Sualannaisetonåring — tagann an dá mhoirféimton agusåring ón fhocalteenager i mBéarla:femton (cúig déag) agusåring (bliain d'aois). Ar an gcaoi chéanna, tagann an focal Gaeilgetaoschnó go díreach ón Bhéarladoughnut.
- an lomaistriúchánséimeantach, le bríonna breise den fhocal foinseach á aistriú chuig an bhfocal leis an mbunbhrí céanna sa sprioctheanga. Tugtariasacht shéimeantach air seo freisin. Mar shampla, ainmníodh anluch ríomhaire i mBéarla mar gheall ar a chosúlacht leis an ainmhí, agus úsáidtear an meafar céanna i go leor teangacha eile, an Ghaeilge san áireamh ar ndóigh.
- an lomaistriúchánmoirfeolaíoch, agus infhilleadh an fhocail á aistriú.
Níl an téarmaíocht seo uilíoch. Tugann roinnt údaraistriúchán moirféim-ar-mhoirféim ar lomaistriúchán moirfeolaíoch.[4]
Tá lomaistriúchánfóineolaíoch ann freisin, ina ndéantar fuaimniú an fhocail a aithris sa teanga eile.[5] Mar shampla, tugtar 雷达 (pinyinléi dá) arradar sa tSínis, a fhuaimnítear cosúil leis an mBéarla.
Aistríonn cumasc iasachta (nó páirt-lomaistriúcháin) cuid de chomhfhocal gan na codanna eile a aistriú.[6] Mar shampla, is páirt-lomaistriúchán éSaorview, ainm sheirbhís teilifíse dhigiteach na hÉireann, arFreeview, seirbhís dhigiteach na Ríochta Aontaithe, ag aistriú an chéad leath den fhocal ó Bhéarla go Gaeilge ach ag fágáil an dara leath gan athrú. Samplaí eile is ea: “liverwurst” (< GearmáinisLeberwurst), “apple strudel” (< GearmáinisApfelstrudel).
Is aistriúchán iasachta de fhrása sa bhFraincismarché aux puces (margadh le dreancaidí) é an frása coitianta Béarlaflea market (Gaeilge:margadh na míol[7]). I measc na leaganacha náisiúnta eile, tá:
- ↑May Smith,The Influence of French on Eighteenth-century Literary Russian, pp. 29–30.
- ↑Foreign Words. Fowler, H. W. 1908. The King's English
- ↑If my Calqueulations are Correct, Paul Weston
- ↑Claude Gilliot, "The Authorship of the Qur'ān" in Gabriel Said Reynolds,The Qur'an in its Historical Context, p. 97
- ↑Specialised Dictionaries for Learners edited by Pedro Antonio Fuertes Olivera, p. 187
- ↑Philip Durkin,The Oxford Guide to Etymology, sec. 5.1.4
- ↑Pádraig Ó Mianáin, eag.: “flea market — Aistriúchán Gaeilge ar flea market (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga).An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2022-10-26.