Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Haifniam

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Dúil CheimiceachHaifniam

Cuir in eagar ar Wikidata
Substaint cheimiceachdúil cheimiceach,púdar inlasta agusdúil litifileach
Haifniam satábla peiriadach
Siombail cheimiceachHf
Uimhir adamhach72
Mais adamhach178.486
Cumraíocht leictreon[Xe] 4f¹⁴ 5d² 6s²
Peiriad, Grúpapeiread 6
grúpa 4
Airíonna fisiceacha
Dlús13 kg/m⁻³
Leáphointe4,041
Fiuchphointe8,316
Leictridhiúltacht1
Ga ianach0.58, 0.71 agus 0.83
Stair
AimsitheoirGeorge de Hevesy agusDirk Coster
Fionnachtain1922
EapainmCóbanhávan

Is é anhaifniamdúil cheimiceach uimhir a 72 satábla peiriadach, agus is í an tsiombail cheimiceachHf. Ba iad Dirk Coster agus Georg von Hevesy a rinne fionnachtain an haifniam i gCóbanhávan sa bhliain 1923, ach ó bhí folúntas i dtábla peiriadach na ndúl san áit seo, bhí a fhios ag na ceimiceoirí ó laethanta Mheindeiléiv anuas go dtiocfaí ar a leithéid de dhúil sa deireadh. Fuair an haifniam a ainm ó Chóbanhávan -Hafnia asLaidin.

Miotal trasdultach é an haifniam, agus é cosúil leis ansiorcóiniam ó thaobh na ceimice de. Mar sin tá haifniam ar fáil mar thruailleán sna mianta siorcóiniam. Mar shampla, bíonn beagáinín haifniam sa tsiorcóinia, an mianra siorcóiniam is tábhachtaí. Bíonn haifniam sna mianraítíotáiniam freisin, cosúil leis anilminít agus anrúitíl. Bíonn sé deacair an haifniam agus an siorcóiniam a dhealú ó chéile, mar sin - cuid mhór den haifniam atá ar fáil, bíonn sé truaillithe le siorcóiniam. Is í an difríocht is mó eatarthu ná an dlús, nó níl an siorcóiniam ach leath chomh trom leis an haifniam.

Tá cúigiseatóp cobhsaí ag an haifniam:176Hf (5.2 % den haifniam nádúrtha),177Hf (18.6 %),178Hf (27.3 %),179Hf (13.6 %) agus180Hf (35.1 %). Thairis sin, tá iarsmaí beaga den raidiseatóp fadsaolach úd174Hf ar fáil sa dúlra.

Is é +4 an uimhir ocsaídiúcháin is tábhachtaí atá ag an haifniam. Úsáidtear an chlóiríd haifniam (an teitreaclóiríd haifniam, HaCl4) mar amhábhar sna próisis cheimiceacha le hadaimh haifniam a cheangal de mhóilíní móra orgánacha. Na comhdhúile a chruthaítear ar an nós seo, is mar chatalaígh sa pholaiméiriú a úsáidtear iad, is é sin le luas a chur faoin gcineál imoibriúcháin a cheanglaíonn móilín beaga go slabhraí fada. Maidir leis an ocsaíd (an haifnia, nó an dé-ocsaíd haifniam HfO2, is substaint í a bhfuil leáphointe an-ard aici agus í an-támh ó thaobh na n-imoibrithe ceimiceacha de. Úsáidtear san optaic agus sa leictreonaic í.

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Haifniam&oldid=1166983"
Catagóirí:

[8]ページ先頭

©2009-2025 Movatter.jp