Is éard isidirdhealú dearfach[1] ann ná chóir fhabhrach, a bhfuil d’aidhm leis comhionannas deiseanna a chur chun cinn do dhaoine faoi mhíbhuntáiste (mar shampla,cuótaí). Is polasaí nó beartas é chun freastal ar riachtanais speisialta daoine nó catagóir daoine a dteastódh áiseanna, socruithe, seirbhísí nó cúnamh uathu mar gheall ar a gcúinsí pearsanta.[2]
Tá beartanna de shaghas idirdhealú dearfach i bhfad níos coitianta sna Stáit Aontaithe ná san Eoraip, áit a mbíonn angníomhaíocht dhearfach curtha in iúl go minic.[3] Is lú i bhfad an chonspóid a bhaineann le gníomhaíocht dhearfach, mar níl aon iallach ag baint leis de ghnáth, ach is beag éifeacht a bhíonn aige b'fhéidir.
Cuirtear na polasaithe nó beartais seo i bhfeidhm i dtíortha éagsúla ar mhaithe le grúpaí mionlaigh, imeallaithe, nó daoine faoi mhíbhuntáiste.[4][5][6][7][8] Go stairiúil agus go hidirnáisiúnta, tugtar tacaíocht don idirdhealú dearfach toisc go gcreidtear go gcabhraíonn sé le grúpaí imeallaithe cothrom na Féinne a bhaint amach (mar shampla i gcúrsaí fostaíochta agus oideachais). Cuireann beartais den saghas seo an éagsúlacht chun cinn, agus tugann sé buntáistí do bhaill de na grúpaí seo mar chúiteamh ar éagóracha a bhí déanta orthu.
Faightear polasaithe difriúla ó áit go háit. I dtíortha áirithe, baintear úsáid as cuótaí chun céatadán áirithe de phostanna státseirbhíse, ceapacháin pholaitíochta, agus folúntais scoile a choinneáil do bhaill de ghrúpaí imeallaithe. Is é seo an polasaí san India, mar shampla, faoin chóras áirithinte.