Is éIoslam an darareiligiún is mó ar domhan agus an ceann is tapúla a bhfuil fás ag teacht air faoi láthair (anois tá níos mó daoine Moslamacha ná Caitliceach). TugtarMoslamach ar dhuine dá lucht leanúna. Reiligiúnaondiach é Ioslam, is é sin go gcreidtear gurb ann d'aonDia amháin, agus gur nocht sé a theachtaireacht naofa tríd nafáithe, arbh éMohammad an duine deireanach acu. Is éan Córán (nó an Qur'án) leabhar naofa Ioslam. Tá áit an-lárnach ag an gCórán in Ioslam, ó chreideann an Moslamach fíréanta gur teachtaireacht atá ann a tháinig díreach ó Dhia. Mar sin, ní féidir an Córán a chur i gcomparáid leis an mBíobla: is fearr a rá go bhfuil an áit chéanna aige in Ioslam agus atá ag Íosa sa Chríostaíocht. Is íMeice sanAraib Shádach an áit naofa is tábhachtaí do na Moslamaigh, agus déanann gach Moslamach a dhícheall le turas oilithreachta a thabhairt ar an áit, aon uair amháin le linn séasúr mhóroilithreacht an hajj ar a laghad.
Mosc na Carraige, áit naofa de chuid na Moslamach in Iarúsailéim
FocalAraibise éal-islam(الإسلام). Is é is bunús leis an bhfocal seo ná an fhréamh thríchonsanachslm a chiallaíonn "géilleadh", is é sin, go ngéilleann an duine é féin do Dhia go suaimhneach, gan dul chun diúnais Air. Is é an Moslamach, nómuslim, an duine a chleachtann an cineál seo géillte - an "géillteoir". Mar sin tá dhá bhrí ag ceachtar den dá fhocal seo: ciallaíonn siad an creideamh Ioslamach atá bunaithe ar an teachtaireacht a nochtadh do Mhuhammad, agus an duine a leanann an creideamh sin. Ach ciallaíonn siad fosta an géilleadh do Dhia, an t-adhradh agus an urraim is cuí a thabhairt Dó agus Dá chuid orduithe. Na fáithe a tháinig roimh Mhuhammad, ar nós Íosa agus na bhfáithe Giúdacha, áirítear mar Mhoslamaigh iad freisin, ó ghéill siad do Dhia. Sa chiall leathan, is Moslamaigh iad na hainmhithe agus na plandaí, ó tá an cineál saoil acu a d'ordaigh Dia dóibh.
Nocht Dia (Araibis:Allah) a theachtaireacht naofa tríd na fáithe, ar a n-áirítear,Ádhamh,Abrahám,Naoi,Maoise,Íosa agusMuhammad. Cuireadh an teachtaireacht seo go díreach isteach sa Chórán, agus mar sin is leabhar iomlán gan bhotún é; de réir Ioslam Shunnaíoch cheartchreidmhigh, is é an Córán friotal Dé a bhí ann roimh an gcruthú féin. Is é an tuairim choitianta i measc na Moslamach gur thruailligh na daoine an teachtaireacht saBhíoblaChríostaí agus i dTóra na nGiúdach, agus mar sin, gur nochtadh an Córán mar theachtaireacht nua iomlán lánchuimsitheach.
Cuireann Ioslam an-bhéim ar dheasghnátha agus ar chleachtais. Is féidir a rá, fiú, nach bhfuil an ceartchreidmheachas nó an t-ortadocsachas chomh tábhachtach leis an gceartchleachtaíocht nó an t-ortalatrachas in Ioslam. Tugtarcúig chuaille Ioslam ar an gcúig chleachtas ceart a gcaithfidh an Moslamach cloí leo ina shaol:
Cré Ioslam (shahada):Níl de dhia ach Dia, agus is é Muhammad A theachtaire.
Na hurnaithe laethúla (salah): caithfidh gach Moslamach a urnaithe a dhéanamh de réir scéim righin.
An déirc (zakat): caithfidh gach Moslamach déirc a íoc leis na bochta is na nochta.
An troscadh (sawm) le linn na míosa údramadan i bhféilire Ioslam.
Tá cuid mhaith seicteanna difriúla in Ioslam. Is é anSunnaíochas an tseict is mó; formhór Mhoslamaigh an domhain, is Sunnaigh iad. Is é anSiachas an dara leagan is mó d'Ioslam, agus é féin deighilte ina sheicteanna éagsúla. Bunús na scoilte, eascraíonn sé as ceart comharbachta an Fháidh Muhammad; de réir na Siach, ba chóir ball de theaghlach Mhuhammad a theacht mar chomharba air. San idirlinn, d'fhorbair difríochtaí suntasacha sna deasghnáthaí idir an Sunnaíochas agus an Siachas freisin, ach aontaíonn an dá dhream ar phríomhcheisteanna an chreidimh. Tá lucht leanúna an tSiachais ina bhformhór i measc Mhoslamaigh naLiobáine, na hIaráice, na hIaráine, agus Bhairéin; agus tá mionlaigh thábhachtacha Siacha saPhacastáin agus inÉimin freisin; sna tíortha eile, is iad na Sunnaigh an dream is líonmhaire, ach amháin in Óman, áit a mbaineann an tromlach le hIoslam Iobádaíoch.