Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

John F. Kennedy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn F. Kennedy

(1963)Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(mul)John Fitzgerald KennedyCuir in eagar ar Wikidata
29 Bealtaine 1917
Brookline, MassachusettsCuir in eagar ar Wikidata
Bás22 Samhain 1963
46 bliana d'aois
Ospidéal Cuimhneacháin Parkland, TexasCuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisDúnbhású (Hit on head with handle of gun and strangled(en)Aistrigh)
Áit adhlacthaReilig Náisiúnta Arlington, Section 45, grave S-4538° 52′ 54″ N, 77° 04′ 17″ O / 38.881546°N,77.071477°W /38.881546; -77.071477Cuir in eagar ar Wikidata
35Uachtarán na Stát Aontaithe
20 Eanáir 1961 – 22 Samhain 1963 (bás in oifig)
← Dwight D. EisenhowerLyndon B. Johnson →
28Uachtarán tofa na Stát Aontaithe
8 Samhain 1960 – 20 Eanáir 1961
← Dwight D. EisenhowerRichard Nixon →
Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 1959 – 22 Nollaig 1960 (éirí as)Benjamin A. Smith II →


Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 1957 – 3 Eanáir 1959


Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 1955 – 3 Eanáir 1957


Seanadóir na Stát Aontaithe
3 Eanáir 1953 – 3 Eanáir 1955
← Henry Cabot Lodge Jr.


Ionadaí na Stát Aontaithe
3 Eanáir 1947 – 3 Eanáir 1953
← James Michael CurleyTip O'Neill →
Faisnéis phearsanta
Grúpa eitneachGael-Mheiriceánaigh
ReiligiúnCaitliceachas
Scoil a d'fhreastail sé/síStanford Graduate School of Business(en)Aistrigh (1940–1941)
Coláiste Harvard-caidreamh idirnáisiúnta (1936–1940)
Ollscoil Princeton (1935–1936)
Choate Rosemary Hall(en)Aistrigh (1931–1935)
Canterbury School(en)Aistrigh (1930–1931)
Edward Devotion School(en)Aistrigh (1922–)
Scoil Noble agus Greenough
London School of Economics
Riverdale Country School(en)Aistrigh
Dexter School(en)Aistrigh (–1927)Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheJohn Fitzgerald Kennedy National Historic Site(en)Aistrigh
Teanga dhúchaisBéarla Meiriceánach
Airde185 cmCuir in eagar ar Wikidata
LámhcheannasDeasógacht
Dath súileCnódhonn
Dathán gruaigeGruaig dhonn
Gníomhaíocht
Suíomh oibreWashington, D.C.Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, scríbhneoir, oifigeach cabhlaigh, státaire, iriseoir, frithchumannaíCuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1941 –  1945
Ball de pháirtí polaitíochtaan Páirtí DaonlathachCuir in eagar ar Wikidata
Ball de
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
GéillsineStáit Aontaithe Mheiriceá
Brainse míleataCabhlach na Stát Aontaithe
Céim mhíleatameirgire(1941–1942)
lieutenant junior grade(1942–1943)
leifteanant(1943–1945)Cuir in eagar ar Wikidata
CoinbhleachtAn Dara Cogadh Domhanda,Cogadh an Aigéin Chiúin agusSolomon Islands Campaign(en)Aistrigh
Ghlac sé/sí páirt i
1963commencement at the American University(en)Aistrigh
1950commencement at the University of Notre Dame(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Suíomh a chartlainne
Teaghlach
TeaghlachKennedy family(en)AistrighCuir in eagar ar Wikidata
CéileJacqueline Kennedy Onassis(1953–1963),bás an duineCuir in eagar ar Wikidata
PáirtíMarilyn Monroe
Florence Pritchett
Pamela Turnure
Kay Stammers
Angie Dickinson
Jeanne Carmen
Marlene Dietrich
Frances Ann Cannon
Inga Arvad
Mary Pinchot Meyer
Gene Tierney
Judith Exner
Gunilla von Post
Mimi Alford(1962–1963)Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJohn F. Kennedy Jr.
 (Jacqueline Kennedy Onassis)
Arabella Kennedy
 (Jacqueline Kennedy Onassis)
Patrick Bouvier Kennedy
 (Jacqueline Kennedy Onassis)
Caroline Kennedy
 (Jacqueline Kennedy Onassis)Cuir in eagar ar Wikidata
AthairJoseph P. Kennedy  agus Rose Kennedy
SiblínJoseph P. Kennedy,Rosemary Kennedy,Kathleen Cavendish,Eunice Kennedy Shriver,Patricia Kennedy Lawford,Robert F. Kennedy,Jean Kennedy Smith agusTed Kennedy
Croineolaíocht
14 Deireadh Fómhair 1962-28 Deireadh Fómhair 1962Géarchéim na nDiúracán i gCúba
1962-1979Cold War (1962–1979)(en)Aistrigh
1 Samhain 1955-30 Aibreán 1975Cogadh VítneamCuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú


