Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Lomé

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilLomé

Independence Monument, Lome(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 6° 07′ 48″ N, 1° 12′ 57″ E / 6.13°N,1.2158°E /6.13; 1.2158
StáitTóga
Region of Togo(en)AistrighMaritime(en)Aistrigh
Maoracht i dTógaGolfeCuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán837,437 (2010)Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús9,304.86hab./km²
Tíreolaíocht
Cuid deMaritime(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla90,000,000 m²Cuir in eagar ar Wikidata
Suite i nó in aice le limistéar uisceMurascaill na GuineCuir in eagar ar Wikidata
Airde10 mCuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama

Is éLomé príomhchathairThóga agus an chathair is mó sa tír. Tá sé suite i ndeisceart na tíre ar chóstaMhurascaill na Guine, cóngarach do theorainnGhána in oirthear na hAfraice. Lárionad riaracháin agus tionscail na tíre atá ann. Tá an calafort is mó sa tír ann freisin; easpórtáiltearcaife,cócó,copra agus eithní pailme tríd. Tá scaglann ola ann chomh maith. Tá 837,437 duine ina gcónaí sa chathair féin agus 1,570,283 sa mhórcheantar uirbeach.

Ba sa 19ú haois a thosaigh trádálaitheGearmánacha,Briotanacha agus Afraiceacha dul i mbun a gcuid gnó san áit ina bhfuil Lomé inniu. Rinneadh príomhbhaile na coilíneachta Gearmánaí, an Tógalainn, den lonnaíocht sa bhliain 1897. Tháinig anFhrainc i gceannas ar an tír uilig mar thoradh aran Chéad Chogadh Domhanda.

Nuair a bhain Tóga a neamhspleáchas ón bhFrainc amach sa bhliain 1960, bhí cónaí ar 80,000 duine in Lomé. Faoin mbliain 1970 bhí cónaí ar 200,000 duine ann.


Naisc sheachtracha

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Lomé&oldid=1199646"
Catagóirí:
Catagóirí folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp