Bhí Rousseau ar dhuine de mhór-smaointeoirína hEagnaíochta, agus bhí tionchar nach beag ag téacsanna dá chuid arRéabhlóid na Fraince, ar an oideachas, ar an smaointeoireacht pholaitiúil, agus ar fhorbairt agus fhorás anNáisiúnachas.
Is ag triall ar anChâteau de Vincennes,caisleán atá suite tuairim is 6 km soir óPháras, a bhí Rousseau sa bhliain 1749 nuair a bhuail taom inspioráide é.[1] Bhí sé ar a bhealach chun cuairt a thabhairt arDenis Diderot, cara leis a bhí i mbraighdeanas sa chaisleán de bharr a chuid scríbhinní. Príomh-eagarthóir anEncyclopédie agus duine d’fhealsaimh mhóra na hEagnaíochta ba ea Diderot – fear a bhí ar a dhícheall ag iarraidh soiscéal na heolaíochta agus anréasúin a scaipeadh ar fud na Fraince agus na hEorpa. Ach thiontaigh Rousseau i dtreo eile ar fad tar éis anillumination de Vincennes: is ar an nádúr seachas an eolaíocht, ar na mothúcháin seachas an réasún, a dhíreodh sé a aird feasta. Réamhtheachtaire an rómánsachais ba ea é ón lá sin amach.
'Dioscúrsa faoi bhunús agus bhoinn an neamhionannais i measc na ndaoine'
Bhí Jean-Jacques Rousseau ar na céad smaointeoirí a raibh cur chuige páiste-lárnach aige; bhíodh cosaint dlite faoin fhéineachas don ghasúr fosta, dála an scéil.[2]
Cé nárbh é Rousseau a chuir tús leis an ndírbheathaisnéis mar sheanrá, ba éConfessions (Gaeilge: 'Coibhseana'), leabhar a scríobh sé idir1765 agus1770 agus inar dhein sé cur síos ar ar an gcéad trí bliana is caoga dá shaol, a chuir tús leis an ndírbheathaisnéis comhaimseartha.
Bhí aúrscéalJulie, ou la nouvelle Héloïse (Gaeilge: 'Julie, nó an Héloïse nua') ar cheann de mhór-úrscéalta an 18ú haois. Bhí an t-úrscéal seo an-tábhachtach ó thaobh luathfhorbairt anRómánsachais de, agus bhí an-tionchar aige ar fhorbairt anRómánsachais sa scéalaíocht go háirithe.
I measc mór-shaothar eile de chuid Rousseau, d'fhéadfaí na saothair seo a leanas a lua:
Discours sur l'origine et les fondements de l'inégalité parmi les hommes (Gaeilge: 'Dioscúrsa faoi bhunús agus bhoinn an neamhionannais i measc na ndaoine')
Émile, ou De l'éducation (Gaeilge:'Émile, nó Fén oideachas')
Du contrat social; ou Principes du droit politique (Gaeilge: Fén gConradh sóisialta; nó Prionsabail an Dlí pholaitiúil)