Taidhleoir agus eolaí polaitíochtaGiúdach-Meiriceánach ab eaHenry (nó Heinz) Alfred Kissinger (a rugadh ar27 Bealtaine1923 inFürth naGearmáine agus a d'éag ar 29 Samhain 2023 saConnecticut), an taidhleoir is clúití sa 20ú haois. Faoi na huachtaráinRichard Nixon agusGerald Ford, bhí Kissinger ina Chomhairleoir um Shlándála Náisiúnta (1969–1975) agus ina Rúnaí Stáit (1973–1977).
Golda Meir, Nixon and Kissinger, Deireadh Fómhair 1973
Ba mhúinteoir scoile a athair agus bean tí a mháthair. Ba de shliocht Giúdach iad. Sa bhliain 1938, d'imigh muintir Kissinger ón nGearmáin de bharr na géarleanúna a bhíothas a chur i bhfeidhm i leith na nGiúdach faoi na Naitsithe sa tír úd. In Washington Heights, i dtuaisceart Manhattan, i gCathair Nua-Eabhrac a chuir theaghlach Kissinger fúthu.
An deachtóirPinochet ag buaileadh le Kissinger in 1976
Bhí ar Henry óg dul ar fiannas in Arm na Stát Aontaithe sa bhliain 1943 agus bhain sé amach saoránacht Mheiriceánach agus é ag buntraenáil an bhliain chéanna. Aithníodh a chliste a bhí sé agus nuair a cuireadh chuig an nGearmáin é moladh a chuid scileanna teanga. Cuireadh ag obair é i rannóg bailithe faisnéise míleata agus bhí sé páirteach in obair fhrithfhaisnéise freisin. Uaireanta, mar shampla, le linn Chath an Bulge, bhí an obair contúirteach.
Nuair a d'fhill sé ar Stáit Aontaithe d'fhreastail Kissinger arOllscoil Harvard. Bhain sé amach céim bhaitsiléara (1950), máistreacht (1952) agus dochtúireacht (1954).
Agus é ag dul anonn sna blianta, bhí tionchar ollmhór ag Kissinger sa 21ú haois, ag cur comhairle ar luchtBush agusTrump[1] agus ag cur sainchomhairle ar fáil don domhan i gcoitinne, Kissinger Associates.[2]
D'éag Kissinger ar29 Samhain2023, in aois 100 bliain dó.