Clubpeile atá suite iLeeds, Iarthar Yorkshire is eaLeeds United Association Football Club, nó go simplíLeeds United. Cé gur imir an fhoireann ibPríomhroinn Shasana uair amháin, imíonn siad anois i sraith níos ísle. Tá a staid baile, Elland Road, suite i mBeeston, áit a d'imir siad ó bhúnú an chlub sa bhliain1919. Tugtar "Leeds" orthu go minic nó na "Whites" mar leasainm mar gheall ar na geansaithe bána.
Cé go bhfuil "AFC" in ainm oifigiúil an chlub agus bhí sé le feiceáil ar an suaitheantas san aimsir caite, níl ach "LUFC" le feiceáil ar an suaitheantas inniu.
Elland Road
Don chuid is mó dá stair d'imir siad i bpríomhroinn Shasana. Faoi bhainisteoireacht Don Revie i rith na1960í agus1970í, bhuaigh Leeds cúpla trófaithe intíre agusEorpach. Cuireadh síos iad go dtí an dara roinn sa bhliain1982, agus d'fhill siad ar an bpríomhroinn sa bhliain1990. Bhuaigh siad an tsraith sa bhliain1992. Tar éis tubaistí airgeadais cuireadh síos iad go dtí "League One" don séasúr2007–08. Sa séasúr 2009/10, bhuaigh Leeds ardú go dtí an Championship tar éis 3 bliain caite i League One. Ar an 21ú Nollaig, ceannaigh "GFH Capital" 100% den chlub as Ken Bates, ach fánóidh Bates go dtí deireadh an séasúr.