Suíomh gréasáinwhitehouse.gov…Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0448123FilmAffinity: 584037387Allocine: 464279Allmovie: p37720Metacritic: person/john-f-kennedyTV.com: people/john-f-kennedyAFI: 173036TMDB.org: 21111
Musicbrainz: 2966f67a-ed7a-43e7-9a6a-a14aa592b246Discogs: 441676Goodreads author: 3047Find a Grave: 574Project Gutenberg: 1666Cuir in eagar ar Wikidata

BhíJohn Fitzgerald "Jack" Kennedy, Sr. (29 Bealtaine1917 -22 Samhain1963), nóJFK mar a thugtar go minic air, ina 35úUachtarán ar na Stáit Aontaithe idir1961 agus1963, nuair a feallmharaíodh é. Eisean an duine ab óige a toghadh maruachtarán riamh, agus an t-aon uachtaránCaitliceach a bhí ann (roimhJoe Biden).

Tús a shaoil

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Rugadh agus tógadh Kennedy i mBrookline, baile iMassachusetts sa bhliain1917. Mac leis an bpolaiteoir iomráiteachJoseph P. Kennedy, Sr. agus Rose Fitzgerald ab ea é. D'fhreastail Kennedy arScoil Edward Devotion ar dtús ar feadh ceithre bliana, agus ansin Scoil Dexter i mBostún, agus bliain amháin eile ag Scoil Canterbury. Tar éis Canterbury, chuaigh sé isteach i Choate Rosemary Hall i Wallingford,Connecticut. Ceann de na scoileanna chónaithe is fearr satír ab ea í, agus bhain sé céim amach sa bhliain1935.

Sheol sé goLondain,Sasana ar an25 Meán Fómhair sa bhliain chéanna, in éineacht lena thuismitheoirí agus a dheirfiúr Kathleen Cavendish. Chláraigh sé le LSE (Scoil na hEacnamaíochtaLondain) chun staidéar a dhéanamh ar gheilleagar polaitiúil ar feadh bliana faoin Ollamh Harold Laski, ach cuireadh sanospidéal é nuair a thit sé tinn. Mar thoradh, bhí ar Kennedy filleadh ar ais go dtí na Stáit Aontaithe. Sanfhómhar sa bhliain1935, chláraigh sé le hOllscoilPrinceton, New Jersey, ach d'éirigh sé tinn arís.Buíochán a bhí i gceist ag an am seo. San fhómhar an bhliain ina dhiaidh sin, thosaigh Kennedy ag freastal arOllscoil Harvard.

Thaistil sé chuig anEoraip faoi dhó i rith a thréimhse ag Ollscoil Harvard. Chuaigh sé go dtíSasana arís, áit ina raibh a athair mar ambasadóir. Sa bhliain1937, forordaíodhstéaróidigh do Kennedy, chun smacht a chur ar a chuiddrólainníteas, ach thosaigh a fhadhbanna ag méadú mar thoradh air sin. Sa deireadh, d'éirigh sé níos tinne le hoistéapóróis sa dhromlach. Bhain Kennedy céim amach ó Ollscoil Harvard, agus ansin bhog sé go dtí an scoil ghnó ag Ollscoil Stanford. Tar éis dó Stanford a fhágáil, thaistil sé go dtíMeiriceá Theas.

Scríobh Kennedy a thráchtas"Why England Slept" sa bhliain1940, ar eachtraí na mBriotanach agus an Comhaontú Munich. Theastaigh uaidh an tráchtas a choimeád sanollscoil ar dtús, ach chuir a athair ina luí air an tráchtas afhoilsiú marleabhar. D'fhág Kennedy Harvard agus céim bainte amach aige i gcúrsaí idirnáisiúnta I mí an Mheithimh 1940. Foilsíodh an tráchtas sa bhliain chéanna, a bhí an-rathúil freisin.

