Ceann de nateangacha Gaelacha íGaeilge na hAlban[1] nóGàidhlig, mar a deir lucht labhartha na teanga féin. Foghrúpa de chuid na dteangacha Ceilteacha is ea na teangacha Gaelacha, mar atá,Gaeilge na hÉireann, Gaeilge na hAlban agusGaeilge Mhanann. Is iad na teangacha Briotánacha, mar atá,Breatnais naBreataine Bige, anChoirnis i gCorn na Breataine, agus anBhriotáinis saBhriotáin, na trí theanga chomhaimseartha san fhoghrúpa seo. Taobh istigh de gach foghrúpa den bheirt, tá na teangacha sách intuigthe ag cainteoirí a chéile, ach is deacair, fiú, an gaol atá ag an dá fhoghrúpa le chéile a aithint gan tuiscint éigin a bheith agat don teangeolaíocht Cheilteach.
Is í Gaeilge na hAlban teanga na nGael in Albain, agus cé gur i nGarbhchríocha na hAlban a mhaireann sí anois, bhí Gaeilge i bhfad á labhairt sa chuid is mó den tír ar feadh céadta.
Tá áit ar leith aici i gcultúr na hAlban, agus aithníonn an chuid is mó de mhuintir na hAlban é seo, eadar Ghael agus Ghall. Tá saibhreasbeul-aithris sa Ghaeilge, óir ba í teanga na mbard saGhàidhealtachd ar feadh na gcéadta bliain. Cuireadh muintir naGàidhealtachd trí chéile i ndiaidhChath Chùl Lodail agusFhuadach na nGael, agus chuaidh a dteanga agus a gcuid nósanna i léig tar éis na dtubaistí sin.
Ins an lá atá inniu fhéin, tá dímheas ag cuid de mhuintir na hAlban ar an Ghaeilge, agus iad aineolach ar shaibhreas na teanga agus a traidisiún liteartha.[2]
Is léir go bhfuil Gaeilge na hAlban i dtrioblóid mar theanga phobail sna 2020idí. Sna hEileanan Siar, an ceantar is láidre ó thaobh na teanga de, níl Gaeilge á labhairt ag ach 45% na ndaoine, cé go bhfuil ábaltacht éigin sa teanga ag mórán den chuid eile.
I ndiaidh neamhshuime agus dímheasa ar feadh na gcéadta bliain ó thaobh rialtais éagsúla, fuair Gaeilge na hAlban roinnt aitheantais oifigiúil sa 21ú haois. Tá sí á múineadh sna scoileanna, ina measc scoileanna mar ar mheán teagaisc í.
Tá feidhm á baint aisti freisin i rialtas áitiúil, Comhairle nan Eilean. Tá stáisiún raidió sa teanga ag anBBC, Radio nan Gàidheal (agus bíonn comhchraoltacháin go rialta aige leRaidió na Gaeltachta, seirbhís raidió Gaeilge na hÉireann) Bíonn cláracha teilifíse sa teanga ar an BBC agus ar stáisiúnITV, go minic le fotheidil as Béarla. Tá stiúidió i Steornabhadh ag Grampian Television, a chuireann seirbhís ITV ar fáil i dtuaisceart na hAlban.
Bunaíodh BBC Alba sa bhliain 2008, cainéal teilifíse a chraolann cláracha úra i nGaeilge na hAlban, chomh maith le cartúin ath-ghuthaithe sa teanga.
Tá úsáid na Gaeilge ar rudaí oifigiúla dála comharthaí bóthair níos coitianta ná mar a bhí sí tráth
Tá comharthaí bóthair Ghaeilge á gcrochadh ar fud na Gaeltachta de réir a chéile agus, de ghnáth, chan é ach glacadh leis an litriú ceart de na logainmneacha atá i gceist. Ach fiú leis seo, tagann gearáin as roinnt daoine. Déanann iriseoirí nuachtáin magadh go minic de chultúr agus de theanga na nGael, i mbealach nach gceadófaí maidir le haon ghrúpa eile, agus iarrann siad deireadh a chur le gach aon chúnamh ón rialtas.
Rinne an tSuirbhéireacht Ordanáis iarrachtaí le blianta beaga anuas botúin ar mhapaí a cheartú. D´fhógair siad i 2004 go ndéanfaidís iarrachtaí ceart a chur leis an aineolas a bhí ar an nGaeilge, agus cheapadar coiste le logainmneacha cearta a chur ar na mapaí.
Thar na blianta, ní bhfuair Gaeilge na hAlban an t-aitheantas céanna agus a fuair an Bhreatnais ó rialtas naRíochta Aontaithe. Ach ó tháinig féin-riail chun saoil, tá níos mó suime á chur i gcúrsaí Albanacha, agus tá ré-bhille Gaeilge foilsithe agParlaimint na hAlban.
Is iad príomhthréithe an Bhille ná:
Aitheantas dlíthiúil a thabhairt don Ghaeilge mar cheann de theangacha na hAlban;
Bòrd na Gàidhlig, a chuirfeadh an Ghaeilge ar aghaidh, a fhoirfiú de réir dlí, chun feidhm agus tuiscint ar an dteangan a chur ar aghaidh;
Iallach a chur ar Bhòrd na Gàidhlig Plean Náisiúnta Gaeilge a cheapadh chun go nglacfaí leis ag airí na hAlban;
Iallach a chur ar eagraisí poiblí in Albain plean teangan Gaeilge a phlé maidir leis na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.
Tar éis tréimhse comhairleacháin, nuair a cuireadh mórán iarratas chun an rialtais, an chuid is mó acu ag iarraidh an bhille a chur i dtreise, foilsíodh bille leasaithe, agus ba é an príomhleasú a deineadh ná go mbeadh treoir an Bhòird riachtanach anois de réir dlí (in ionad gan é a bheidh ach comhairleach).
Maíonn roinnt tráchtairí, mar shampla Éamonn Ó Gribín (2006), nach bhfágann Acht na Gàidhlig an teanga ar chomhchéim agus ar chomhstádas leis an mBéarla nó fiú leis an mBhreatnais sa Bhreatain Bheag, agus go mbeadh duine amaideach nó saonta ag dréim go mbeidh athrú suntasach ann i dtaobh rathúnais na teangan mar thoradh ar iarrachtaí Bhord na Gàidhlig.[3]
Tá corradh is 500 go 1,000 cainteoirí dúchais inAlba Nua, ach tá a bhformhór aosta anois. I mí na Bealtaine 2004, d'fhógair an rialtas réigiúnda tionscnamh cistiúcháin le tacú leis an dteangan agus lena chultúr sa chúige.
Tá ainmneacha pearsanta Gaelacha ar leith ar nós Donnchadh, Dòmhnall. Tógadh ainmneacha ar iasacht ón Sean-Lochlannais, m.sh. Somhairle, Tormod. Tá foirmeacha ar leith d’ainmneacha ag a bhfuil ainmneacha gaolmhara i dteangacha eile na hEorpa, mar: Eòghan, Iain, Catrìona, Anna.
Tugann an fhoirm ghairmeach d’ainmneacha Gaelacha áirithe foirmeacha Béarla ar nós:
Seumas -> Sheumais -> Hamish;
Màiri -> Mhàiri -> Vairi.
Is iad na sloinnte Gaelacha is coitianta in Albain ná iad siúd a thosaíonn leMac, ar nósMac Gille Eathainn (MacLean). Tosaíonn an fhoirm bhaininscneach leNic:Catrìona Nic a' Phì .
Tagann sloinnte eile in Albain as dathanna, mar shampla: Bain (bàn/bán), Roy (ruadh/rua), Dow (dubh/dubh), Dunn (donn/donn).
Is de bhunadh Cheilteach formhór na foclaíochta i nGaeilge na hAlban. Tá roinnt iasachtaí ón Laidin, go háirithe i gcúrsaí eaglasta (eaglais, Bìoball), ón Lochlainnis (eilean, sgeir), ón Scoitis (sgealp, briogais) agus, i gcoitinne le teangacha eile na hEorpa, is gnách nuafhoclaíocht a chumadh d’fhréamhacha Gréigise agus Laidine (telebhisean), fiú más tríd an mBéarla a tháinig siad. Cuireann fás in úsáid fhocla Béarla le gramadach Ghaelach orthu imní ar go leor. Mar shampla, is minic "watchigeadh" (faire) and "catcheadh" (breith) á úsáid ar Leòdhas, díreach mar a deireanns cuid de mhuintir Ghaeltachtaí na hÉireann "matchannaí" ar chipíní nó lasáin, agus "ar mo bhicycle" in áit "ar mo rothar".
Ar an taobh eile den scéal, bhí tionchar ag an nGaeilge ar an Scoitis agus ar an mBéarla, go háirithe ar Bhéarla Caighdeánach na hAlban.
I measc na bhfocla a tháinig ó Ghaeilge na hAlba, táwhisky,slogan,brogue,jilt,clan,strontium, mar aon le rudaí suntasacha i dtíreolaíocht na hAlban, mar shamplaben (beinn),glen (gleann) agusloch.
Foinse:An Etymological Dictionary of the Gaelic Language,Alexander MacBain.