Is eisceacht i measc cathracha na hÉireann í Gaillimh, mar ba iad na Gaeil iad féin ar dtús a thóg an chathair. Feictear Gaillimh den chéad uair sa stair thaifeadta mar an áit ar thógToirdhealbhach Ó Conchobhair (1088–1156), rí Chonnacht, dúnghaois in 1124 ag Bun Gaillimhe (béal Abhainn na Gaillimhe).[2]
Sna blianta 1169-70 tháinig lonnaitheoirí Angla-Normannacha ón mBreatain go hÉirinn. Rinne siad a gcéad éileamh ar Chonnachta i 1196 nuair a bronnadh deontas an chúige ar William de Burgo.
Sa bhliain 1230, throid mac William,Richard de Burgo, le muintir Ghaelach na Gaillimhe ach b'éigean dó tarraingt siar. D'fhill de Burgo sa bhliain 1232 agus thóg sé an chéad chaisleán cloiche dá raibh ann. Faoin mbliain 1235, bhí Risteard de Burgo tar éis cúige iomlán Chonnacht a chloí. Tugtar creidiúint do mhac Richard, Walter (a fuair bás sa chaisleán i nGaillimh sa bhliain 1271) gur bhunaigh sé an baile múrtha i nGaillimh tar éis dóibh a gcéad chairt mhúrmhaisithe a dheonú do na saoránaigh c. 1270, rud a thug an ceart dóibh dolaí a thobhach ar earraí chun tógáil bhallaí an bhaile a mhaoiniú.[3]
Le linn an 15ú haois go dtí an 17ú haois, d'éirigh go maith le ceithre theaghlach déag, ar a dtugtaí na 'Treibheanna' ina dhiaidh sin, trí thrádáil leis an Eoraip agus níos faide i gcéin. B'iad na 'Treibheanna' a luaitear ag trácht ar Ghaillimh ná clanna, go minic de bhunadh Normannach, a chuir fúthu sa gcathair féin. Bhí ról tábhachtach acu i bhforbairt bhaile na Gaillimhe trí fhoirgnimh phoiblí agus reiligiúnacha a choimisiúnú, trí go leor tithe móra a thógáil agus trí pháirt a ghlacadh i ngach gné den tsochaí ó rialachas agus riarachán an bhaile go gnóthaí eaglaise.
Ní raibh cairdeas idir iad agus na Gaeil a bhí lonnaithe ar angCladach, bruachbhaile iascaigh a bhí taobh amuigh de bhallaí na cathrach, agus sna ceantair máguaird.Béarla a bhí sa gcathair, agusGaeilge i ngach áit eile mórthimpeall.
Tháinig deireadh le rathúnas na Gaillimhe agus na dTreibheanna le léigear agus forghabháilChromail i 1652. Díbríodh go leor de na teaghlaigh as an mbaile. Nuair a cuireadhSéarlas II ar ais sa ríchathaoir i 1660 d'ordaigh sé maoin a chur ar ais dóibh siúd a ghéill i 1652. D'fhill cuid de na seanteaghlaigh agus thosaigh siad ag trádáil arís.
Tháinig meath ar an mbaile arís sa bhliain 1691, nuair a cuireadh naPéindlíthe i bhfeidhm. Faoi rialtóirí nua Protastúnacha agus faoi réir cánachais mhéadaithe, chuaigh go leor ceannaithe i muinín na smuigleála. Níor aisiompaíodh an meath sin go mór go dtí an 19ú haois agus anréabhlóid thionsclaíoch.
Tá an-chaint le tamall ar an líne traenach asSligeach go hInis i gContae an Chláir a athnuachan, rud a chuirfeadh feabhas mór ar an gcóras traenach. I mBaile Átha an Rí a bhí, agus a cheaptar go mbeidh an ceangal seo idir an dá líne.[4][5]
Idir 1996 agus 2022, i nGaillimh, ba mhó an méadú ar an daonra, méadú 47%. Cónaíonn 31% de dhaonra an Iarthair agus an iarThuaiscirt i nGaillimh in 2024 i gcomórtas le 29% díobh in 1996.[6]
Tá an leibhéal oideachais feabhsaithe as cuimse i nGaillimh sna 1990idí-2020idí. Tá céim ollscoile nó a comhionann ag 53% de mhuintir chathair na Gaillimhe agus ag 46% den phobal sa gcontae ar fad.[6] TáOllscoil na Gaillimhe (a dtugtaí Coláiste na hOllscoile, Gaillimh uirthi cheana) suite sa gcathair le 150 bliain, chomh maith leis an bpríomhchraobh d'Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo.
Tá dul chun cinn déanta agGaelscoileanna na Gaillimhe sna 2010idí. Cé nach bhfuil an cháil chéanna ar Choláiste Éinne agus a bhíodh, tá dornán bunscoileanna lán-Ghaelacha anois sa gcathair féin, agus tá Coláiste na Coiribe ina mheánscoil lán-Ghaelach.
Tá ardeaglaisChaitliceach sa gcathair a tógadh nuair a scoilteadh an chathair ó Dheoise Thuama, agus tá formhór lucht na cathrach ceangailte leis an eaglais sin. Tá líon beagProtastúnaigh sa gcathair, agus freastalaíonn cuid acu ar eaglais stairiúil San Niocláis.
Tá fás mór tagtha ar an gcathair sna 2000-2020idí, ó thosaigh tionscail ar nós an tionscal bogearraí ag cur fúthu ann. Bhíodh monarcha mór ag Digital Equipment asSAM ann 1971-1994.[8] Ach nuair a d'fhág siad an baile agus roimhe sin, bhí tionscail áitiúla tosaithe cheana féin.[6]
SruthannAbhainn na Gaillimhe (an Choirib ónmBéarlaRiver Corrib) tríd an gcathair, agus tá iascaireacht bhreá arLoch Coirib, aistear gairid ón gcathair. Bíonn an-chuid bádóireachta ar loch agus ar abhainn, agus bíonn báid seoil sa gcuan sa Samhradh, ach beagán sa nGeimhreadh mar gheall ar chruas na farraige. Tá turasóirí ag teacht go Bóthar na Trá, bruachbhaile ar iarthar na cathrach, le os cionn céad bliain, agus tagann siad i gcónaí le snámh, rince, agus turais lae chuig áiteanna marChonamara agusan Bhoireann in aice láimhe. Tá tithe "leaba agus bricfeasta" go fairsing, agus le cúig bliana déag anuas, tá an-chuid brúnna do thaistealaithe óga freisin.
Sa bhliain1830 bunaíodh Bord Chuan na Gaillimhe agus trí bliana ina dhiaidh sin tosaíodh ar thógáil na ndugaí nua, le cabhair iasacht rialtais, agus cuireadh críoch leis na dugaí sa bhliain1842.
Anuas ar limistéar an chalafoirt a fhorbairt, ba é a bhí sa mhórphlean i gcónaí riamh ná go gceanglófaí na córais uisce intíre ar fad a bhain leLoch Coirib agus leLoch Measca le chéile. Sa tslí sin d'fhéadfaí táirgí ó na ceantair seo a thabhairt chun calafoirt an bhaile i mbáid. Sa bhliain1820 bhíNimmo tar éis a mholadh go ngearrfaí canáil ar thaobh thoir an bhaile a nascfadhBarr an Chalaidh leis na dugaí a moladh, ach diúltaíodh don scéim seo agus ina áit sin cuireadh an chanáil ar thaobh thiar an bhaile. Tosaíodh ar an obair don tionscadal seo sa bhliain 1848 agus osclaíodh go hoifigiúil é ceithre bliana níos déanaí.