I bhfad níos déanaí, nochtadh go raibhGalar Addison ag Kennedy agus é ina fhear óg. Níor fhoilsíodh an t-eolas seo i rith a shaoil.

Seirbhís mhíleata

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Kennedy ar an PT-109.

Chuaidh sé isteach sanarm S.A.M. sa bhliain1941. Liostáil sé dá dheoin féin, ach diúltaíodh é mar gheall ar na fadhbanna a bhí aige leis a dhroim. Glacadh Kennedy isteach sachabhlach san Fhómhar an bhliain chéanna, agus tá seans ann gur úsáid a athair a chuid tionchar. Ina mheirgire dó, thosaigh Kennedy ag obair san oifig a thóg nuacht agus eolas don Rúnaí an Chabhlaigh. B'é sin an obair a bhí á déanamh aige nuair a d'ionsaigh naSeapánaighPearl Harbor. D'fhreastail Kennedy ar an "Naval Reserve Officers Training School" agus "Motor Torpedo Boat Squadron Training Center". Seoladh é ar dualgas i bPanama ar dtús, agus ansin don chomhrac sanAigéan Ciúin. Ghlac Kennedy páirt i gcúpla misean anseo, agus bronnadh céim leifteanant air, i gceannas ar thoirpéad-bháid patróil.

Sanoíche ar an2 Lúnasa1943, bhíbád Kennedy, an PT-109, ag glacadh páirt i ruathar in aice le New Georgia, nuair a bhuailscriostóirSeapánach é. Caitheadh Kennedy trasna an mbád, agus gortaíodh a dhroim arís.

In ainneoin a ghortaithe fhéin, thóg Kennedy saighdiúir gortaithe eile ar feadh trí mhíle san aigéan, go dtí gur shroich siad oileán. Chaill Kennedy an mothú ar feadh móiminte i rith an cráidh, ach bhí sé ábalta é féin agus a chomhalta a shábháil. Mar aitheantas ar na heachtraí seo, bronnadh an "Navy and Marine Corps Medal" air.

Lieutenant JF Kennedy agus a 'Purple Heart', circa 1945

Na boinn eile a bhuaigh Kennedy le linn anDara Cogadh Domhanda ná an "Purple Heart", "Asiatic-Pacific Campaign Medal", agus an "World War II Victory Medal". Scaoileadh amach é sa bhliain1945, agus ghéill na Seapánaigh cúpla mí ní ba dheireanaí.

Polaitaíocht

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Pósadh: John F. Kennedy agus Jacqueline Bouvier

Tháinig John F. Kennedy slán as an gcogadh, ach cailleadh a dheartháir Joseph P. Kennedy, Jr. ar an12 Lúnasa,1944. De bharr seo, cuireadh ní ba mhó brú ar John tús a chur leis a shaol sapholaitíocht.

Sa bhliain1946, d'éirigh James Michael Curley as a shuíochán, agus bhí bua láidir ag Kennedy. Chaith Kennedy sé bliana as seo amach ina fheisire, ag vótáil i gcoinne anUachtaráinHarry S Truman agus a pháirtí féin uaireanta.

I 1952, bhuaigh sé an suíochánSeanaid iMassachusetts, i gcoinne an tSeanadóra Henry Cabot Lodge(Poblachtach).

Ar an12 Meán Fómhair1953, phós KennedyJacqueline Lee Bouvier. Lean na fadhbanna a bhí aige leis a dhromlach ar aghaidh, agus seoladh é faoin scian go minic i rith an dá bhliain ina dhiaidh. Bhí an t-ádh air nár cailleadh é, i rith na tréimhse seo.

Mar thoradh, bhí Kennedy as láthair ón tSeanad go minic. Bhí fadhb ag Kennedy sa bhliain1954 nuair a bhí an Seanad réidh McCarthy a cháineadh, agus níor chaith sé vóta mar bhí sé san ospidéal arís. Leis an eachtra seo, rinneadh a lán dochar dó.

Foilsíodh a leabhairProfiles in Courage, a bhuaigh anDuais Pulitzer sa bhliain1957, i gcatagóirBeathaisnéis.

1960

Chaith Kennedy vóta i bhfabhar anAcht um Chearta Sibhialta sa bhliain1957, cé gur vótáil sé i gcoinne an Leasú ar Thriail Giúiré ní ba luaithe. Tacadóirí láidir ina chéad fheachtas uachtaránachta ab ea James Eastland, John McClellan, agus GobharnóirMississippi James Coleman, daoine a bhí i bhfabhar an idirdheighilt. Bhí an SeanadóirJoseph McCarthy cairdiúil le teaghlach Kennedy freisin. ChaithRobert F. Kennedy tréimhse ag obair ina fhoireann, agus bhí McCarthy ag dul amach le Patricia Kennedy ar feadh tamaill.

Toghchán 1960

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Uachtarán nua Kennedy agusEisenhower sa bhliain1960.

Sa bhliain1960, d'fhógair John F. Kennedy go mbeadh sé ag seasamh sa toghchán na huachtaránachta. Chun áit a bhuaigh ina iarrthóir donpháirtí Daonlathach, bhí comórtas deacair aige ón Seanadóir Hubert H. Humphrey asMinnesota, an SeanadóirLyndon B. Johnson asTexas agus Adley Stevenson[1].

D'éirigh Kennedy as an gcomórtas mar iarrthóir inghlactha. Fógraíodh é ar an13 Iúil1960 go mbeadh Kennedy an iarrthóir a bheadh ag glacadh páirt sa toghchán. D'ainneoin na caismirte a bhí eatarthu ní ba luaithe, roghnaigh Kennedy Johnson ina iarrthóir don leas-Uachtaránacht. Bhí tacaíocht an-láidir ag Johnson i ndeisceart na tíre, rud a bhí de dhíth go géar ar Kennedy. Na príomhchúrsaí a raibh siad ag caint faoi ná an geilleagar, Caitliceachas Kennedy,Cúba, agus na dúshláin a bhí ann i gcoinneAontas na Sóivéide.

Phléigh Kennedy agus a theagmhálaíRichard Nixon, ónPháirtí Poblachtach, na cúrsaí seo le chéile i rith an chéad díospóireacht uachtaránachta a bhí le feiceáil ar anteilifís. Bhí cuma mí-chompordach agus corraitheach ar Nixon, agus cheap formhór an lucht féachana go raibh an bua ag Kennedy, é a bhí socair agus féinmhuiníneach. Eachtrastairiúil a bhí ann pé scéal é, agus bhí páirt tábhachtach ag an teilifís i bpolaitíocht as seo amach.

searmanas insealbhaithe, 20 Eanáir 1961

Uachtaránacht

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Rinneadh 35ú uachtarán de Kennedy ar an20 Eanáir1961. Ag an searmanas, d'iarr Kennedy ar mhuintir na tíre a bheith fuinniúil ar son na tíre, leis na bhfocail stairiúil, "Ask not what your country can do for you, ask what you can do for your country". D'agair sé fosta sé go n-aontódh nasiúin an domhain le chéile chun aghaidh a thabhairt i gcoinne na ndúshlán a bhí rompu - an tíorántacht, an bhochtaineacht,galar, agus cogadh féin.

JFK ag buaileadh leNicíte Cruistsiof iVín i míMeitheamh,1961.

Cúba agus Scannal Bhá na Muice

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Ar an17 Aibreán1961, thug Kennedy an t-ordú ionradh a dhéanamh arChúba. Le tacaíocht ónCentral Intelligence Agency (CIA), d'fhill 1,500 deoraí Cúbacha a bhí ag traenáil i Meiriceá ar ais go dtí an t-oileán chun an ruaig a chur arFidel Castro ("Briogáid 2506" an t-ainm a bhí orthu). Níor thóg na Meiriceánaigh aon aerthacaíocht do na saighdiúirí, áfach, agus chuir an tacaíocht láidir a bhí ag Castro iontas orthu freisin. Chomh maith le sin, rinneadh roinnt botúin tábhachtacha. Mar sin, ar an19 Aibreán1961 bhí formhór na n-ionsaitheoirí maraithe nó faoi ghlas ag Castro. B'éigean do Kennedy idirbheartaíocht a dhéanamh le Castro chun na 1,189 marthanóir a scaoileadh saor. D'aontaigh Cúba fiche mí ní ba déanaí, nuair a thug na Meiriceánaigh $53 milliúin i mbia aguscógas dóibh ar malairt. Eachtra a chur an-aiféaltas ar Kennedy ab ea é seo, cé go raibh sé sásta an locht ar fad a ghlacadh.

