Cineál spóirt í anleadóg ina bhfuil beirt imreoirí nó dhá fhoireann (beirt imreoirí ar aon fhoireann amháin) ag bualadh na liathróide thar líon taobh istigh den chúirt imeartha.
Mura n-éiríonn le himreoir an liathróid a chur thar an líon isteach i leathchúirt an fhreasúra, caillfidh sé/sí an pointe. An fhoireann is mó a scórálfaidh pointí, is léi a bheidh an bua. Úsáidtear raicéid leis an liathróid bheag a bhualadh. Imrítear leadóg ar cheithre dhromchla - crua, cré, féar agus cairpéad.
Bíonn ceithre phríomh-chomórtas leadóige, (comórtaisGrand Slam) ar siúl gach bliain - anAustralian Open sanAstráil (cúirteanna crua), anTournoi de Roland-Garros saFhrainc (cúirteanna cré),The Championships, Wimbledon iLondain,Sasana (cúirteanna féir), agus anUS Open iMeiriceá (cúirteanna crua).
Tá cáil mhór ar an gcomórtas leadóige a imrítear ar chúirtWimbledon chuile Shamhradh. Téann na himreoirí móra cáiliúla ar fad goSasana le páirt a ghlacadh sa gcomórtas seo agus is éacht ann féin é an chraobh a thabhairt leat i Wimbledon. Is iomaí imreoir clúiteach a cuireadh dá gcos sa gcomórtas agus is minic go mbíonn sé fíordheacair breithiúnas a thabhairt ar an mbuaiteoir. Téann maithe agus móruaisle chuig na comórtais. Caitear na milliúin ar chúltaca galánta, hataí péacógacha agusspéaclaí gréine. Itear neart sú talún agus uachtar. Má theastaíonn uait freastal ar an ócáid mhór seo ní mhór duit do dheis a thapú go luath agus ticéad a chur in áirithe, ach glac leis go mbeidh lán ladhair le hioc agat ar an ticéad.Craoltar an ócáid ar TG4 agus BBC chuile bhliain.
Is seanspórt í an fíor-leadóg, a bhí á himirt san Eoraip i rith na Meánaoise, ach ba iad na Sasanaigh a chuir tús leis an gcluiche nua-aimseartha sa naoú haois déag. Sa bhliain 1877 a cuireadh tús le craobh Wimbledon. Thosaigh an National Lawn Tennis Championship (US Open) i Newport, Rhode Island, sa bhliain 1881,[1] craobh Roland Garros sa bhliain 1891[2] agus an Australian Open sa bhliain 1905.[3]