| Cineál | nuachtán laethúil |
|---|---|
| Cárta innéacs | |
| Teanga | Béarla |
| Am tosaigh | 1905 |
| Bunaitheoir(í) | William Máirtín Ó Murchadha |
| Úinéir | Independent News & Media |
| Áit a fhoilsithe | Baile Átha Cliath |
| Tréith | |
| Formáid nuachtáin | dlúth |
| Aitheantóirí | |
| ISSN | 0021-1222 |
| Suíomh | independent.ie |
Nuachtán laethúilBéarla inÉirinn is é anIrish Independent. Is i mBaile Átha Cliath atá sé bunaithe. Ar dheis ón lár atá sé lonnaithe ó thaobh na polaitíochta de. Tá gaol aige leis an nuachtán DomhnaighThe Sunday Independent agusThe Herald.
Sa bhliain 2019 ghlacINM, ar leo anIrish Independent, le tairiscint ón ngrúpa ón mBeilgMediahuis leis an gcomhlacht a cheannach ar €145.6 milliún.[1]


Bhíodh altanna rialta Gaeilge ann sna seachtóidí.[2] Bhí sé amuigh arIndependent News and Media sna 2000í go rabhadar naimhdeach i leith na Gaeilge, agus feachtas binbeach acu i gcoinne bhunúTheilifís na Gaeilge m.sh.[3][4]
Fógraíodh sa bhliain 2009 go mbeadh leagan nua den nuachtánFoinse, a bhain cáil amach ó bunaíodh é, á dháileadh in éineacht leis an Irish Independent gach Céadaoin. Fiontar a bhí ann nár tugadh faoina leithéid roimhe.[5][4]
Shaothraigh an socrú brabach don dá nuachtán "trí cur le líon na léitheoirí agus ioncam breise fógraíochta a ghnóthú dá réir."[5] Bhí sé ina bhealach freisin chun glúin úr léitheoirí a mhealladh mar áis foghlamtha.[4] De réir tuairiscí bhíodh ardú suntasach sa díolachán Dé Céadaoin de thairbheFoinse a bheith ann.[6]
Nuair a cuireadh deireadh leFoinse mar nuachtán clóbhuailte sa bhliain 2013, ní raibh ach tuairim is coicís ann sula raibh foireann nua eagraithe le foilseachán nua a chur le chéile ina áit.[5][3]
Déantar dáileadh arSeachtain, foilseachánGaeilge faoi úinéireachtMediahuis, in éineacht leis anIrish Independent uair sa tseachtain ó shin i leith, ar an gCéadaoin.[7] Foilsíonn sé scéalta nuachta, spóirt, gné-ailt agus ailt nach iad.[8]
Ní fhaigheann sé deontas ón stát agus "maireann sé ar chúiseanna tráchtála."[9] B'íSeachtain an t-aon nuachtán clóbhuailte Gaeilge dá raibh ann ar feadh os cionn deich mbliana, go dtí gur bunaíodhAn Páipéar sa bhliain 2024.[10] Dúirt eagarthóir anIrish IndependentCormac Burke sa bhliain 2024 gur léirighSeachtain go bhfuil anIndo "go mór i bhfách leis an nGaeilge".[11] Is léiriú éSeachtain ar athrú meoin san eagraíocht dar leCiarán Dunbar.[12]
| Issíol faoinuachtán nóirisleabhar é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh. |