Géarchéim na nDiúracán i gCúba

[cuir in eagar |athraigh foinse]

ThosaighGéarchéim na nDiúracán i gCúba ar an14 Deireadh Fómhair1962, nuair a thógspiair-eitleán MeiriceánachU-2 grianghraif ina raibh láithreán [Diúracán balaistíoch|diúracáin]] le feiceáil faoi thógáil i gCúba. Bhí rogha deacair ag Kennedy - ba mhaith leis ionsaí a dhéanamh ar an láithreán, ach ba seans ann go mbeadh cogaidh in aghaidh anAontas Sóivéadach mar thoradh. Cuireadh brú ar Kennedy ionsaí a dhéanamh, ach sa deireadh roghnaigh séimshuí a chur ar an oileán.

McNamara agus Kennedy

Tréimhse corraitheach ab ea é, agus bhí an chuma air go bpléascfaí cogadh núicléach. Thosaigh Kennedy ag plé na faidhbe leNicíte Cruistsiof, agustháinig siad ar chomhaontú tar éis seachtaine. Bhain Cruistsiof na diúracáin de Chúba, agus gheall Kennedy nach mbeadh ionradh ar bith déanta ar Chúba arís. Deirtear gur aontaigh Kennedy, faoi rún, go dtógtaí na diúracáin Mheiriceánacha amach asan Tuirc sé mhí níos déanaí.

Meiriceá Laidineach agus an Cumannachas

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Chun bac a chur do leathnú anchumannachais iMeiriceá Laidineach, bhunaigh Kennedy anAlliance for Progress, a thóg cabhair do na tíortha sa réigiún seo agus a rinne iarracht caighdeán chearta na ndaoine a mhéadú. Bhí sé ag obair sa scéim seo le Gobharnóir Luis Muñoz Marín i bPórtó Ríce, agus rinneadh dul chun cinn i bhforbairt an gcomhlathas sa tír seo.

Peace Corps

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Ceann de na céad eachtraí a rinne Kennedy nuair a bhí san oifig é, b'é bunú an "Peace Corps". Sa chlár seo, chuir na Meiriceánaigh cabhair ar fáil donTríú Domhan inoideachas,feirmeoireacht,leigheas agustógáil.

Kennedy i 1961 agus léarscáil CIA

Vítneam

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Bhain Kennedy úsáid as na seirbhísí míleata chun troid i gcoinne anchumannachais. Ba mhaith leis seasamh láidir a dhéanamh iVítneam, agus mar sin thug sé tacaíocht pholaitiúil, eacnamaíochta agus mhíleata donrialtas i Vítneam Theas. Seoladh 18,000 "comhairleoir" míleata agus na "U.S. Special Forces" go dtí an réigiún. Lean an feachtas ar aghaidh ar feadh blianta. Bhísaighdiúirí Meiriceánacha ag troid go díreach sa chogadh ar feadh blianta i ndiaidh Kennedy.

Sa bhliain1963, mhéadaigh Kennedy an tacaíocht mhíleata, ach níor éirigh sé go maith. I mí Iúil, bhí géarchéim pholaitiúil i Vítneam. Shocraigh Kennedy ar ruaig a chur ar uachtarán na tíre, Ngo Dinh Diem, lecoup d'état.

26 Meitheamh 1963 i mBeirlín

Óráid i mBeirlín Thiar

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Rudolph Wilde Platz, 26 Meitheamh 1963

Ar an26 Meitheamh1963, chuaigh Kennedy ar chuairt reatha go dtíBeirlín Thiar. Bhí na sluaitedaoine amach ar nasráideanna, agus thóg Kennedy óráid i gcoinne anchumannachais. Deirtear go raibh daoine ar an taobh eile den bhalla ag tabhairt bhualadh bos dó, chun agóid a dhéanamh i gcoinne naRúiseach.

Dúirt Kennedy go léirigh an balla loiceadh an chumannachais. Tá cáil ag an óráid inniu mar gheall ar na bhfocailstairiúla "Ich bin ein Berliner". Thug uachtarán SAM Beirlíneach air féin, mar chomhartha a chuid tacaíochta do mhuintir iarthar na cathrach.

Meastar go raibh 5/6 dendaonra amuigh ag éisteacht le Kennedy ar an lá úd.

Labhair na Meiriceánaigh go láidir in éadan an bhalla, ach ní dhearna siad ní ba mhó ná sin. Cinnte, bhí eagla orthu go dtosófaí cogadh. Ach ba léir go raibh an babhta seo denchogadh fhuar bainte ag naSóivéadaigh.

