San aimsir a caitheadh, bhí IarlachtDheasumhan (Béarla:Desmond) i seilbh tiarnaí nahÉireann, ar an gcéad dul síos mar theideal lasmuigh den chóras tiarnais agus níos déanaí mar chuid deThiarnas na hÉireann..[1]
Ba le sliochtThomáis Mhic Mhuiris Mhic Ghearailt, Tiarna Ui Conghaile Barúntacht bhunaidh Dheasmhumhan i gCúige Mumhan. An mac is óige de Mhuiris Mac Gearailt, Tiarna Llansteffan ab ea Tomás, ina thacaí lárnach doRisteard FitzGilbert de Clare, 2ú hIarla Penfro (Strongbow) ina ionradh ar Éirinn sa bhliain 1169. Bunaitheoir an ríshleachta Chambra-Normannach'Teaghlach Mhic Gearailt' in Éirinn, ab ea Muiris. Ós rud é gur de shliocht an mhic is óige de Mhuiris, ba ógchraobh de chuid na nGearltach in Éirinn í; bhunaigh deartháir mór Thomáis,Gearóid Mac Muiris Mac Gearalit, 1ú Tiarna Uíbh Fhailí an chraobh shinsearach, sé sin anTeaghlach Chill Dara.D'éirigh le mac Thomáis,Seán Mac Thomáis Mac Gearailt a bheith ina chéad Iarla Dheasumhan, nuair bhfuair sé, de bharr a hómós agus a sheirbhís, deontas sa bhliain 1259 de thailte nanDéise agus na Deismhumhan ón PhrionsaÉadbhard Shasana. Sula ndeachaigh na tailte go hÉideard, ba le Tomás MAc Antaine iad, athair de chuid bhean chéile Sheáin,Mairéad Mhic Antaine (Béarla: Margery FitzAnthony).[2]