Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Lúitéitiam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachLúitéitiam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach
Lúitéitiam satábla peiriadach
Siombail cheimiceachLu
Uimhir adamhach71
Mais adamhach174.96669 agus 174.9668
Peiriad, Grúpalantanóidigh
peiread 6
Airíonna fisiceacha
Dlúskg/m⁻³
Leictridhiúltacht1
Ga ianach0.86 agus 0.97
Stair
AimsitheoirGeorges Urbain agusCarl Auer von Welsbach
Fionnachtain1906
EapainmLutetia

Is é anlúitéitiamdúil uimhir a 71, agus é ar an gceann is troime de nalantanóidigh. Is é an tsiombail cheimiceach a sheasann dó sna foirmlí náLu. Miotal geal é agus é réasúnta díonta ar an gcreimeadh. Dúil thrífhiúsach é, is é sin, is é +III an staid ocsaídiúcháin is coitianta a bhíonn aige ina chuid comhdhúl, díreach cosúil leis na lantanóidigh eile. Tá an lúitéitiam nádúrtha comhdhéanta as dháiseatóp: an t-iseatóp cobhsaí, lúitéitiam a 175, agus an raidiseatóp nádúrtha, lúitéitiam a 176 (2.59 % de lúitéitiam an dúlra). Tá an raidiseatóp sin chomh fadsaolach, áfach, gur féidir dearmad a dhéanamh dá radaighníomhaíocht sa ghnáthshaol.

Is dual don lúitéitiam smúid ocsaíde a fháil faoi thionchar an aeir, agus má théitear go 150 céim Celsius é, rachaidh sé trí thine le ocsaíd lúitéitiam (III), Lu2O3, a dhéanamh. Imoibreoidh sé leis na halaiginí freisin, ionas go nginfear halaiginídí: LuF3, LuCl3, LuBr3, LuI3. Tá an iaidíd donn, agus an trí halaiginíd eile bán.

Stair

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Triúr saineolaithe a rinne fionnachtain an lúitéitiam sa bhliain 1907 beag beann ar a chéile, mar atá, an Francach Georges Urbain, an tOstarach Carl Auer von Weisbach, agus an Meiriceánach Charles James.[1]Ceimiceoirí a bhí sa bheirt eile, agus Weisbach ina mhianreolaí. Tháinig gach duine acu ar an lúitéitiam mar thruailleán san itéirbia, is é sin, an ocsaíd itéirbiam. Ba é Urbain a bhaist an dúil nua.Lutetia an seanainmLaidine arPháras, príomhchathair na Fraince. Thug Weisbach, nach raibh sásta onóir na fionnachtana a ghéilleadh d'Urbain, caiseoipiam ar an lúitéitiam, agus é ag tagairt don réaltbhuíon údCaiseoipé. Bhaineadh saineolaithe Gearmánacha úsáid éigin as an dara hainm sin go dtí na caogaidí, ach inniu, táthar sásta lúitéitiam a thabhairt ar an dúil seo.

Minicíocht gheolaíoch agus táirgeacht

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Bíonn lúitéitiam ar fáil san áit a bhfuil na tearcithreacha eile, ach tá sé deacair é a aonrú agus a dhealú uathu. Le fírinne níor haonraíodh an miotal glan lúitéitiam ach le déanaí. Mar sin, tá sé ar ceann de na dúile is daoire amuigh. Níl an t-ór féin ach ceithre oiread chomh daor le lúitéitiam.

Úsáid

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Ní úsáidtear mórán lúitéitiam sa teicneolaíocht, nó ní bhíonn sé praiticiúil, chomh tearc is atá sé. Is féidir, áfach, leas a bhaint as mar chatalaíoch i scoilteadh na móilíní móra sna scaglanna artola. Scéal eile fós gur miosúr ar aois na ndreigítí é an coibhneas idir lúitéitiam a 176 (máthairiseatóp) agus haifniam a 176 (iníoniseatóp).

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Tá a thuilleadh meán agCómhaoin Wikimediaa bhaineann le:Lúitéitiam.

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodhan bunleathanach ar 2013-10-12. Dáta rochtana: 2011-06-06.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Lúitéitiam&oldid=1174617"
Catagóirí:
Catagóir folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp