Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Irisleabhar

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Irisleabhair ar díol

Is foilseacháin iadirisleabhair agus tréimhseacháin a fhoilsítear go rialta, ina bhfuil meascán d'ailt, a mhaoinítear trífhógraí, trí luach ceannaigh nó trí shíntiúis nó an trí bhealach le chéile. Is féidir irisleabhair a sheachadadh tríd an phost; iad a dhíol ag seastáin nuachta, siopaí leabhair agus miondíoltóirí eile; nó cuirtear ar fáil saor in aisce iad ag ionaid áirithe amhail leabharlanna, siopaí, aerfoirt agus araile.

Is iomaí cineál irisleabhar atá ar fáil sa lá atá inniu ann. Foilsítear irisleabhar do gach cineál duine agus gach cineál ábhar nach mór. Níl sé deacair sainirisleabhair a fháil sna siopaí leabhair móra. Tá tuairim ann gur breá lemná irisleabhair a léamh, go háirithe irisleabhair a bhaineann le héadaí,smideadh, taisteal,leanaí,bia,seodra agus daoine cáiliúla.[fíoras?] De ghnáth, bíonn siopaí leabhair agus seastáin nuachta ag cur thar maoil leis na cineálacha irisleabhair áirithe seo. Foilsítear go rialta iad - gach seachtain nó gach mí.

Codarsnacht idir irisleabhar agus nuachtán

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Clóbhuailtear irisleabhair ar pháipéar níos tibhe agus níos snasta nánuachtán. Bíonn clúdach cineál crua ar irisleabhair; ní bhíonn ar nuachtán. Bíonn líon na leathanach in irisleabhar níos mó ná nuachtán, ach níl sé sin fíor do gach nuachtán agus irisleabhar. Pléitear nuacht agus cúrsaí reatha i nuachtán agus scríobhtar gné-ailt in irisleabhar. Bíonn na scéalta níos dáiríre i nuachtán ná in irisleabhar, ach arís braitheann sé cén nuachtán nó cén irisleabhar atá a gcur i gcodarsnacht lena chéile. Bíonn toisí na leathanach níos mó i nuachtán ná in irisleabhar. De ghnáth, gearrtar luach níos airde ar irisleabhar ná mar a ghearrtar ar nuachtán.

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Tá a thuilleadh meán agCómhaoin Wikimediaa bhaineann le:Irisleabhair.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Irisleabhar&oldid=1249289"
Catagóirí:
Catagóir folaithe:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp