Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Henry Moseley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaHenry Moseley

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith23 Samhain 1887
Weymouth, EnglandCuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Lúnasa 1915
27 bliana d'aois
Gallipoli (an Impireacht Otamánach)
Siocair bháisTráma balaistíoch
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Eton
Summer Fields School(en)Aistrigh
Coláiste na Tríonóide, Oxford
Ollscoil OxfordCuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFisic núicléach agusfisic
Gairmfisiceoir, innealtóir, ceimiceoirCuir in eagar ar Wikidata
FostóirOllscoil Oxford
Ollscoil MhanchainCuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Gairm mhíleata
CoinbhleachtAn Chéad Chogadh Domhanda
Teaghlach
Céileluach ar iarraidhCuir in eagar ar Wikidata
AthairHenry Nottidge Moseley
Gradam a fuarthas
Balliol-Trinity College Laboratories, 1910

FisiceoirSasanach ab eaHenry Gwyn Jeffreys Moseley (23 Samhain1887 -10 Lúnasa1915). Tá clú bainte amach aige mar a gheall ar a chuid oibre ar nahuimhreacha adamhacha..

feadán x-ghathach a rinne Moseley
na huimhreacha adamhacha agusDlí Moseley[1]

Taighde

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Léirigh Mosley sa bhliain1913 an coibhneas docht idirdíraonadhx-ghathachspeictream na ndúl agus a n-áit cheart saTábla Peiriadach. Thángthas ar an gconclúid go bhfuil baint ag an uimhir adamhach lelucht leictreach annúicléis, is é sin, lucht na bprótón. Is é an lucht a thugann na hairíonna ceimeacha don dúil, seachas an mais adamhach.

Roimh fhionnachtain Moseley, measadh go raibh uimhreacha adamhacha (nó uimhir eiliminteach) de dhúil mar uimhirsheicheamhach leath-treallach, bunaithe arsheicheamh na maiseanna adamhacha, ach mionathraíodh go pointe áirithe iad nuair a mheas ceimiceoirí go raibh an mionathrú seo inmhianaithe, mar a rinneDmítrí Meindeiléiv.

Ina fhionnachtain,Tábla Peiriadach na nDúl, mhalartaigh Meindeiléiv oird cúpla péire dúile; bhí sé in ann iad a chur in áiteanna níos oiriúnaí sa tábla. Mar shampla, sannadh na huimhreacha adamhacha 27 agus 28 do na miotailcóbalt agusnicil, faoi seach, bunaithe ar a n-airíonna ceimiceacha agus fisiceacha, cé go raibh namaiseanna adamhacha beagnach mar an gcéanna acu.

Déanta na fírinne, támais adamhach cóbailt beagán níos mó ná mais nicile, rud a chuirfeadh ord droim ar ais dá gcuirfí sa Tábla Peiriadach go liopasta iad de réir na maise adamhaí.

Léirigh turgnaimh Moseley ispeictreascópachtX-gha go díreach óna bhfisic go bhfuil na huimhreacha adamhacha difriúla agcóbalt agusnicil, 27 agus 28, agus go gcuirtear iad sa Tábla Peiriadach i gceart le tomhais oibiachtúla.

Dá réir sin, léirigh fionnachtain Moseley nach uimhreacha treallacha iad uimhreacha adamhacha na ndúl bunaithe ar cheimic agus intuigtheacht ceimiceoirí, ach ina ionad sin, tá bunús daingean turgnamhach acu ó fhisic a speictrim X-gha.[2]

Saol

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Fuair Moseleybás i nGallipoli sa bhliain 1915.

Féach freisin

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
  1. "Moseley's law" (as en) (2021-04-28).Wikipedia. 
  2. Colaiste Oiriall. "Stair an adamh". Dáta rochtana: 2021.
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Henry_Moseley&oldid=1010023"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp