Institiúid teicneolaíochta agus ollscoil phríobháideachMheiriceánach is ea anMassachusetts Institute of Technology, a bhfuil aithne níos fearr uirthi ar fud an domhain faoina acrainmMIT. Bunaíodh í sa bhliain1861 i Cambridge,Massachusetts, chun forbairt thionsclaíochSAM a threisiú. Tá 63duais Nobel bainte ag taighdeoirí ó MIT.
Is ann a bhunaigh Nicolas Negroponte an Media Lab i1985, tionscnamh a leathnaíodh go hÉirinn le bunú Media Lab Europe i mBaile Átha Cliath i2001 i gcomhar le rialtas na hÉireann. Theip ar an tionscnamh seo agus dúnadh é inEanáir2005.
Tá páirt thábhachtach ag go leor de na taighdeoirí is na mic léinn i ngluaiseacht na mbogearraí saor in aisce. Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag daoine ar nósRichard Stallman mar gheall ar an obair seo.
Issíol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.