BhíGustav II Adolf (Gustaf Adolf Mór,Gustavus Adolphus Magnus nó fiúLeon an Tuaiscirt);9 Nollaig,1594 –6 Samhain,1632, ina Rí aran tSualainn ón bhliain1611 go dtí a bháis. Rugadh é iStócolm agus ba mhac le Séarlas IX de mhuintir Vasa agus Christina de mhuintir Holstein-Gottorp é.
Ghlac sé páirt thábhachtach saChogadh Tríocha Bliain. Phós sé Maria Eleonora, iníon le Toghthóir Brandenburg agus na Prúise Eoin Sigismund, agus roghnaigh sé cathair Elbing sa Phrúis (inniu, Elbląg sa Pholainn) do cheanncheathrú a airm saGhearmáin. Fuair sé bás i gCath Lützen sa Ghearmáin ar an 6 Samhain, 1632.
I rith a réimse, bhunaigh Gustav Adolf cathairGöteborg, chomh maith le bailte eile. Freisin, bhunaigh sé Ollscoil Tartu i dTartu,an Eastóin, nó ba chuid de Ríocht na Sualainne í an Eastóin san am.
 | Issíol faointSualainn é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh. |