Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Lego

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaLego
(da)Lego A/SCuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósLegoCuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálcuideachta phríobháideachCuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíaktieselskabCuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1932
Bunaitheoir(í)Ole Kirk ChristiansenCuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
TáirgeLego agusbogearraCuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Príomhoifigeach feidhmiúcháinNiels B. Christiansen(2017–)Cuir in eagar ar Wikidata
Stiúrthóir/bainisteoirNiels B. ChristiansenCuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe25,136(2023)Cuir in eagar ar Wikidata
MáthaireagraíochtKirkbiCuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirKirkbi (75%).
Koldingvej 2, Billund (25%).Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Táscaire eacnamaíoch
Ioncam iomlán65,914 Mkr(2023)Cuir in eagar ar Wikidata
Glanbhrabús9,174 Mkr(2015)Cuir in eagar ar Wikidata
Sócmhainní iomlána27,877 Mkr(2015)Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinlego.comCuir in eagar ar Wikidata

Facebook: legoX: LEGO_GroupInstagram: legoLinkedIn: lego-groupYoutube: UCP-Ng5SXUEt0VE-TXqRdL6gSpotify: 7K5Pd9Rp3Gd6NFlulKHIzdApple Music: 1548462192Amazon Music: B08RZ811DWDeezer: 118657612Cuir in eagar ar Wikidata

Is sraith de bhréagáin thógála a bhfuil gnaoi an phobail air éLego (tá trádmharc ar LEGO le litreacha móra) a tháirgeannThe Lego Group, comhlacht príobháideach atá lonnaithe inBillund naDanmhairge. Tá sé bunaithe ar bhrící beaga daite den chuid is mó. Is as stiréin bhútaidhé-éine aicrilinítríle atá na brící déanta. Cruthaítear 19 billiún bríce sa bhliain, nó thart ar 36,000 bríce gach nóiméad agus cruthaíodh breis is 400 billiún bríce ón mbliain1958 i leith. Tá réimse leathan de rudaí ar féidir a thógáil le brící Lego; tá 915 milliún bealach ann le 6 bhríce Lego a chur lena chéile.

Cúlra an chomhlachta

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Lego Duplo

Is óleg godt naDanmhairgise a thagann an focal Lego,spraoi go maith a chiallaíonn sé. Ba shiúnéir Danmhairgeach é Ole Kirk Christiansen a thosaigh an comhlacht sa bhliain1932 agus dhéantaí bréagáin adhmaid ar dtús. Is sa bhliain1949 a thosaigh an comhlacht ag cur brící tógála ar fáil agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Tuigtear go bhfuil suas le 62 bríce ann in aghaidh gach duine ar an domhan seo.

Bhí deacrachtaí gnó ag Lego ag tús na mílaoise seo is ní raibh brabús á dhéanamh acu. D'imigh paitinn na mbrící ó mhaith agus bhí cead ag comhlachtaí ar nósMegablocks agus eile brící atá inúsáidte le brící Lego féin a chruthú. Tar éis do Lego díriú ar fhoirne speisialta do dhomhanHarry Potter agusStar Wars is nascadh le cluichí ríomhaireachta is mar sin de tháinig athrú ar chúrsaí. Locht a fhaightear orthu ná go bhfuil an costas ard go maith. Cuid den fáth go bhfuil costas chomh hard sin ar Lego, dar leis an gcomhlacht, ná go bhfuil siad fíorthiomanta táirge ar ardchaighdeán a chur ar fáil.

Legoland

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tá páirceanna siamsaíochta ann darbh ainm Legoland le rollchostóirí is olldealbha déanta as Lego. Bíonn ceardlanna ar fáil iontu chomh maith. Tá sé cinn suite ar fud an domhain.

  • LegolandWindsor
  • Legoland Billund (An Danmhairg)

Mindstorms

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Is éMindstorms an pacáiste aonair is mó díol riamh ag an gcomhlacht agus is iomaí comórtas innealtóireachta is deartha do leithéidíNASA a bhaineann úsáid as na brící cliste seo. Is bealach atá ann le gluaiseacht a chur faoi Lego agus ríomhchláru a dhéanamh ar róbait Lego.

Eolas eile

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tá scannáin, is cláir theilfíse bunaithe ar Lego ann. Táthar ann a dhéanann ealaín as na brící, dealbha móra nó radharcanna atá lomlán le mionsonraí. Tá leagan denBhíobla curtha i láthair trí Lego ann. Cuireann roinnt den nuálaíocht seo agus na mionpháirteanna speisialaithe ach go háirithe as do chuid de lucht leanúna Lego.

Ní dhéantar gunnaí ach do na seiteanna fantaisíochta, toisc nár mhaith leis an gcomhlacht an foréigean a chur chun cinn. Tá poll i gcloigeann na gcarachtar le nach dtachtfaidh páistí orthu. Ní bhíodh daoine le gruaig fhionn ann mar nach n-oirfeadh sé do na haghaidheanna buí.

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
    Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Lego&oldid=1049371"
    Catagóirí:

    [8]ページ先頭

    ©2009-2026 Movatter.jp