Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Hipirtíoróideacht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Ní mór an t-alt seo aghlanadh, ionas go mbeidhcaighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach arConas Leathanach a Chur in Eagar agus anLámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarHipirtíoróideacht
cuir in eagar
Cineálgalar tíoróideach agusgalarCuir in eagar ar Wikidata
Speisialtacht leighisinchríneolaíochtCuir in eagar ar Wikidata
Cóireáil chliniciúil
 Cógais
Pataigineas
Cúis ghéiniteachTSHRCuir in eagar ar Wikidata
Buaileann séfaireog thíoróideachCuir in eagar ar Wikidata
Aicmiú
ICD-10E05.9Cuir in eagar ar Wikidata
ICD-9242.90Cuir in eagar ar Wikidata
CIAPT85Cuir in eagar ar Wikidata
Acmhainní seachtracha
OMIM603373 agus609152Cuir in eagar ar Wikidata
DiseasesDB6348Cuir in eagar ar Wikidata
MedlinePlus000356Cuir in eagar ar Wikidata
eMedicine121865Cuir in eagar ar Wikidata
Patient UKhyperthyroidismCuir in eagar ar Wikidata
MeSHD006980Cuir in eagar ar Wikidata
UMLSCUIC0020550Cuir in eagar ar Wikidata
DOIDDOID:7998Cuir in eagar ar Wikidata

Staidghalrach is ea anhipirtíoróideacht[1] a tharlaíonn de dheasca nafaireoigetíoróidí a bheith ró-ghníomhach agus bíonn ró-tháirgeacht ann den shaor-hormóntíorocsaín (T4) agus/nótrí-iadaitíoróinín (T3), in imshruthú na fola.

Trí-iadaitíoróinín (T3)

Bíonn na hormóin thíoróideacha tábhachtach ag leibhéil na gceall agus bíonn tionchar acu ar bheagnach gach fíochán sa cholainn.

Feidhmíonn na hormóin mar ghníomhaíocht mheitibileacht na colainne agus tá siad criticiúil i gcomhair gnáth-fheidhme sna cealla a rialú.Nuair atá barraíocht hormón ann, is cúis leis róghníomhaíocht mheitibileachta na colainne agus faightear na comharthaí seo a leanas; seirge sna matáin, ainglis sa mhuineál agus bolgshúileacht srl.Má tá easpa fíocháin tíoróidigh ag feidhmiú mar is cuí, bíonn leibhéal an hormóin íseal agus is cúis leis an galarHipotíoróideacht

Cúiseanna

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tarlaíonn méid áirithe galar nuair atá feidhmiú an fhíocháin tíoróidigh róghníomhaíocht agus barraíocht an hormóin tíoróidigh in imshruthú na fola.

Seo a leanas liosta na bpríomhghalar:

Is féidir le chúiseanna eile tús a chur leHipirtíorocsaínemacht (nó ardleibhéal an hormóin tíoróideaigh san fhuil):

  • Tíoródíteas nó athlasadh tíoróidigh.
  • Is féidir an iomarca táibléad den hormón tíoróidigh a chaitheamh de bhéal.
  • Tá an druga 'Amiodarone'(atáanti-arrhythmic), le struchtúr cosúil le tíorocsaín, in ann gníomhaíocht an tíoróidigh a mhéadú nó a ísliú.
  • TarlaíonnTíoródíteas postpartum (TPP) i 7% de bhan, le linn na bliana tar éis breith linbh.

Go tipiciúil, bíonn céimeanna éagsúla ag TPP, agus is í hipirtíoróideacht a thagann ar dtús. Go hiondúil, ní fhanann an saghas hipirtíoróideachta seo ach ar feadh cúpla seachtain nó míosa agus ní bhíonn gá le chóireáil liachta.

Comharthaí agus airí

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Seo a leanas príomh-airíonna cliniciúil an duine;

  • Neamhoird ghastraistéigeacha: Cailliúint meáchain,hípearfaige (méadú goile atá neamhghnách), míchompord stéige,buinneach,masmas agusurlacan.
  • Craiceann agus gruaig:Diafoiréis (ró-allas), teas éadulaingthe, gruaig mhín shobhriste agus a lí méadaithe.
  • Néarmhatánach: Tuirse, laige matáin, crith caolchúiseach,
  • Cardashoithíoch: Taicéacairde (mear-ráta croí), pamparnach (preabadh croí), hipirtheannas siostólach, disnia (tocht anála)
  • Síceolaíoch: Imníoch, neirbhíseach, greannaitheacht, easuan agus dúiseacht go luath, fadhbanna ag díriú aigne, leibhéal tairsí struis íslithe.
  • Gnéasach/atáirgeach:Míostrú in easnamh, laghdú ar mhiangas/libídeo.
  • Fianaise súl:Easoftailme nó bolgshúilí, dioplóipe (amharc dúbailte), íorpais nó carnaithe sreabháin timpeall na súl), tonn na súile (Béarla: conjunctiva) ag éirí dearg.

Bíonn siomptóim tipiciúil an ghalair seo athraitheach, toisc go mbraitheann siad ar an duine atá ag fulaing agus an méid ama a bhí an galar aige/aici, éibhlóid an ghalair agus cé chomh luath is a bhí an galar aimsithe srl.Ní fhulaingíonn tromlach na n-othar aosta ach tuirse agus cailliúint meáchain agus is é an toradh atá ar ná hipirtíoróideacht fuarchúiseach. Tarlaíonn moilliú in aibiú cnámh leanaí agus dá réir sin, bíonn claonadh acu bheith beag in airde.Aithnítear go bhfuil gaol idir an galar hipirtíoróideacht agus an galargéar-mhiaistéine (nó myasthenia gravis). Tá an galar hipotíoróideacht, sa riocht sláinteachas seo ina ghalar uath-imdhíonachta ó nádúr agus bíonn hipotíoróideacht freisin ag amuigh agus istigh ar 5% na n-othar a fhulaingíonn géar-mhiaistéine.

Is annamh a thagann biseach ar othair le géar-mhiaistéine, tar éis dóibh cóireáil thíoróideach a fháil agus níl tuiscint rómhaith againn ar an ngaol idir na galair seo.

Seo a leanas roinnt galar an-annamh a thaispeánann airí néareolaíocha ach bíonn amhras ann faoin a gcomhpháirteach le hipirtíoróideacht:hipirtheannas ionchráiniach ideapaiteach,scléaróis aimiotriófach chliathánach agus galair le dealramh ansiondróim Guillain-Barré acu.

Diagnóisiú

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Déantar galar sa tíoróideach a dhiagnóisiú le tástáil fola do na leibhéil T4 agus T3 atá san fhuil a fháil amach. Déantaríomháú ar an bhfaireog ar nósscanadh ultrafhuaime le méid is cruth na faireoige a fhiosrú. Déantarbithóipse chomh maith, ach go háirithe i gcásanna ailse. Breathnóidhpaiteolaí ar an sampla fíocháin seo.

Cóir Leighis

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Ó thaobh cóir leighis tugtarcógas do dhaoine leis an oiread hormón a scaoiltear a laghdú de réir mar is gá. Téitear i muinín na máinliachta nuair a bhíonn an fhaireog rómhór. Chomh maith is féidirradaíocht a úsáid leis an bhfaireog a scrios má tá sé rómhór.

Gailearaí

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. “hipirtíoróideacht” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-03-17.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Hipirtíoróideacht&oldid=1204434"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp