Is éard atá i gceist leleabhar ná cáipéis lámhscríofa nó chlóbhuailte de 25 bileog ar a laghad, déanta de pháipéar, veilliam nó pár, ceangailte le chéile ar feadh imill amháin, clúdach cosanta greamaithe leis, agus gan aon súil go bhfoilseofar go rialta é.[1]
Is féidir ríomhleabhair agusclosleabhair a fháil sa lá atá inniu ann. Ní leabhar clóite iad ríomhleabhair, ach comhad arríomhaire ar féidir é a léamh ar nós leabhair.
Cuirtear bailiúchán mór leabhar i dtaisce ileabharlann.
'Leabhragán' a ghlaoitear ar an dtroscán ar a gcuirtear leabhair ina seasamh.
Leabhar Mhic Cárthaigh Riabhaigh (Finghin agus a phósadh)
Is é ‘The Etruscan Gold Book’[4] b'fhéidir an 'leabhar' is sine ar domhan (660RC), a deirtear uaireanta, má leabhar atá ann... ní raibh ann achcoidéacs.
Is féidir lorg na leabhar is luaithe a chur siar go dtían tSín sa 3ú céad RC, foirm le bileoga bambú a bhí ceangailte le cordaí. San iarthar tháinig an coidéacs Rómhánach (bileoga páir nó veilleam ceangailte ina leabhar) in ionad rolla paipíre na nÉigipteach is na nGréagach.[1]
Rinneadh leabhair lámhscríofa iontacha mhaisithe sna mainistreacha in Éirinn is iarthar na hEorpa ón ré dhorcha go dtí i ndiaidh ceapadh na clódóireachta san Eoraip timpeall lár an 15ú céad.
Leabhar Síneach is ea an chéad leabhar clóbhuailte atá ar eolas (868 AD).
Roimh an 15ú céad, is asSínis,Seapáinis nóCóiréis leabhair chlóbhuailte uile an Domhain. I 1450-1750 clóbhuaileadh níos mó leabhar as Sínis ná teanga ar bith eile. Mar thoradh ar fhionnadh na clódóireachta san iarthar agus ceapadh páipéir i lár an 15ú céad, méadaíodh táirgeadh na leabhar clóbhuailte san Eoraip go mór.
Tugtarincunabulum (bindealáin) ar aon cheann den 35,000 leabhar a clóbhuaileadh san Eoraip roimh 1500. Cuireadh na leabhair chlóbhuailte is luaithe, cosúil le Bíobla 42 líne Gutenberg (1456), i gcló dubh ar bhealach atá an-chosúil le dearadh leabhair lámhscríofa naMeánaoise.
Faoi dheireadh an 15ú céad cuireadh airíonna breise leo, cosúil le leathanach an teidil is uimhriú na leathanach.
I 1501 rinneAldus Manutius as anVeinéis réabhlóid i dtáirgeadh leabhar nuair a d'fhoilsigh eagráin póca de na saothair chlasaiceachaLaidine le cló dlúth iodálach agus rith cló suas le 1,000. I ndiaidh anReifirméisin d'éirigh an chinsireacht an-dian. I lár an 16ú céad foilsíodh innéacs na leabhar coiscthe, agus i Sasana eisíodh cairt ríoga do Chomhlacht na Stáiseanóirí a thug monaplacht beagnach iomlán dó ar chead foilsithe sa tír.
Sa19ú céad tugadh isteach clóchuradóireacht mheicniúil, páipéar saor, stallaí leabhar ag na stáisiúin nua traenach, leabharlanna poiblí, agus forbairtí eile a leathnaigh margadh na leabhar go mór.
Sa20ú céad tháinig clóphreasanna príobháideacha, clubanna leabhar, teicníochtaí nua priontála, leabhair faoi chlúdach bog, agus téacsleabhair scoile is ollscoile, ionas gur foilsíodh níos mó teideal ná riamh.[1]
Sa21ú céad tá an leabhar leictreonach, nó ríomhleabhar, tagtha ar an bhfód agus ag bagairt ar an leabhar clóscríofa, b'fhéidir. Sa bhliain 2011, thosaigh níos mó daoine ag ceannach r-leabhar ná gnáthleabhar.
Ceiliúrtar“Lá na Leabhar” in Éirinn ar an gcéad Déardaoin de mhí an Mhárta. Bíonn a lán imeachtaí éagsúla ar siúl sna scoileanna agus sna leabharlanna in Éirinn. Má shampla gléasann páistí suas mar charachtair éagsúla ó leabhair spéisiúla.
Bhí Lá na Leabhar ar siúl den chéad uair in Éirinn sa bhliain 1995.