JFK in Éirinn sa bhliain 1963

Éire

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Ba de bhunadh Éireannach é Kennedy, agus tugadh fearadh na fáilte roimh John f. KEnnedy nuair a thug sé cuairt ar Éirinn sa samhradh de 1963, agus ba é an chéad Uachtarán Meiriceánach a rinne amhlaidh.

28 Meitheamh i gCorcaigh

Bhí an tUachtarán Kennedy ag filleadh ar an áit ónar thug a shin-sheanathair, Patrick Kennedy, aghaidh ar Mheiriceá in 1848 le linn anGhorta Mhóir. Le linn an turais chorraithigh seo a mhair ceithre lá, chruinnigh daoine thart ar an Uachtarán Kennedy ina sluaite ag iarraidh gearrfhéachaint a fháil air. Bhí na sráideanna plódaithe le lucht deagh-mhéine a raibh bratacha Éireannacha agus Meiriceánacha ina nglac acu. Mar chuid den turas, thug an tUachtarán Kennedy cuairt ar  a bhaile dúachasach i mBaile Fearainn, Contae Loch Garman. Thug sé cuairt chomh maith ar phortRos Mhic Thriúin, áit ar thug a shin-sheanathair faoin aistear farraige go Meiriceá in 1848

28 Meitheamh i gCorcaigh

Ní ba dhéanaí, thug sé óráid d'Oireachtas Éireann i mBaile Átha Cliath, agus bhuail sé le hUachtaránÉamon de Valera. Bhunaigh an dá uachtarán an "American Irish Foundation", chun naisc a chur chun cinn idir na tíortha. Teaghmas suntasach i nua-stair na hÉireann ab ea a chuairt ar Éirinn.[2]

Feallmharú

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tamall gairid i ndiaidh a cuairte ar Éirinn, feallmharaíodh an tUachtarán Kennedy i nDallas, Texas. B'éLee Harvey Oswald an duine a bhí cúisithe as feallmharú John F. Kennedy, ar22 Samhain1963, i nDallas,Texas.

Bíonn díospóireacht agus argóint ar siúl i gcónaí faoin eachtra seo, faoi na sonraí agus na cúiseanna. Dúirt Oswald féin nach raibh sé ach ina cheap milleáin nár mharaigh éinne ar bith. Rialaigh anHouse Select Committee on Assassinations (HSCA), a chruinnigh idir1976 agus1979, go raibh Oswald ciontach. Ach, mhaígh siad freisin go raibh Oswald páirteach i dteoiric comhcheilge. Sa bhliain2002, níor cheap ach 32% de na Meiriceánaigh go ndearna Oswald an jab ina aonar.

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. Rinne Kennedy go leor taistil. Mar shampla, chuaigh sé go dtí anVirginia Thiar chun labhairt leis namianadóirí. Bhuaigh sé a gcuid tacaíochta, cé go raibh sé ina Chaitliceach agus ba stát Phrotastúnach é sa formhór
  2. Banc Ceannais na hÉireann. "Bonn Profa Airgid €10 (JFK) 2013" (ga). www.collectorcoins.ie. Cartlannaíodhan bunleathanach ar 2022-06-15. Dáta rochtana: 2022-06-15.
George Washington ·John Adams ·Thomas Jefferson ·James Madison ·James Monroe ·John Quincy Adams ·Andrew Jackson ·Martin Van Buren ·William Henry Harrison ·John Tyler ·James Knox Polk ·Zachary Taylor ·Millard Fillmore ·Franklin Pierce ·James Buchanan ·Abraham Lincoln ·Andrew Johnson ·Ulysses S. Grant ·Rutherford B. Hayes ·James A. Garfield ·Chester A. Arthur ·Grover Cleveland ·Benjamin Harrison ·Grover Cleveland ·William McKinley ·Theodore Roosevelt ·William H. Taft ·Woodrow Wilson ·Warren G. Harding ·Calvin Coolidge ·Herbert C. Hoover ·Franklin D. Roosevelt ·Harry S. Truman ·Dwight D. Eisenhower ·John F. Kennedy ·Lyndon B. Johnson ·Richard Nixon ·Gerald R. Ford ·Jimmy Carter ·Ronald W. Reagan ·George H. W. Bush ·William J. Clinton ·George W. Bush ·Barack Obama ·Donald Trump ·Joe Biden ·Donald Trump
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=John_F._Kennedy&oldid=1271039"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp