Ceapadh é inaThaoiseach don chéad uair ar 14 Meitheamh 2017,[2] agus arís ar 17 Nollaig 2022. 38 bliain d’aois a bhí Varadkar nuair a ceapadh ina Thaoiseach den chéad uair é in 2017. Ba é an Taoiseach is óige riamh agus bhí sé ar an gcéad duine aerach le bheith ina Thaoiseach.[3] D'fhógair sé ar 20 Márta 2024 go n-éireodh sé as mar cheannaire Fhine Gael agus mar Thaoiseach.[4][5][6][7]
Bhí Varadkar ina bhall deYoung Fine Gael, óg-ghluaiseacht an pháirtí, i gColáiste na Tríonóide.
Comhthoghadh é do Chomhairle ChontaeFhine Gall in áit Sheila Terry sa bhliain2003 (24 bliain d'aois). Atoghadh é don chomhairle i gceantarChaisleán Cnucha sa bhliain2004 (fuair sé an vóta chéad rogha is airde sa stát).
Toghadh Varadkar chun na Dála den chéad uair sa bhliain2007 (28 bliain d'aois) agus atoghadh é sa bhliain2011. Ba urlabhraí Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta an pháirtí é ó 2007 go2010.
Bhí Varadkar páirteach in iarracht ceannaireacht an pháirtí a bhaint óÉanna Ó Coinnigh sa bhliain 2010. Theip ar an iarracht ach athcheapadh é don bhinse tosaigh mar urlabhraí Cumarsáide agus Acmhainní Nádúrtha.
Threoraigh Varadkar roinnt áirithe tionscnamh mar Aire Iompair, Turasóireachta & Spóirt (2011-14):
Ghlac Varadkar an cinneadh ó thaobh líonraí comaitéireachta aniarnróid éadroim agus an iarnróid throm a nascadh le chéile i mBaile Átha Cliath trí Thionscadal TraschathrachLuas;
D’oscail Varadkar a thuilleadh busbhealaí i gcomhair na hiomaíochta;
Rinne Varadkar forbairt a atosú ar an gCampas Náisiúnta Spóirt;
I mí Iúil na bliana 2014, nuair a rinne an taoiseach go leor athruithe pearsanra sa chomhaireacht, ceapadh ina Aire Sláinte é, mar chomharba ar James Reilly. Bhí géarchéim ann maidir le líon othar ar thralaithe le linn shaoire na Nollag 2014, agus cáineadh an tAire Sláinte mar gheall ar go raibh sé ar saoire le linn na héigeandála.
Mar Aire Sláinte
Dhaingnigh Varadkar méadú €1bn sa bhuiséad sláinte;
Thug sé isteach cúram Liachleachtóirí Ginearálta saor in aisce do gach leanbh faoi bhun sé bliana d’aois agus do gach seanóir atá 70 bliain d’aois;
D’fhoilsigh Varadkar an chéad Straitéis Náisiúnta Máithreachais a rinneadh in Éirinn riamh;
Dhaingnigh Varadkar maoiniú agus cead pleanála i dtaca le Nua-Ospidéal Náisiúnta naLeanaí in Éirinn;
D’oibrigh Varadkar go tréan ar mhaithe le Plean “Éire Shláintiúil” anRialtais chun sláinte mhuintir na hÉireann a fheabhsú, thug sé isteach an chéad reachtaíocht umshláinte phoiblí a achtaíodh in Éirinn chun praghsáil, infhaighteacht agusmargaíocht na ndeochannaalcóil a rialáil.
Le linn thoghchán na ceannaireachta i bhFine Gael in 2017, chuir Varadkar cáipéis polasaí amach ina raibh mír faoin nGaeilge.[8]
Ar 2 Meitheamh 2017, bhí Varadkar tofa mar ceannaire Fhine Gael. Ar 14 June 2017, bhí sé roghnaithe mar Taoiseach tar éis vóta 57–50 le 47 staonadh. Ba é Varadkar an Taoiseach ab óige riamh ag an am sin, agus an chéad Taoiseach aerach agus an chead Ceannaire Rialtais de leath-bhunadh na hIndia.
Bhí béim mhór aige ar an nGaeilge ina chéad óráid mar Thaoiseach sa Dáil. Dúirt sé chomh maith go raibh iarracht mhór á déanamh aige an Ghaeilge a fhoghlaim. Ach d’fhógair an Taoiseach nua sa Dáil gurbh í an Roinn Cultúir a thabharfaí feasta ar an roinn a mbeadh cúram na Gaeltachta uirthi. Ba é seo an chéad uair nach mbeadh ‘an Ghaeltacht’ luaite i dteideal aon roinn rialtais ó bunaíodh Roinn na Gaeltachta i 1956.[8]
Ceapadh Varadkar ina Thaoiseach don dara huair ar 17 Nollaig 2022, Tháinig sé i gcomharbacht arMhicheál Martin mar chuid den socrú rialtais, 2020, idir Fine Gael agus Fianna Fáil, agus i gceannas ar an gcomhrialtas in éineacht leis na páirtithe Fianna Fáil agus anComhaontas Glas.[12][3]
Ar an bpaindéim ba mhó a bhí aird an rialtais sa chuid dheireanach dá chéad théarma mar Thaoiseach. Thug sin deis dó cuma an státaire a chur air féin sna hóráidí móra a thugadh sé ar mhaithe leis an bpobal a chur ar an eolas faoi na rialacha is déanaí agus iad a spreagadh chun cloí leo.
