Iarsma d'orgánach a bhí beo uair amháin atá iompaithe gocloch agus gafa go domhain i sraith íochtarachcarraigeacha is eaiontaise. Ciallaíonn sé sin go raibh rud beo ann uair amháin ach go bhfuil sé athraithe go cloch agus gafa sa charraig anois.
Cumtar iontaise nuair a imoibríonnmianraí san uisce faointalamh le creatlachaplanda nóainmhí, na mianraí seo ag glacadh páirte sa struchtúr in ionad dúl eile, ionas go gcruthaítear macasamhail den bhunphlanda nó an bunainmhí.
De bhrí go bhfuil na sraitheanna íochtaracha carraigeacha níos seanda ná na sraitheanna uachtaracha, ní mór gur ó thréimhsegheolaíoch níos seanda aonspeiceas a fhaightear i sraith íochtarach ná ceann a fhaightear i sraith uachtarach.
Ó fhianaise seo na n-iontaisí, déanann napailé-ointeolaithe staidéar aréabhlóid na beatha arDomhan, ó na hiontaisí is ársa — na halgaí gormghlasa a mhair timpeall 3,500 milliún bliain ó shin — go dtí na speicis bheatha atá ar Domhan inniu.
Sna1980idí fuair an Dochtúir Éamon Doyle iontaise i gcarraig i gConamara[1]. Níor fhéach eolaithe ar an iontaise go dtí an bhliain 2017.Crosóg mhara a bhí inti. Bhí sí an-bheag agus tá sí 435 milliún bliain d’aois! Ní raibh nadineasáir féin ar an saol ag an am sin.
Léiríonn sé sin go raibh Conamara – agus Éire iomlán – faoin bhfarraige fadó fadó. Agus tá gaolta leis an gcrosóg mhara fós beo i bhfarraigí na hÉireann agus gan mórán athraithe orthu ó shin.[2]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar asFréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an OllamhMatthew Hussey, foilsithe agCoiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.