Is imeacht rásaíocht ghluaisteán éGrand Prix Ceanada(Fraincis:Grand Prix du Canada) atá rite go bliantúil ó 1961.[1] Tá an rás mar pháirt deChraobh Domhanda Foirmle a hAon ó 1967. Ar dtús, curadh é ar siúl ag Páirc Mosport inBowmanville,Ontario, mar imeacht do chairr spóirt, agus ag déanamh sealaíochta idir Mosport agusRáschúrsa Mont-Tremblant,Québec, le Foirmle a hAon i gceannas an imeachta. I ndiaidh 1971, bogadh an Grand Prix go Mosport go buan mar gheall ar imní sábháilteachta. I 1978, de thairbhe imní sábháilteachta den shórt chéanna le Mosport, bogadh an Grand Prix Ceanada chuig a bhaile reatha agRáschúrsa Gilles Villeneuve arOileán Notre Dame iMontréal, Québec.
I 2005, ba é anGrand Prix Ceanada an Grand Prix Foirmle a hAon leis an lucht féachana is mó riamh. Bhí an rás an tríú imeacht spóirt leis an lucht féachana is mó ar fud an Domhain, ar chúl anSuper Bowl XXXIX sa chéad áit, agus Cluiche Ceannais Champions League UEFA na bliana sin.[2]
Curadh na himeachtaí 2020 agus 2021 ar ceal mar gheall ar anphaindéim COVID-19.[3][4] I ndiaidh cealú an Grand Prix Ceanada 2021, síneadh an conradh go dtí 2031.[5] Tháinig an Grand Prix Ceanada ar ais ar an fhéilire don shéasúir2022.
Issíol faoiFoirmle a hAon é an t-alt seoCuir leis, chun cuidiú leis anVicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchánGaeilge a dhéanamh.