Is íKuopio an chathair is mó in Oirthear naFionlainne. Bhí cónaí ar breis is 90,000 duine ansin sa bhliain 2008. Tá lár na cathrach timpeallaithe agLoch Kallavesi, agus a lán botháin saoire sa chathair, toisc go bhfuil cuid mhór trá agus cladaí ansin. Tá Kuopio suite i gCúige na Fionlainne Thoir, arb íMikkeli a phríomhchathair, cé nach bhfuil sí ach leath chomh mór le Kuopio ó thaobh an daonra de.
Tógadh an chéad eaglais in Kuopio saséú haois déag, agus an t-áitreabh ag fás aníos ina timpeall. Bhronn an GobharnóirPeadar Brahe cairt na cathrach ar Kuopio an chéad uair sa bhliain 1653, ach tháinig meath ar an áit ina dhiaidh sin. Fuair Kuopio cairt nua sa bhliain 1775 óGhustaf a Trí, Rí naSualainne. Tháinig an-fhorbairt ar Kuopio de réir is mar a bhí na bealaí tráchta ag dul chun feabhais: gearradh canáil Taipale in aice leVarkaus sa bhliain 1840, agus hosclaíodh canáil Saimaa sa bhliain 1856. Tháinig an t-iarnród a fhad le Kuopio sa bhliain 1889. Bunaíodh na chéad mhonarchana in Kuopio sanaoú haois déag.
TháinigOllscoil Kuopio ar an bhfód mar choláiste acadúil sna1970idí, agus fuair sé ainm na hollscoile sa bhliain 1984.
Is é Cnoc Puijo is mó a tharraingíonn turasóirí go dtí an chathair, agus túr ard craolacháin tógtha sa mhullach ar an gcnoc. Tá bialann á reáchtáil thuas sa túr freisin, agus í ag dul timpeall, ionas gur féidir leis na cuairteoirí lán a súl a bhaint as na lochanna agus na hoileáin máguaird. Tógadh an túr sa bhliain 1963, ach roimhe sin, bhí dhá thúr ní b'ísle ar an gcnoc.
Is é an rud is mó a shamhlaíonn muintir na Fionlainne le Kuopio ná canúint Oirthear na Fionlainne. Canúint í a bhfuil blas na tuaithe uirthi, agus is díol iontais dá lán a thagann go Kuopio go bhfuil an chanúint le cloisteáil go nádúrtha sa chathair.
Tá clú agus cáil ar mhargadh na cathrach freisin, áit a bhfuil bia an Oirthir le ceannach, go háirithe ankalakukko, nó builín aráin a bhfuil muiceoil agus iasc bácáilte istigh ann. Is é an cineál éisc is minicí a úsáidtear ná an pollán, arb é an cineál éisc is mó a mharaítear i gceantar na lochanna in oirthear na Fionlainne.