Tosaíodh ar íomhánna a cheapadh i gcamera obscura, a theilg íomhá trí lionsa laistigh de sheomra dorcha.[1] Ba mar chabhair líníochta d'ealaíontóirí a bhí sé.
Le forbairt na ceimice tugadh faoi deara go raibh tionchar ag an solas ar cheimicí áirithe, go háiritheclóiríd airgid. Ba éJoseph Nièpce a rinne an chéad ghrianghraf i samhradh na bliana1827. Ach ba é a chomhpháirtíLouis Daguerre a rinne forbairt ar dhóigh le plátaí grianghrafacha a tháirgeadh ionas go mbeadh íomhá buan ar fáil.
Bhí an-ráchairt ar an bpróiseas nua láithreach bonn agus tosaíodh ar phortráidí agus ar thírdhreacha a ghlacadh ar fud na hEorpa agusMheiriceá Thuaidh. Ba chuid riachtanach de ghiuirléidí nataiscéalaíochta é do chuid mhór de na daoine a bhí ag taisteal chuig na háiteanna ba iargúlta ar domhan. Bhí an próiseas an-chostasach áfach agus ní raibh ach íomhá amháin le fáil as.
D'fhorbairWilliam Henry Fox Talbot an claonchló i1835, rud a chuir ar chumas clódóirí macasamhla gan teoradh a dhéanamh de ghrianghraf ar bith. Ba arpháipéar a bhí an claonchló ar dtús, ach bhí torthaí níos fearr ar fáil ar ghloine, agus de réir a chéile rinneadh forbairt ar scannáin (ceallafán) agus ní raibh an oiread céanna ama ag teastáil chun grianghraf a ghlacadh. D'fhéadfaí gluaiseacht a reo i ngrianghraf agus bhí an-tóir air an bpróiseas úr sna nuachtáin.
Tháinig feabhas de réir a chéile ar chaighdeán na scannán agus b'fhéidir formáidí níos lú a úsáid. Ba mhinic claonchló 20 x 25cm á úsáid ag tús ama ach ba iad na formáidí 35mm agus 6 x 6cm na caighdeáin do ghrianghrafadóirí gairmiúla faoi lár an fichiú haois. Bhíodh ar na grianghrafadóirí fadó gach gné den phróiseas a fhoghlaim iad féin, staidéar a dhéanamh ar sholas agus ar lionsaí.
De réir a chéile d'fhás tionscal ollmhór a rinne forbairt ar réaladh na n-íomhánna, ar na scannáin agus ar luach nochtaithe na gceamaraí ionas gurbh fhusa go mór gnó an ghrianghrafadóra.
Sna1930idí, chuir grianghrafanna Dorothea Lange agusWalker Evans cló daonna ar anSpealaidh Mór agus bhí tionchar acu ar fhorbairt na grianghrafadóireachta faisnéise.
Sna1950idí, fuairHenri Cartier-Bresson agusRobert Capa cáil amach mar gheall ar a gcuid grianghraif tuairisciúla don eagraíocht Magnum.
Rinneadh gnéithe uathoibreacha den nochtadh agus den bhfócas sna1970idí agus tháinig a lángrianghrafadáin bheaga ar an mhargadh a bhí chomh cumasach le huirlisí an lucht gairmiúil.
Le forbairt naríomhaireachta, tháinigscanóirí ar an mhargadh a chuir ar chumas an ghnáthdhuine grianghraif a thaifeadadh mar cháipéisí digiteacha. Bhí an-tionchar ar fad aige sin ar an bhfoilsitheoireacht. As sin tháinig grianghrafadáin digiteacha atá anois (sa21ú haois) inchomórtas ó thaobh gnéithe agus chaighdeán na híomhá is atá grianghrafadáin 35mm.