B’údar bróid ar leith dó, a dúirt sé nuair a d'éirigh sé as, gur éirigh leis an maoiniú do chúrsaí cultúir a dhúbailt.
Go dtí 2017, níor thug Varadkar aon óráid shubstaintiúil faoin nGaeilge sa Dáil le linn a chéad deich mbliana sa Dáil. Ach é ina Thaoiseach léirigh sé tuiscint ar thábhacht shiombalach na Gaeilge. In 2021 dúirt sé cúpla babhta go gcaithfí machnamh a dhéanamh ar stádas bunreachtúil na Gaeilge a athrú mar chuid d’aon iarracht Éire a athaontú.[8]
I dtús a ré mar Thaoiseach d’fháiltigh an tOrd Oráisteach roimhe ina Mhúsaem in oirthear Bhéal Feirste agus rinne sé an oscailt oifigiúil ar Fhéile an Phobail i gceantar na bhFál, an ceiliúradh in iarthar na cathrach a bhfuil Sinn Féin bródúil as.
Dúirt aontachtaithe gur mhinic a d’easaontaigh siad ach gur deineadh é go múinte.. Cé gur léirigh sé i bhfad níos mó spéise in Éire aontaithe ná mar is dual do Thaoisigh ó Fhine Gael, cháin poblachtánaithe é as easpa ullmhúcháin le haghaidh reifreann faoin teorainn.[13]
ChuirBreatimeacht cor diúltach ina chaidreamh le haontachtaithe, toisc gur chuir sé cos i dtaca chun teorainn chrua iar-Bhreatimeachta ar oileán na hÉireann a chosc. Thuill sé féin agus a chomhghleacaí,Simon Coveney moladh as sin ó dhaoine ar mhian leo fanacht san Aontas Eorpach agus srian a chur leis an dochar ón mBreatimeacht.[13]
Ar 20 Márta 2024, d'fhógair Varadkar go raibh sé ag éirí as a phost mar Thaoiseach agus mar cheannaire Fhine Gael, agus é ag rá gurb é an t-am a chaith sé ina Thaoiseach “an tréimhse is sásúla de mo shaol” agus go raibh “Éire á stiúradh aige ón dífhostaíocht go dtí an lánfhostaíocht, ó easnamh buiséid go barrachas buiséid, ó dhéine go rathúnas”. Dúirt sé go raibh sé “bródúil as go bhfuil an tír ina háit níos cothrome agus níos nua-aimseartha maidir le cearta leanaí, an phobail LADT, comhionannas do mhná agus a neamhspleáchas coirp”. Dúirt Varadkar go raibh sé le n-éirí as "ar chúiseanna pearsanta agus polaitiúla", ach ní dúirt sé níos mó faoin chúis lena chinneadh.[14][15][7]
Bhí Varadkar 45 bliain d'aois ag an am agus thug sé le tuiscint cheana go raibh rún aige éirí as an bpolaitíocht sula mbeadh an leathchéad sáraithe aige.[16]
Rugadh Varadkar i mBaile Átha Cliath. IsÉireannach í a mháthair.[17]
Ciallaíonn Varadkar ‘as Varad’, baile beag sanIndia arbh as muintir athair an Taoisigh, Ashok Varadkar, ó thús.[18] Bhog Ashok go hÉirinn sna1960idí.[19] Dochtúir is ea a athair, a d'oibrigh mardhochtúir teaghlaigh i mBaile Bhlainséir.
Bhronn an Coimisinéir Teanga Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil ar Varadkar i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath ar 7 Meán Fómhair 2017.[21]
Roimh an bhliain 2017, chloígh Varadkar le ‘Leo Varadkar’ nuair a bhí gnó oifigiúil aige i nGaeilge. Ach ba é an sloinne "Leo de Varad" a roghnaigh sé le cur ar an teastas Gaeilge sa bhliain 2017.[20]
I mí Eanáir 2015 d'fhógair Varadkar ar an gclár raidióMiriam on Sunday go bhfuil séaerach. Theastaigh uaidh an méid sin a dhéanamh poiblí ionas nach gceapfaí go raibh clár folaithe oibre aige maidir leis an reifreann ar chomhionannaspósta ná ar cheisteanna eile. Dúirt sé gurduine an-phríobháideach é agus go leanfadh cúrsaí mar a bhí ón taobh sin de.
I mí na Nollag 2022, glacadh físeán de Varadkar i gclub oíche i mBaile Átha Cliath, ag pógadh fear.[22] Ar 11 Nollaig 2022, foilsíodh físeán den eachtra seo ar na meáin shóisialta. Cíoradh an scéal i gcuid de na meáin ina dhiaidh sin.[23][24]