Movatterモバイル変換


[0]ホーム

URL:


Jump to content
Vicipéid
Cuardaigh

Grigoriy Rasputin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaGrigoriy Rasputin

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ru)Григорий РаCuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith9 Eanáir 1869(Iúlach)
Pokrovskoye (Impireacht na Rúise)
Bás17 Nollaig 1916(Iúlach)
47 bliana d'aois
Cathair Pheadair (Impireacht na Rúise)
Siocair bháisDúnbhású ( agustráma balaistíoch)
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnCeartchreidmheach an Oirthir
Gníomhaíocht
Gairmmisteach,tuathánach,polaiteoir,diamhraí,manachCuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Rúisis agusBéarla
Teaghlach
CéilePraskovia Fyodorovna DubrovinaCuir in eagar ar Wikidata
PáisteMaria RasputinCuir in eagar ar Wikidata


Find a Grave: 7304586Cuir in eagar ar Wikidata
Rasputin

Bráthair siúil ab eaGrigoriy Yefimovich Rasputin (Gaelaithe uaireanta marRaspúitín) a bhí ina chomhairleoir agimpire deireanach naRúise,Nioclás a Dó.

Rugadh Rasputin ar an22 Eanáir,1869 (ar an 10 Eanáir, de réirFhéilire Iúil, a bhí in úsáid sa Rúis san am) i bPokrovskoye, cúige Tyumen, sa tSibéir. Dúnmharaíodh Rasputin i gCathair Pheadair ar an30 Nollaig,1916.

íocón inniu: is mórphearsa chultúir agus reiligiúnach é fós

Finscéalta

[cuir in eagar |athraigh foinse]

Bíonn finscéalta éagsúla á n-insint faoi Rasputin agus faoin tionchar a bhí aige ar Nioclás agus ar a chúirt.

Mar shampla

  • Deirtear gur cluanaí cealgach a bhí ann nach bhféadfadh aon bhean cur in aghaidh dá chuid cluanaireachta
  • De réir leagan eile, áfach, ní raibh ann ach druncaeir bocht a bhí ag dul ar an drabhlás le caoinchead an tSáir.
  • Deirtear freisin gur lia sí a bhí ann agus é ábalta maolú ar anhaemaifilia a bhí ag luí ar Alexey, oidhre an Impire, agus gurbh é sin ba chúis leis an tionchar a bhí aige ar anImpire.
na súile

Sloinne coitianta é Rasputin sa Rúis, go háirithe sa tSibéir. Is dealraitheach nach bhfuil gaol ar bith ag an scríbhneoirValentin Rasputin leis an mbráthair siúil.

Dúnmharú

[cuir in eagar |athraigh foinse]
tionchar ag Rasputin ar Nioclás agus ar a chúirt, is cosúil

Go dtí le déanaí, chreidtí gurbh é an Prionsa Feliks Yusupov a mharaigh Rasputin i gcomhcheilg le dornán comhchoirithe. Fear uasal Rúiseach a bhí ann agus é míshásta leis an tionchar a bhí ag leithéid Rasputin ar an Impire agus ar a bhean chéile ach go háirithe.

I ndiaidh bhás Rasputin, bhí Yusupov agus a chuid comhchoirithe ag cumadh scéalta áiféiseacha faoi chomh deacair is a fuair siad an bráthair siúil a mharú, agus iad ag iarraidh é a nimhiú le ciainíd, é a lámhach le piostail agus é a chnagadh le smachtíní. Chinn siad é a bhá inAbhainn Moika, ceann de na haibhneacha atá ag sní trí Chathair Pheadair.

De réir na fianaise atá ann inniu, áfach, ba é an Leifteanant Oswald Rayner, spiaireSasanach a raibh aithne aige ar Yusupov, a scaoil an t-urchar a bhuail éadan Rasputin agus a mharaigh ar an toirt é.

Tagairtí

[cuir in eagar |athraigh foinse]
    Tá a thuilleadh meán agCómhaoin Wikimediaa bhaineann le:Rasputin.
    Aisghafa ó "https://ga.wikipedia.org/w/index.php?title=Grigoriy_Rasputin&oldid=1290441"
    Catagóirí:
    Catagóir folaithe:

    [8]ページ先頭

    ©2009-2026 Movatter.jp