De ghnáth, ní tharraingíonn bardas Los Angeles teorainneacha neamh-dhébhríocha idir na "ceantair" sa chathair, ach is eisceacht é Hollywood. Ar an16 Feabhra2005 mhol beirt bhall de thionól an bhardais teorainneacha Hollywood a shainmhíniú agus taifid oifigiúla ar leith a choinneáil faoin gceantar díreach mar a bheadh cathair neamhspleách ann. Glacadh leis an mbille, agus críochaíodh teorainneacha Hollywood.
Go bunúsach, níl i Hollywood ach ceantar de chuid Los Angeles, agus nílrialtas áitiúil dá gcuid féin ag muintir Hollywood. Ceapann an Cumann Tráchtála áitiúil méara oinigh don cheantar. Bhí Johnny Grant, léiritheoirteilifíse agus láithreoir raidió, ina mhéara oinigh ón mbliain 1980 go lá a bháis sa bhliain 2008.[1]
Ní raibh ach aon bhothán bocht amháin ina sheasamh i Hollywood sa bhliain 1853, ach de réir a chéile, d'fhás pobal beag feirmeoireachta ina thimpeall. Cahuenga an t-ainm a bhí ar an bpobal seo.
Tá a lán scéalta á n-insint faoin dóigh a bhfuair an ceantar an t-ainm clúiteach atá air inniu. Dealraíonn sé gurbh iad Harvey Henderson Wilcox agus a bhean chéile Daeida a chéadcheap an t-ainm agus a bhaist ar a rainse é, thiar sa bhliain 1887, cé go bhfuil scéalta ann freisin gurbh é Hobart Johnstone Whitley, forbróir tithíochta ar a dtugtar "athair Hollywood", a d'ainmnigh an ceantar.[2]
D'oscail Whitley Óstán Hollywood sa bhliain 1902. Corpraíodh bardasacht Hollywood sa chéad bhliain eile. Bhí deacrachtaí ag an mbardas solátharuisce agus draenáil séarachais a chinntiú don bhardasacht, agus sa bhliain 1910, chinn lucht an bhardais ar bhardasacht neamhspleách Hollywood a chur ar ceal agus ceantar de chuid Los Angeles a dhéanamh den áit, le súil is go socródh sin na fadhbanna uisce.
Faoin am seo, tháinig lucht na scannánaíochta go Hollywood an chéad uair. Bhí tionsclaíocht na scannánaíochta ag forbairt i gCalifornia cheana féin, agus í lonnaithe i lárchathair Los Angeles. Ba é anstiúrthóir D. W. Griffith (a rinne an mórscannán ciníochThe Birth of a Nation chomh maith leis an mórscannán frithchiníochaisIntolerance) ba thúisce a thosaigh ag scannánú i Hollywood, ach níor bunaíodh an chéad stiúideo i Hollywood ach sa bhliain 1911.
Trí bliana ina dhiaidh sin, rinneadh an chéad phríomhscannán de dhéantús Hollywood -The Squaw Man. Stiúideo áitiúil a rinne an léiriú, agus tógadh na pictiúir i Hollywood féin. Ba iad Cecil B. DeMille agus Oscar Apfel na stiúrthóirí.
Tá cuid mhór den tionsclaíochtscannánaíochta aguscumarsáide suite sna ceantair ina thimpeall, ar nós Burbank nó taobh thiar Los Angeles (Beverly Hills, cuir i gcás), ach fanann cuid mhórgnólachtaí i Hollywood féin, go háirithe iad siúd atá ag déanamh eagarthóireachta ar na scannáin nó ag soláthar maisíochta dóibh.
Tá cuid mhórpictiúrlannastairiúla i Hollywood freisin a mbaintear úsáid astu le scannáin nua a chur os comhair an saoil mhóir an chéad uair, agus is i Hollywood féin atá Siúlán an Mhórchlú, nóWalk of Fame, suite, áit a bhfaigheann gachaisteoir mórchlúiteach nó boc mór scannánaíochta eile aréalta féin.